Tá acmhainn nua uilechuimsitheach atá dírithe ar dhul chun cinn gairme agus foghlama seolta ag Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI). Tacóidh an suíomh gréasáin le foghlaimeoirí fad saoil, tuismitheoirí, múinteoirí, treoirchomhairleoirí agus fostóirí i réigiún trasteorann an Iarthuaiscirt, ag cinntiú go bhfuil na huirlisí agus an t-eolas acu chun cinntí eolasacha a dhéanamh faoina dtodhchaí.
D’fhorbair Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI) atá seanbhunaithe an suíomh gréasáin. Is comhghuaillíocht straitéiseach é Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI) de na ceithre sholáthraí oideachais atá maoinithe go poiblí i Réigiún Iarthuaisceart na Cathrach: Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Ollscoil Uladh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Is aidhm le BOTI forbairt an Iarthuaiscirt a bhrú chun tosaigh a thuilleadh, chun go mbeidh sé ina réigiún foghlama suntasach go hidirnáisiúnta, ag tógáil ar a láidreacht ag an bhomaite sa gheilleagar eolasbhunaithe. Tacóidh na comhpháirtithe leis an athrú dearfach seo, trí raon iomlán seirbhísí oideachais a chur ar fáil, oiliúint ardscileanna, tacaíochtaí nuálaíochta ceannródaíocha don fhiontraíocht, agus taighde ardcháilíochta a aithnítear go hidirnáisiúnta san áireamh.
I measc phríomhghnéithe an tsuímh ghréasáin tá fairsinge chlár na gcomhpháirtithe, conairí agus bealaí chun cinn d’fhoghlaimeoirí agus cás-staidéir spreagthacha faoi thurais oideachasúla na mac léinn sa réigiún.
Beidh an suíomh gréasáin mar phríomhthairseach chun eolas ar na cúrsaí digiteacha ardchaighdeáin a fháil agus cuirfidh na ceithre chomhpháirtí é ar fáil faoi Mhol Oiliúna Conair Fostaíochta Digiteach an Iarthuaiscirt (NW DEPTH) a seoladh le déanaí. Beidh an tionscadal seo, arna thacú ag PEACEPLUS, agus arna bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE), ar siúl ar feadh ceithre bliana. Is comhpháirtíocht mhaoinithe é PEACEPLUS idir an tAontas Eorpach, Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, Rialtas na hÉireann, agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann. Beidh an chéad chohórt foghlaimeoirí ag tosú i Meán Fómhair 2025, agus clúdóidh infheistíocht de chóir a bheith €10 milliún ó PEACEPLUS, táillí 2,000 duine chun breisoiliúint nó athoiliúint a fháil trí réimse nuálaíoch de chúrsaí scileanna digiteacha.
Ag labhairt dó faoin suíomh gréasáin, dúirt Paul Hannigan, Leas-Uachtarán um Rannpháirtíocht Trasteorann agus Ceannaire Choláiste OTA Dhún na nGall, “Baineann an suíomh gréasáin nua le cumhachtú trí chumarsáid, tá gach comhpháirtí in BOTI lántiomanta chun cinntiú go mothaíonn gach foghlaimeoir go dtuigtear iad, go bhfuil siad ag fáil treorach agus go bhfuil siad cumasaithe le linn a dturas oideachais tríú leibhéal.”
Chun tuilleadh eolais a fháil agus le bheith spreagtha chun an chéad chéim eile a ghlacadh i do thuras oideachais tríú leibhéal, téigh chuig www.mynwtec.com.