AG OBAIR LE FOSTÓIRÍ

Cuireann ETB Dhún na nGall réimse leathan seirbhísí ar fáil d’fhostóirí agus tá muid tiomanta do chúrsaí a chur ar fáil atá ábhartha do riachtanais earnáil na tionsclaíochta.

Faoin Tionscnamh maidir le Scileanna le Dul Chun Cinn a Dhéanamh, tig le ETB Dhún na nGall tacaíocht spriocdhírithe a thairiscint do ghrúpaí leochaileacha san fhórsa saothair, go háirithe iad siúd nach bhfuil mórán scileanna acu agus a bhfuil níos mó deiseanna de dhíth orthu le dul chun cinn a dhéanamh ina saol oibre. Tá tacaíochtaí ar fáil do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) a bhfuil roinnt cuidithe de dhíth orthu le hinfheistíocht a dhéanamh ina bhfórsa saothair agus iad a fhorbairt. Tig linn socruithe a dhéanamh le cláir shaincheaptha a sheachadadh d’fhostaithe i gcomhlachtaí aonair nó i ngrúpaí comhlachtaí.

Geobhaidh tú tuilleadh eolais inár mbróisiúr ar Sheirbhísí an Fhostóra, is féidir é a íoslódáil anseo.

Labhair Bainisteoir Oiliúna Limistéir ETB Dhún na nGall Vinny McGroary le podchraoladh ‘Business Matters’ Highland Radio ar an 20 Eanáir 2021, faoin dóigh a bhfuil muid ag tacú le gnólachtaí ar fud an chontae le huasoiliúint agus athsciliú a dhéanamh ar an fhoireann sa tréimhse dhúshlánach seo.

Léigh níos mó

Cuireann ár gcúrsaí ar líne, ar gcúrsaí páirtaimseartha agus tráthnóna deiseanna ar fáil le scileanna nua a theagasc d’fhostaithe agus tig le fostóirí comhoibriú le ETB Dhún na nGall maidir le cúrsaí oiliúna saincheaptha a dhearadh agus a sheachadadh, más gá.

Cuireann muid cláir lánaimseartha ar fáil do chuardaitheoirí poist i roinnt mhaith réimsí lena n-áirítear Teicneolaíochtaí TF agus cumarsáid, Riarachán Gnó, Cuntasaíocht, Innealtóireacht, Sláinte agus Leas, Teiripe Scéimhe agus Fáilteachas.  Áiríonn na cláir seo uilig socrúcháin oibre atá luachmhar dár bhfoghlaimeoirí agus dár bhfostóirí.

Ó chúrsaí riaracháin agus oiliúint a sheacadadh i gcás Printíseachtaí, Cúrsaí Oiliúna, Uas-sciliú Fostaithe trí chúrsaí páirtaimseartha/tráthnóna/ar líne, an clár Scileanna Don Obair agus Oiliúint Shaincheaptha tá muid ag iarraidh réimse roghanna a chur ar fáil le freastal ar na riachtanais atá ag fostóirí agus ag fiontair laistigh den chontae.

Ina theannta sin, fáiltíonn muid roimh iarratais ó fhostóirí ar spéis leo a dtaithí agus a saineolas a roinnt lenár bhfoghlaimeoirí.

 

Scileanna Nua a Theagasc d’Fhostaithe

Cuireann ETB Dhún na nGall réimse leathan cúrsaí Páirtaimseartha/Tráthnóna ar fáil trasna réimse earnálacha is féidir le fostóirí a úsáid lena bhfostaithe a oiliúint nó a uas-sciliú. Tá cuid de na cúrsaí sin ar fáil saor in aisce.

Faigh amach níos mó

 

Cúrsaí Oiliúna

Is éard is cúrsa oiliúna ann cúrsa lánaimseartha scileanna gairme a bhfuil sé mar aidhm aige réitigh sholúbtha oiliúna a chur ar fáil le freastal ar riachtanais shainaitheanta earnáil na tionsclaíochta in Éirinn agus riachtanais na ngnólachtaí áitiúla.

Faigh amach níos mó

 

Printíseachtaí

Foghlaim níos mó faoin réimse Printíseachtaí Gairme atá ar fáil agus sonraí teagmhála Fhoireann Seirbhísí Printíseachtaí Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. 

Faigh amach níos mó

 

An fostóir thú a bhfuil deis socrúcháin oibre aige?

Mar pháirt de roinnt mhaith cúrsaí s’againne, bíonn ar fhoghlaimeoirí taithí luachmhar a fháil i bhfíorthimpeallachtaí oibre mar pháirt dá gcúrsa oideachais/oiliúna. An mbeadh spéis agat i nduine dár bhfoghlaimeoirí a ghlacadh ar Shocrúchán Oibre?

Faigh amach níos mó

 

Aoichainteoirí

An spéis leat labhairt le foghlaimeoirí faoi cad a dhéanann tú nó faoi cad a dhéanann do ghnólacht? Ba bhreá linn é dá dtiocfadh leat do chuid saineolais a roinnt.

Faigh amach níos mó