Tionscadal nua GRASP ar fiú €9.8 milliún é seolta chun dul i ngleic le Ganntanas Scileanna Glasa san earnáil tógála trasteorann

PeacePlus logo

Seoladh an Clár Scileanna Luasghéaraithe Glasa (GRASP) go hoifigiúil – tionscnamh trasteorann ar fiú €9.8 milliún é atá deartha chun aghaidh a thabhairt ar an easpa shuntasach scileanna glasa san earnáil tógála trasteorann faoi láthair.

Tacaíonn PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag an Chomhlacht um Chláir Speisialta an AE (SEUPB), le GRASP. Tugann an tionscadal líonra éagsúil comhpháirtithe le chéile ar fud naoi gcontae, ag feidhmiú ó CREST (Ionad um Fhuinneamh In-athnuaite agus Teicneolaíocht Inbhuanaithe) Inis Ceithleann. Tá an Príomhchomhpháirtí, Coláiste an Iardheiscirt (SWC), ag obair i gcomhar le Coláiste Réigiúnach an Deiscirt (SRC), Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (NWRC), Líonra Limistéar Teorann Láir na hÉireann (ICBAN), Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin (CMETB), Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (DETB), Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh, Liatroma (MSLETB), Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Future Cast.

I measc phríomhbhuaicphointí thionscadal GRASP tá:

  • Thart ar 50 clár Scileanna Glasa maoinithe a chur ar fáil atá ailínithe le riachtanais shonracha na hEarnála Tógála. I measc na gclár oiliúna cuimsitheacha seo tá réimsí ar nós Athchóiriú Baile, Dearadh Tithe Éighníomhacha, Suiteáil agus Cothabháil Caidéil Teasa Foinse Aeir, Bainistíocht Córas Fótavoltach agus Teicneolaíocht Tógála Digiteach.
  • Ag spreagadh agus ag tacú le mná a bhfuil suim acu san earnáil, trí Acadamh Scileanna Glasa sa Tógáil do Mhná a fhorbairt, le béim ar leith ar uasoiliúint agus ar threorú chuig róil nua agus róil atá ag teacht chun cinn.
  • Ag tabhairt isteach Acadamh Scileanna Glasa Gníomhachtaithe Saothair a bhfuil sé mar aidhm aige freastal ar an éileamh ar shaothar sa tionscal tógála trí chuid de na bacainní ar rannpháirtíocht i measc grúpaí imeallaithe tábhachtacha a laghdú.
  • Ag cur Clár Litearthachta Carbóin Teaghlaigh ar fáil a bheidh ag iarraidh úinéirí tí a chur ar an eolas faoin dóigh le teicneolaíocht a úsáid go héifeachtúil i dtithe nua-thógtha nó athchóirithe chun feidhmíocht a uasmhéadú agus astaíochtaí agus costais CO2 a íoslaghdú ag an am céanna.
  • Ag cur Clár For-rochtana Scoileanna Scileanna Glasa ar fáil chun forbairt píblíne tallann inbhuanaithe a chumasú chun freastal ar riachtanais atá ag athrú i gcónaí san Earnáil Tógála.

Le maoiniú PEACEPLUS de €19,804,982, cuirfidh GRASP oiliúint ar fáil trí mháistir-ranganna ar líne agus ceardlanna praiticiúla ar an láthair. Ina theannta sin, déanfar veain atá modhnaithe go speisialta agus atá feistithe le haghaidh oiliúna suiteála agus cothabhála caidéil teasa a sholáthar agus a dhéanamh réidh lena úsáid ag comhpháirtithe tionscadail agus ag páirtithe leasmhara eile ar fud réigiún na teorann.

Mar thoradh ar chur chuige trasteorann GRASP, beidh Straitéis Oiliúna Scileanna Glasa comhpháirteach ann a mbeidh an cumas aici oiliúint agus deimhnithe ardchaighdeáin, creidiúnaithe a chur ar fáil, rud a fhágfaidh go mbeidh comhlíonadh rialála, fás eacnamaíoch agus inbhuanaitheacht chomhshaoil ​níos fearr ann. Dá réir sin, cuirfidh sé le spriocanna uaillmhianacha astaíochtaí neodracht carbóin a bhaint amach atá socraithe do 2030 agus 2050.

Ag trácht ar sheoladh Chlár Scileanna Luasghéaraithe Glasa (GRASP) €9.8 milliún, dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD: “Is infheistíocht agus cumasóir é an tionscnamh PEACEPLUS, ag cur comhoibriú nuálach trasteorann agus trasphobail chun cinn. Is sampla soiléir in Éirinn é an tionscadal GRASP, ag tabhairt soláthraithe oideachais agus oiliúna le chéile ó dhá thaobh den teorann chun dul i ngleic leis an ghanntanas Scileanna Glasa san earnáil tógála. Tá an obair seo riachtanach chun inbhuanaitheacht ár mbonneagair tithíochta, Thuaidh agus Theas, a chinntiú.

“Tá áthas orm fosta fócas an chláir ar rannpháirtíocht na mban sa tógáil a chur chun cinn agus deiseanna nua printíseachta a fhiosrú. Tá forbairt réigiúnach uaillmhianach agus chuimsitheach ríthábhachtach, agus tá mé ag tnúth le tionchar fadtéarmach an tionscnaimh thábhachtaigh seo a fheiceáil.”

Ag labhairt ag an ócáid ​​seolta, dúirt an tAire Stáit do Bhreisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, Marian Harkin TD: “Tá lúcháir orm a bheith anseo go pearsanta chun an dul chun cinn atá á dhéanamh tríd an chlár PEACEPLUS a fheiceáil.

“Is deis nithiúil í seo do rialtais ar an dá thaobh den teorainn oibriú le chéile ar bhealaí cruthaitheacha a thugann fíorbhuntáistí do dhaoine, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí feadh na teorann agus i dTuaisceart Éireann. Ach ní bhaineann sé le beartas amháin; baineann sé le comhpháirtíocht. Caithfidh eagraíochtaí teacht le chéile chun réitigh chomhroinnte a fhorbairt, agus sin go díreach atá á fheiceáil againn anseo.

“Is sampla iontach é de sin an fócas atá ar Scileanna Glasa a fhorbairt san earnáil tógála, faoi stiúir Choláiste an Iardheiscirt agus le tacaíocht ó thrí Bhord Oideachais agus Oiliúna ón Iarthar agus ón Iarthuaisceart, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, Coláiste Réigiúnach an Deiscirt agus OTA Dhún na nGall.”

Dúirt an tAire Geilleagair an Dr Caoimhe Archibald: “Tá sé ríthábhachtach scileanna glasa a fhorbairt chun ár lucht saothair a ullmhú don aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.

“Trí uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar fáil d’oibrithe reatha agus d’oibrithe amach anseo, cuirfidh clár GRASP an saineolas atá riachtanach ar fáil don earnáil chun ár n-uaillmhianta maidir le Neodracht Carbóin a chur chun cinn.

“Is léiriú den scoth é an clár ar an dóigh a bhféadfadh comhoibriú thuaidh-theas maidir le scileanna dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte agus buntáistí straitéiseacha fadtéarmacha a sholáthar.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach SEUPB Gina McIntyre: “Léiríonn infheistíocht PEACEPLUS in GRASP tiomantas chun scileanna nua a chur ar fáil dár lucht saothair sa gheilleagar glas agus is léiriú cumhachtach é ar ár luachanna comhroinnte: cuimsiú, nuálaíocht, agus deis do gach duine. Tá sé mar aidhm ag GRASP 2,000 rannpháirtí a mhealladh agus i measc na dtionscnamh tá dhá Acadamh Scileanna Glasa a dhíreoidh ar ‘Mhná i dTionscal na Tógála’ agus ar ‘Ghníomhachtú Saothair’.

“Trí thionscadail den sórt sin, tá muid ag ullmhú do réigiún atá níos glaise, níos athléimní agus níos cuimsithí. Tá sprioc chomhroinnte ag gach tionscadal PEACEPLUS: chun todhchaí síochánta agus rathúil a chruthú, ceann ina bhfuil an deis ag gach duine, beag beann ar a gcúlra, foghlaim, fás agus a bheith faoi bhláth. Tá bród orainn a bheith ag tacú le GRASP, siocair go bhfuil níos mó i gceist ná oiliúint scileanna. Baineann sé leis na hacmhainní atá de dhíth ar dhaoine a thabhairt dóibh, chun páirt a ghlacadh san aistriú glas, agus chun cuidiú leis an aistriú sin a threorú.”

Chuir Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach Choláiste an Iardheiscirt, Celine McCartan, fáilte roimh sheoladh oifigiúil thionscadal GRASP: “Is céim spreagúil chun cinn é seoladh GRASP maidir leis an lucht saothair glas, atá de dhíth ar ár réigiún, a thógáil. Mar phríomhchomhpháirtí, tá Coláiste an Iardheiscirt bródúil as oibriú taobh le líonra comhoibritheach láidir chun scileanna nua a sheachadadh, deiseanna a chruthú, agus tacú le dul chun cinn nithiúil i dtreo Neodracht Carbóin.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcomhpháirtithe agus lenár maoinitheoirí, go háirithe SEUPB, as a bhfís agus a dtiomantas. Tá muid ag tnúth le dul i mbun oibre le fostóirí, le foghlaimeoirí agus le pobail ar fud an réigiúin agus muid ag cur na gclár nua seo i bhfeidhm – agus cuireann muid fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh san aistriú agus a bheith mar chuid de.”

PeacePlus logo