Tá áthas ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a fhógairt go bhfuil Aoife De Náis ceaptha mar Leas-phríomhoide nua ar Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn.
D’fhág Aoife a post mar Leas-Phríomhoide ar Ghairmscoil Chú Uladh, post a thosaigh sí sa bhliain 2022, tar éis di a bheith ag obair ann mar Mhúinteoir Corpoideachais agus Matamaitice i ndiaidh di céim a bhaint amach ó Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2001. Chomh maith le ról gníomhach a bheith aici i gCorpoideachas NCCA agus PDST, tá céim Mháistreachta i Scoileanna a Chuireann an tSláinte Chun Cinn agus cáilíocht iarchéime i gCeannaireacht Scoile ó Ollscoil Uladh ag Aoife.
Is scoil lán-Ghaeilge í Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn atá á bainistiú ag ETB Dhún na nGall. Is é Seán Mac Suibhne Príomhoide na scoile. Freastalaíonn beagnach 330 dalta ar an scoil agus oibríonn tríocha ball foirne ann. Tagann Aoife in áit an Iar-Leas-Phríomhoide, Rosa McLaughlin.
Agus í ag cur in iúl go raibh lúcháir uirthi faoina ceapachán, dúirt Aoife, “Tá mé ar bís chun teacht ar bord le foireann bainistíochta Choláiste Ailigh agus tacú le díograis leanúnach na scoile fá dtaobh de bharr feabhais acadúil agus de chultúr na hÉireann. Is mór agam an bhéim a chuireann an scoil ar thacaíocht a thabhairt i ngach gné d’fhorbairt na ndaltaí agus an cur chun cinn láidir atá á dhéanamh aici ar an nGaeilge.”
Agus é ag déanamh comhghairdeas le hAoife ar a ceapachán, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall. an Dr Martin Gormley: “Cuirim fáilte ó chroí roimh Aoife chuig foireann shinsearach cheannaireachta agus bhainistíochta Choláiste Ailigh. Déanaim comhghairdeas léi as an cheapachán tuillte seo agus guím gach rath uirthi ina ról nua agus í ag obair go dlúth leis an Phríomhoide Seán Mac Suibhne. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil fosta le Rosa McLaughlin, an Leas-Phríomhoide atá ag imeacht, as an obair iontach atá déanta aici i bhforbairt na scoile le roinnt blianta anuas.
Tá Coláiste Ailigh ar cheann de chúig scoil déag as fiche seacht iar-bhunscoil sa chontae atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa scoilbhliain roimhe sin, 2024-2025, d’fhreastail breis agus 6,000 dalta ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.
Cuirfidh Aoife tús lena post ag tús na scoilbhliana nua.