Lá Fiontraíochta 2025 de chuid ETB Dhún na nGall buaite ag Gairmscoil Mhic Diarmada

Group of students and an adult sitting and standing, with a trophy.
Group of students and an adult sitting and standing, with a trophy.
Buaiteoirí Lá Fiontraíochta 2025 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Gairmscoil Mhic Diarmada.

Tá Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhóir, i ndiaidh Lá Fiontraíochta 2025 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall a bhuachan do scoláirí iar-bhunscoile.

Chuaigh an dara háit go Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, agus tháinig Coláiste Cranncha i mBun Cranncha sa tríú háit.

Bhí an t-imeacht, a tháinig ar ais i ndiaidh sos cúig bliana, ar siúl Dé Céadaoin, an 22 Deireadh Fómhair ar champas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i nDún na nGall.

Ba é aidhm an lae coincheap na fiontraíochta a thabhairt isteach ar bhealach spraíúil do dhaoine óga le tacaíocht ó fhiontraithe agus ó lucht gnó ar fud Dhún na nGall.

Ghlac beagnach dhá chéad tríocha scoláire ó shé scoil déag ar fud an chontae páirt san imeacht ó Ghairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall; Coláiste Eoghain, Bun Cranncha; Coláiste na Carraige; Coláiste Cranncha, Bun Cranncha, Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth, Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir, Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Mhóir ; Gairmscoil Mhic Diarmada, Oileán Árainn Mhór; Coláiste Magh Éne, Bun Dobhráin Coláiste Pobail Bhun an Phobail.Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach Pobalscoil na Rosann, an Clochán Liath; Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn; Gairmscoil Chaitríona, na Cealla Beaga agus Coláiste Cholm Cille, Srath an Urláir.

Person speaking a a podium
Aoichainteoir Lá Fiontraíochta 2025 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Marty O’Reilly.

Ba é Marty O’Reilly, úinéir O’Reilly Sports i mBealach Féich, an t-aoichainteoir ag an ócáid. D’iompaigh an iarimreoir peile do Dhún na nGall isteach ina fhiontraí, agus é ina bhall de Phainéal Sinsear Peile Dhún na nGall a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsear Peile na hÉireann 2012 i gcoinne Mhaigh Eo, agus roinn sé a thaithí fiontraíochta agus leideanna luachmhara leis na scoláirí.

Chuir fear an tí don lá, Lee Gooch de chuid Highland Radio, tús leis an imeacht le bristeoirí oighir agus bhí achan foireann dírithe ar tháirge a fhorbairt ó na hábhair a cuireadh ar fáil dóibh.

People sitting at a desk in a room of students.
Breithiúna Lá Fiontraíochta de chuid ETB Dhún na nGall 2025.

Tugadh meantóir gnó do na foirne chun iad a threorú i rith an lae. Rinneadh iad a mheas ansin i socrú cosúil le Dragon’s Den. Áiríodh leis sin a dtáirgí a chur i láthair painéil breithiúna gnó. Ansin, rinne na trí fhoireann dheireanacha a dtáirgí a chur i láthair na breithiúna agus na rannpháirtithe go léir.

Bhí sé doiligh do na moltóirí rogha a dhéanamh mar gheall ar an ardchaighdeán oibre a cuireadh faoina mbráid, ach sa deireadh tháinig Gairmscoil Mhic Diarmada amach mar bhuaiteoirí soiléire le sop óil frithspíceála nuálach.

Group of students and an adult sitting and standing, with a trophy.
Lá Fiontraíochta 2025 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, an fhoireann sa dara háit, Coláiste Ghleann na Finne.

D’fhorbair foireann Choláiste Ghleann na Finne ‘Cupán Fluxi’ nuálach, a dearadh chun deochanna a choinneáil te nó fuar agus lena n-áirítear ceallra in-athluchtaithe. Dhear na buaiteoirí sa tríú háit, Coláiste Crannach, córas tacaíochta meabhairshláinte, ar a thug siad ‘S Cubed’, deartha ag scoláirí do scoláirí.

Ag labhairt dó faoin Lá Fiontraíochta, dúirt Stiúrthóir Scoileanna de chuid ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Táimid an-sásta gur thug ETB Dhún na nGall an ócáid iontach seo ar ais. Bhí sé iontach an oiread sin scoileanna a fheiceáil ann. Bhain na scoláirí sult as an lá, agus tá súil againn go gcabhróidh sé le roinnt nuálaíochta agus cruthaitheachta a spreagadh ina measc. Táimid buíoch do ATU as a gcuid áiseanna a úsáid. Chuaigh an príomhaitheasc ó Marty O’Reilly i bhfeidhm ar na scoláirí fosta, agus chuir na fostóirí go léir leis an mhéid sin chomh maith mar mheantóirí gnó.”

“Bhí na scoláirí óga a bhí i láthair ar aon dul le spiorad an lae, agus bhí na múinteoirí go léir a bhí páirteach an-bhródúil as an méid a chuir siad leis,” a dúirt sé fosta.

Group of students and an adult sitting and standing, with a trophy.
Buaiteoirí Lá Fiontraíochta 2025 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, an fhoireann sa tríú háit, Coláiste Cranncha.

Ba mhaith le ETB Dhún na nGall agus leis an choiste eagraithe buíochas a ghabháil le hachan scoláire, múinteoir, foireann Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin (a chuir cluichí ar fáil i rith an lae), Lee Gooch (Fear an Tí), agus ATU as a gcúnamh agus a dtacaíocht don lá.

Gabhaimid buíochas ar leith leis na meantóirí gnó agus leis na breithiúna a thug suas a lá chun tacú leis an imeacht, lena n-áirítear na breithiúna Jimmy Stafford, Banc na hÉireann; Toni Forrester, Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn; Maria Rushe, Rushe Fitness; Aisling Arnold, Óstán Arnolds; Jane McClean, Foróige, agus Ian Harkin, Lottie Dolls.

People looking at a puzzle.
Cluichí le OETC Ghartáin ag Lá Fiontraíochta 2025.

Tig leat tuilleadh eolais agus grianghraif den lá a fháil ar chuntais meán sóisialta de chuid ETB Dhún na nGall trí #ETBEnterprise25.