Tá a Réamheolaire nua FET foilsithe ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall don bhliain acadúil atá le teacht, 2025-2026, lena n-áirítear roinnt cúrsaí nua atá le tosú ar fud an chontae.
Soláthraíonn an Réamheolaire eolas sonraithe ar bheagnach 80 cúrsa lánaimseartha agus páirtaimseartha i réimsí éagsúla idir Leibhéal 3-6 agus tá go leor díbh cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach.
Clúdaítear réimsí foghlama sna cúrsaí amhail riarachán, gnó agus airgeadas; ealaín, ceardaíocht agus dearadh; tógáil agus an timpeallacht thógtha; cúrsaí do dhaoine faoi mhíchumas; foghlaim agus cúram na luath-óige; innealtóireacht agus déantúsaíocht; gnáthfhoghlaim; scileanna glasa; gruaig agus scéimh; cúram sláinte agus sóisialta; gairneoireacht; TF agus ríomhaireacht; eolaíocht; spóirt, áineas agus corpacmhainn; turasóireacht; iompar; tréidliacht agus an clár Cumasóige do luathfhágálaithe scoile.
I measc na gcúrsaí nua atá le feiceáil i Réamheolaire na bliana seo tá cúrsaí nua Conaire i r-Ghnó (lánaimseartha) agus i mBreisoideachas agus Oiliúint (páirtaimseartha) i mBaile Dhún na nGall (Ionad FET Dhroim Chliabh). Tá sé mar aidhm ag na cúrsaí Leibhéal 4 seo mic léinn a chur ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid staidéir agus deiseanna fostaíochta a fhiosrú i réimse an r-Ghnó nó i réimsí gairmoideachais éagsúla. Forbraíodh iad i ndiaidh cúig chúrsa nua Conaire a tugadh isteach go rathúil anuraidh i Leitir Ceanainn (Ionad FET Bhóthar an Phoirt) i Staidéar Gnó, Staidéar Sláinte agus Corpacmhainne, Cúram Sláinte agus Staidéar Altranais, Cúntóireacht Riachtanas Speisialta agus Staidéar na Luathfhoghlama agus Eolaíochtaí Sóisialta.
Mar gheall ar an éileamh leanúnach atá ar chúrsaí i gcúntóireacht riachtanas speisialta, tá oiliúint ardleibhéil sa réimse seo, dámhachtain nua Leibhéal 6, tugtha isteach i Srath an Urláir, agus tá cúrsaí nua TF ar fáil i nDearadh Ríomhchuidithe 2T fosta agus oiliúint mar Speisialtóir TF in Python.
Tá eolas ar phrintíseachtaí, conas cáilíochtaí a bhaint amach leis an phróiseas um Aitheantas Réamhfhoghlama agus tacaíochtaí rannpháirtíochta fiontair san áireamh fosta.
Is é misean ETB Dhún na nGall deiseanna oideachais agus oiliúna a thairiscint do mhic léinn a chuideoidh leo barr a gcumais a bhaint amach agus ionchur a bheith acu i dtaca le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch a gcuid pobal, agus anuraidh ghlac beagnach 19,000 duine páirt inár gcúrsaí FET ar fud an chontae.
Is féidir Réamheolaire FET an ETB a fheiceáil anois sa rannán Foilseacháin agus Acmhainní ar a shuíomh gréasáin anseo nó trí theagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh trí ríomhphost a chur chuig adultguidance@donegaletb.ie nó trí scairt a chur ar 074 9178088 le breis eolais a fháil.
Is féidir le hiarratasóirí cur isteach ar na cúrsaí sin fosta ar shuíomh gréasáin an ETB (https://www.donegaletb.ie/fetcoursefinder).