Tá áthas ar Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil an Sinéad Ní Dhochartaigh ceaptha mar Leas-Phríomhoide nua ar Ghairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir. Téann sí in áit Aoife de Náis, a bhog go post Leas-Phríomhoide i gColáiste Ailigh i Leitir Ceanainn ar na mallaibh.
Is as Gleann Fhinne ó dhúchas í agus is iarscoláire de chuid na scoile í. Tá Baitsiléir Ealaíon sa Tíreolaíocht agus sa Ghaeilge, Máistreacht Ealaíon sa Ghaeilge, agus Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ag Sinéad, iad ar fad ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Thosaigh sí ar a gairm bheatha sa mhúinteoireacht i mBaile Átha Cliath sular fhill sí ar Chontae Dhún na nGall. Ó 2019 i leith, tá sí ag teagasc Gaeilge agus Tíreolaíochta i Scoil Chuimsitheach Cholmcille sna Gleanntaí, áit a raibh sí mar chuid den Fhoireann Meáncheannaireachta fosta le post aici mar Chomhordaitheoir Béarla mar Theanga Bhreise (EAL). Bhí baint mhór aici le spóirt scoile agus le cur chun cinn na Gaeilge, agus d’oibrigh sí do Choimisiún na Scrúduithe Stáit ar feadh chóir a bheith deich mbliana mar scrúdaitheoir béil agus scríofa na Gaeilge.
Is Gaelscoil í Gairmscoil Chú Uladh i mBéal an Átha Móir atá á bainistiú ag ETB Dhún na nGall. Is é Ciarán Mac Ruaidhrí príomhoide na scoile, agus tá an scoil suite i gcroílár Ghaeltacht Láir Dhún na nGall. Freastalaíonn beagnach céad scoláire ar an scoil agus tá níos mó ná trí bhall foirne is fiche fostaithe.
Cuireann an scoil réimse ábhar ar fáil go dtí ardleibhéal Ardteistiméireachta, Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Stair, Tíreolaíocht, Bitheolaíocht, Ceimic, Eolaíocht Talmhaíochta, Fraincis, Gnó, Ealaín, Adhmadóireacht, Grafaicí, Ceol, Corpoideachas, Eacnamaíocht Bhaile, Dearadh Grafach agus Cumarsáid, agus Gairmchlár na hArdteistiméireachta ina measc.
Agus í ag labhairt ar a ceapachán, dúirt Sinéad, “Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar Leas-Phríomhoide Ghairmscoil Chú Uladh. Mar iardhalta bródúil agus mar dhuine de bhunadh na háite, mothaím nasc láidir leis an scoil agus tá mé ag dúil le bheith ag obair lenár scoláirí agus lenár dteaghlaigh sa phobal.”
“Tá mé ar bís le bheith ag obair lenár bPríomhoide, Ciarán Mac Ruaidhrí, agus le foireann dhíograiseach na scoile chun leanúint lena gcuid oibre iontach chun an Ghaeilge a chur chun cinn, Gaeloideachas ardchaighdeáin a sholáthar, agus a chinntiú go mothaíonn gach scoláire go bhfuil tacaíocht acu chun a lánacmhainneacht a bhaint amach. Sa ról seo, tá mé tiomanta d’fhís ár scoile a chur chun cinn, tacú le luachanna ETB Dhún na nGall, agus níos mó daoine óga a spreagadh chun sult a bhaint as na buntáistí uilig a bhaineann leis an tumoideachais trí mheán na Gaeilge.”
Tagann an paisean atá ag Sinéad don Ghaeilge chun an teanga a chur chun cinn ina pobal áitiúil ón bhaint a bhí aici le Coiste Pleanála Theanga na Gaeltachta Láir thar roinnt blianta. Tá sí ag dúil anois le leanúint leis an obair sin i nGairmscoil Chú Uladh, ag iarraidh níos mó daoine óga a spreagadh chun taithí a fháil ar na buntáistí ar fad a bhaineann leis an tumoideachas trí Ghaeilge agus a meánscolaíocht a chríochnú trí mheán na Gaeilge.
Ag gabháil buíochais d’fhoireann Ghairmscoil Chú Uladh as an fháilte chroíúil agus an tacaíocht, ghuigh Sinéad gach rath ar an leas-phríomhoide atá ag dul as oifig, Aoife de Náis, agus í ag dul i mbun a post nua i gColáiste Ailigh.
Rinne an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna le ETB Dhún na nGall, comhghairdeas le Sinéad ar a ceapachán, ag rá: “Tá áthas orm fáilte a chur roimh Sinéad chuig foireann shinsearach ceannaireachta agus bainistíochta Ghairmscoil Chú Uladh. Is ceapachán tábhachtach é seo, agus déanaim comhghairdeas ó chroí léi agus í ag glacadh leis an ról lárnach seo, ag obair go dlúth leis an Phríomhoide Ciarán Mac Ruaidhrí. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil fosta le hAoife de Náis, an Leas-Phríomhoide atá ag dul as oifig, as an mhéid suntasach a rinne sí i bhforbairt na scoile le blianta beaga anuas.”
Tá Gairmscoil Chú Uladh ar cheann de chúig scoil déag as fiche seacht iar-bhunscoil sa chontae atá faoi bhainistíocht ETB Dhún na nGall, an soláthraí oideachais agus oiliúna is mó sa chontae. Sa scoilbhliain roimhe sin, 2024-2025, d’fhreastail breis agus 6,000 scoláire ar iar-bhunscoileanna ETB Dhún na nGall.
Tá Sinéad ag tosú ar a post láithreach.