Céim bronnta ar bheagnach Trí Chéad Printíseach Ceardaíochta

Apprentices throwing caps in the air
Apprentices throwing caps in the air
Céimithe printíseachta ETB Dhún na nGall.

Bhain beagnach trí chéad printíseach ceardaíochta as Dún na nGall, Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim céim amach ó 15 chlár printíseachta ag searmanas Dé hAoine, 14 Samhain.

Ag an searmanas in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn, d’fhreastail 129 printíseach ar an ócáid cheiliúrtha lena dteaghlaigh agus lena gcairde, 59 acu oilte le printísigh Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus 70 acu oilte le ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB).

Ní raibh 166 printíseach eile (36 as Dún na nGall agus 130 as Maigh Eo, Sligeach agus Liatroim), a cháiligh ar na mallaibh, in ann freastal ar an tsearmanas mar gheall ar fhostaíocht agus gealltanais eile.

Rinne Bord Oideachais agus Oiliúna Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma (MSLETB), i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, teastas a bhronnadh ar na céimithe, rud a chuir deireadh lena n-oiliúint agus a chuir tús lena gairmeacha beatha oilte.

Bhí réimse leathan ceirdeanna i gceist leis na printísigh, lena n-áirítear Meicnic Thalmhaíochta, Cearpantóireacht agus Siúinéireacht, Feistiú Gléasra Foirgníochta, Leictreach, Ionstraimíocht Leictreach, Córais Slándála Leictreonaí, Meicnic Feithiclí Troma, Uathoibriú Meicniúil agus Oirtheoir Cothabhála, Oibriú Miotail, Mótarmheicnic, Pluiméireacht, Cuisniú agus Aerchóiriú, Gearradh Cloch agus Saoirseacht Chloiche, Uirliseoireacht, agus Déantúsaíocht agus Bailchríochnú Adhmaid.

Person speaking at a podium
Príomh-Fheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá muid thar a bheith bródúil as ár bPrintísigh uilig a bhain céim amach inniu. D’oibrigh siad go crua chun a bheith ag an phointe seo, agus aithníonn muid an tacaíocht a thugann teaghlaigh agus cairde le linn a dturais phrintíseachta. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil leis an fhoireann Printíseachta taobh istigh de ETBanna dá gcuid agus, ar ndóigh, lena bhfostóirí, nach mbeadh aon Phrintíseachtaí ann gan iad. Tá ról ríthábhachtach ag achan duine, mar sin inniu molann muid iad siúd go léir a oibríonn chomh crua chun Printísigh a ullmhú le haghaidh gairme a bhfuil súil againn a bheidh fiúntach agus torthúil. Ní raibh éileamh chomh mór riamh ar phrintíseachtaí scileanna agus atá anois, agus tá tú an-ullmhaithe anois le bheith ag obair in Éirinn nó in áit ar bith ar domhan ar mhaith leat dul ann. Guíonn muid gach rath oraibh uilig agus sibh ag tabhairt faoin chéad chuid eile de bhur ngairm bheatha.”

Agus é ag labhairt ag an ócáid dúirt Príomh-Fheidhmeannach MSLETB, Tom Grady, “Tá ról ríthábhachtach ag printíseachtaí toisc go dtugann siad an t-eolas, na scileanna agus an saineolas do phrintísigh a éilíonn tionscail, rud a thugann bealach dóibh gairmeacha beatha tairbheacha a fháil. Ba cheart go mbeadh bród ar na printísigh as an turas seo a roghnú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na fostóirí agus na meantóirí a thug tacaíocht do na céimithe seo le linn a bprintíseachtaí. A Phrintíseacha, tá bhur ndíograis agus bhur n-obair chrua le moladh agus is fíoreiseamláir sibh do bhur bhfostóir, do na cláir phrintíseachta seo agus do ETBanna dár gcuid. Go n-éirí libh in bhur ngairmeacha beatha agus in bhur n-iarrachtaí amach anseo.”

Leagadh béim arís eile le linn na hócáide ar an chomhoibriú láidir idir ETB Dhún na nGall agus ETB Mhaigh Eo, Shligigh agus Liatroma maidir le hoiliúint phrintíseachta a chur ar fáil agus tacú léi ar fud an Iarthuaiscirt, riachtanais oideachais agus tionscail a ailíniú agus deiseanna luachmhara a chruthú d’fhoghlaimeoirí agus do phobail ag an am céanna.

Bainisteoir Printíseachta ETB Dhún na nGall Vinny McGroary.

Agus béim á leagan aige ar an tionchar níos leithne atá ag printíseachtaí ar phobail agus ar gheilleagair, dúirt Bainisteoir Oiliúna Ceantair ETB Dhún na nGall Vinny McGroary: “Tá an córas náisiúnta printíseachta go fóill ar cheann de na scéalta is mó rath in Éirinn — lena gcomhcheanglaítear foghlaim phraiticiúil san ionad oibre le hoiliúint ardcháilíochta inár n-ionaid oideachais agus oiliúna. Tá ról ríthábhachtach aige maidir le tacú lenár ngeilleagair áitiúla agus réigiúnacha, rud a chinntíonn go mbeidh rochtain ag fostóirí ar an lucht saothair oilte atá de dhíth orthu le fás agus nuálaíocht a dhéanamh.’

“Ní fhéadfaí rud ar bith a dhéanamh gan tiomantas agus comhpháirtíocht leanúnach na bhfostóirí ar fud an Iarthuaiscirt a leanann d’infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile d’oibrithe oilte,” a dúirt sé fosta.

Cuirtear printíseachtaí ar fáil trí mheascán d’oiliúint ar an láthair oibre agus d’oiliúint lasmuigh den láthair oibre a ligeann do na printísigh airgead a shaothrú agus iad ag foghlaim agus ag baint cáilíocht amach atá aitheanta go hidirnáisiúnta.

Ar bhonn náisiúnta, tá os cionn 30,000 printíseach ag cur a gcuid oiliúna i gcrích faoi láthair, agus tá os cionn 10,000 fostóir ag tacú le hoiliúint phrintíseachta ar níos mó ná 70 clár éagsúil, as a n-eascraíonn céimeanna atá idir Leibhéil 5-10 ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cláir phrintíseachta atá ar fáil nó chun a bheith i d’fhostóir faofa nó clárú mar phrintíseach, téigh i dteagmháil le foireann printíseachta ETB Dhún na nGall ag apprenticeship@donegaletb.ie nó glaoigh ar 074 91 20500.

Large Group of people
Céimithe printíseachta Dhún na nGall le Príomh-Fheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, Stiúrthóir Acmhainne agus Comhtháthaithe Printíseachtaí na hOifige Náisiúnta Printíseachta Con Ferry, Stiúrthóir ar Bhreisoideachas agus ar Oiliúint (FET) ETB Dhún na nGall Ciaran O’Brien, Bainisteoir Oiliúna Ceantair ETB Dhún na nGall Vinny McGroary agus foireann printíseachta ETB Dhún na nGall.