Group of people standing together

Treoir d’Aosaigh

AN BHFUIL CUIDIÚ NÓ COMHAIRLE DE DHÍTH ORT?

Cuireann an tSeirbhís Eolais agus Treoir d’Aosaigh eolas, comhairle, treoir agus comhairliúchán neamhchlaonta agus rúnda ar fáil maidir leis na roghanna oideachasúla atá ar fáil duit laistigh d’ETB Dhún na nGall agus le soláthraithe oideachais eile chomh maith.

Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís tacaíocht a thabhairt duit chun na cinntí cearta a dhéanamh maidir le filleadh ar oideachas agus oiliúint agus le cuidiú leat na cinntí sin a dhéanamh laistigh de chomhthéacs do shaoil ina iomláine.

Sonraí Teagmhála   

Mura bhfuil tú cinnte cén cúrsa ba chóir duit a dhéanamh nó má tá cuidiú de dhíth ort le fáil amach cén leibhéal is fóirsteanaí duit déan teagmháil linn, le do thoil.

Tig leat teagmháil a dhéanamh linn fríd an bhosca fiosrúcháin agus teachtaireacht ghairid a fhágáil dúinn; socróidh ár nOifigeach Eolais scairt ghutháin leat le do cheist a phlé ar bhealach níos cuimsithí. De rogha air sin tig leat teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh go díreach ar na huimhreacha thíos nó má bhíonn tú i Leitir Ceanainn, buail isteach le linn uaireanta oifige le labhairt lenár nOifigeach Eolais:

Leitir Ceanainn:

An Mol Gnó, An Pháirc Ghnó, Leitir Ceanainn  

Guthán: 074 9178088

Baile Dhún na nGall:

Ard Scoil na gCeithre Máistir, Sráid Thír Chonaill, Baile Dhún na nGall

Guthán: 074 9725520

Ríomhphost: adultguidance@donegaletb.ie

De rogha air sin, má tá tú ag fáil Liúntais Cuardaitheora Poist, beidh do Chásoifigeach ón Roinn Coimirce Sóisialaí ábalta tú a chur ar aghaidh chuig ár gcúrsaí.

Ag cur isteach ar Chúrsa  

Tá sé éasca cur isteach ar chúrsa le ETB Dhún na nGall – Roghnaigh an cúrsa a bhfuil spéis agat ann inár gCúrsa-Aimsitheoir, agus cuir isteach air ar líne nó déan teagmháil leis an duine cuí a luaitear sa Chúrsa-Aimsitheoir. Cuirfidh siad foirm iarratais amach chugat agus freagróidh siad aon cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat.

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéalta Una agus Karl faoin Treoir d’Aosaigh.

Léigh scéal Irene faoi Treoir d’Aosaigh.

Tacaíocht Ghairme d’Aosaigh le linn Phandéim COVID-19:

Seol Teachtaireacht chugainn

This field is for validation purposes and should be left unchanged.

Sainriachtanais Iontrála 

Reáchtálann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí oideachais agus oiliúna agus tá critéir iontrála éagsúla i gceist le gach ceann acu.  Cuirfear iarrthóirí faoi agallamh agus iarrfar orthu na rudaí seo a leanas a léiriú: a dtuiscint ar an chúrsa, cad atá á spreagadh le cur isteach ar an chúrsa agus a gcumas le riachtanais an chúrsa a bhainistiú.

Tuigeann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cé chomh tábhachtach agus atá sé do dhaoine fásta an cúrsa ceart ag an leibhéal ceart a roghnú. Más rud é go mothaíonn tú le linn an agallaimh nach bhfuil an cúrsa fóirsteanach duit cuirfidh muid ar aghaidh chuig Seirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall thú agus cuideoidh siad leat amharc ar do chuid roghanna.

Riachtanais Iontrála Speisialta de réir Cineál Clár FET