Cuireann Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) fáilte roimh shíniú conartha tógála idir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Boyle Construction chun Acadamh Printíseachta nua a fhorbairt i Leitir Ceanainn.
Tá breis is 1,600 méadar cearnach san fhoirgneamh agus tá spás breise agus áiteanna páirceála mar chuid de, agus beidh níos mó ná 200 printíseach in ann freastal ar an Acadamh gach bliain. Beidh ceardlanna agus timpeallachtaí foghlama ardleibhéil san áis do phrintíseachtaí in Oibriú Miotail agus i gCuisniúchán agus Aerchóiriúchán.
Is campas comhroinnte é an tionscadal suntasach seo ina mbeidh oiliúint printíseachta ETB agus Ollscoil Teicneolaíochta ar siúl taobh le taobh agus beidh sé ar an chéad cheann dá leithéid in Éirinn. Thionscain ETB Dhún na nGall, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, agus SOLAS (An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna) é i gcomhpháirt in 2022.
Ag labhairt ag an síniú, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh: “Is cloch mhíle mhór í síniú an chonartha tógála seo d’oiliúint printíseachta i nDún na nGall agus i réigiún níos leithne an Iarthuaiscirt. Cuirfidh an comhoibriú nuálach seo idir ETB Dhún na nGall, OTA Dhún na nGall, agus SOLAS áiseanna oiliúna den scoth ar fáil a chomhlíonfaidh riachtanais printíseach agus fostóirí araon. Tá muid bródúil as ról ceannródaíoch a imirt i múnlú thodhchaí an oideachais printíseachta in Éirinn.”
D’aithin Anne McHugh fosta an tacaíocht luachmhar a fuair SOLAS agus an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) chun an tionscadal a thabhairt chuig an chéim seo: “Ba mhaith linn aitheantas a thabhairt dár gcomhghleacaithe i SOLAS agus RBATNE agus buíochas a ghabháil leo as a gcomhpháirtíocht agus a dtacaíocht leanúnach le linn fhorbairt an tionscadail seo.”
Tá ETB Dhún na nGall ag dréim le mí Eanáir 2026 nuair a bheidh an tAcadamh Printíseachta nua réidh agus le bheith ag obair go dlúth lena chomhpháirtithe in OTA Dhún na nGall chun deiseanna printíseachta a leathnú agus chun tacú le fás eacnamaíoch réigiúnach.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.
–
Sonraí na híomhá: Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh