Cumasóige

DAOINE A FHÁGANN AN SCOIL GO LUATH   

Is é Cumasóige an clár oifigiúil oideachais, oiliúna agus taithí oibre de chuid na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais do dhaoine óga a d’fhág an scoil go luath. Tá sé mar aidhm ag an chlár na bunscileanna atá de dhíth faoi choinne tuilleadh foghlama a thabhairt do dhaoine óga agus iad a ullmhú chun dul ar aghaidh go dtí breisoideachas/oiliúint nó fostaíocht. I gContae Dhún na nGall tá an clár á bhainistiú ag ETB Dhún na nGall. Tá sé ionad ann ar fud an chontae i mBaile Átha Seanaidh, i mBun Cranncha, i nGleann Gad, i nGort an Choirce, i Leitir Ceanainn agus i Leifear. 

Foirm Fiosrúcháin Iomláin

Cé atá ábalta páirt a ghlacadh i gCumasóige?

Tá an clár Cumasóige dírithe ar dhaoine óga idir 16-20 bliain d’aois a d’fhág an scoil go luath agus a bhfuil beagán cáilíochtaí nó cáilíochtaí ar bith acu.

Cad iad na cúrsaí atá ar fáil i gCumasóige?

Cuireann Cumasóige réimse leathan deiseanna foghlama agus oiliúna ar fáil do dhaoine óga. Cuirtear réimse dámhachtainí náisiúnta de chuid Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) ar fáil lena n-áirítear Leibhéil 1 nó 2 Foghlaim Ghinearálta, Leibhéal 3 Scileanna Gnóthaithe Poist agus Leibhéal 4 Foghlaim Ghinearálta. Athraíonn na hábhair ó ionad go hionad; ina measc tá: ealaín agus ceardaíocht, lónadóireacht, ríomhaireacht, cúram leanaí, gruagaireacht, sláinte agus folláine, litearthacht, uimhearthacht, scileanna oifige, gníomhaíochtaí allamuigh, forbairt phearsanta, ceardaíocht adhmaid agus i bhfad níos mó. Tá taithí oibre mar pháirt thábhachtach den Chlár Cumasóige fosta. I measc na gcáilíochtaí eile tá: Bunsláinteachas Bia, CETR, Garchabhair agus Gradaim Gaisce.

Ina theannta sin, cuireann ionaid clár cuimsitheach ar fáil maidir le cur chun cinn na sláinte, rud a chlúdaíonn réimsí ar nós meabhairshláinte dhearfach, sláinte ghnéis, alcól agus drugaí, sábháilteacht ar bhóithre, saoránacht agus bainistíocht airgid. Tá an spraoi ina pháirt thábhachtach de Chumasóige agus bíonn turais agus imeachtaí rialta ar nós tráth na gceist boird bliantúil ar fud an chontae, máistirchef, púl, comórtais bhabhlála agus pheile á reáchtáil i rith na bliana. 

Cad iad na roghanna dul chun cinn i ndiaidh Cumasóige a chríochnú?

A luaithe agus atá clár Cumasóige críochnaithe agat tig leat dul ar aghaidh chuig fostaíocht nó deiseanna breisoideachais eile – cuideoidh ár gcomhairleoirí gairmthreorach leat ar do bhealach.

Cad a chosnóidh cúrsa Cumasóige?

Níl aon chostais ag baint le páirt a ghlacadh i gclár Cumasóige.

An íocfar mé agus mé ag freastal ar chúrsa Cumasóige?

Agus tú ag freastal ar chlár Cumasóige gheobhaidh tú liúntas seachtainiúil oiliúna (€45 in aghaidh na seachtaine faoi láthair dóibh siúd 16 agus 17 mbliana d’aois agus €208 in aghaidh na seachtaine dóibh siúd 18+ mbliana d’aois), liúntas béilte agus taistil de réir mar is cuí. Is clár lánaimseartha, dhá bhliain é Cumasóige. 

No feed found with the ID 1. Go to the All Feeds page and select an ID from an existing feed.

Tá Cumasóige cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa.

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Jasmine faoi Chumasóige.

Léigh scéalta Jessica agus Callum faoi Chumasóige.

Léigh scéal Carmel faoi Chumasóige.

An dóigh le hiarratas a chur isteach

Foirm Fiosrúcháin Iomláin

Tig leat cur isteach ar Chumasóige ag am ar bith i rith na bliana. Le níos mó eolais a fháil déan teagmháil leis an Ionad Cumasóige is giorra duit atá liostaithe thíos, comhlánaigh an Fhoirm Fiosraithe thuas nó íoslódáil an bhileog eolais seo.

Sonraí Teagmhála

Béal Átha Seanaidh
Comhordaitheoir Gníomhach Chumasóige
Paula Burns 
Guthán: 071 9851286
Ríomhphost: pernilleburns@donegaletb.ie 

Bun Cranncha/Gleann Gad
Comhordaitheoir Chumasóige
Jayne O’Donnell
Guthán: 074 9362626
Ríomhphost: jayneodonnell@donegaletb.ie

Gort an Choirce
Comhordaitheoir Chumasóige
Caitriona Cullen
Guthán: 074 9135218
Ríomhphost:caitrionacullen303@donegaletb.ie

Leitir Ceanainn
Comhordaitheoir Gníomhach Chumasóige
Gillian Kennedy
Guthán: 074 9122585
Ríomhphost: gilliankennedy@donegaletb.ie

Leifear
Comhordaitheoir Gníomhach Chumasóige
Aidan Callaghan
Guthán: 074 9142114
Ríomhphost: aidancallaghan@donegaletb.ie