Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le Glacadh le Pátrúnacht Scoil na nAingeal Beag

Donegal ETB Logo

Donegal ETB Logo

Dheimhnigh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) go bhfuil sé i mbun próisis faoi láthair, i gcomhair leis an Roinn Oideachais agus Óige agus le Cumann na nAingeal Beag, chun pátrúnacht  Scoil na nAingeal Beag, scoil speisialta atá lonnaithe i gCnoc na Móna, Leitir Ceanainn, a aistriú chuig ETB Dhún na nGall.

Tá an dul chun cinn sin i ndiaidh plé cuiditheach idir an Roinn, Cumann na nAingeal Beag agus ETB Dhún na nGall, ina léirítear tiomantas coiteann chun a chinntiú go soláthrófar oideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán go leanúnach do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Tá stair fhada iontach ag  Scoil na nAingeal Beag i ndáil le hoideachas speisialaithe agus cúram a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil riachtanais foghlama acu, bíodh riachtanais mheasartha, dianriachtanais nó tromriachtanais atá i gceist. Aithnítear an scoil go forleathan as a timpeallacht chothaitheach, a foireann dhíograiseach agus oilte agus a tiomantas domhain do thacú le gach dalta.

Leis an aistriú beartaithe, cinnteofar go mbainfidh an  Scoil na nAingeal Beag leas as raon leathan tacaíochtaí, saineolais agus acmhainní atá ar fáil tríd an earnáil ETB. Oibreoidh ETB Dhún na nGall go dlúth leis an Roinn, an pátrún atá ann faoi láthair agus Bainisteoir Aonair na scoile chun a chinntiú go ndéanfar an t-aistriú a bhainistiú go réidh agus go gcoinneofar an leanúnachas do dhaltaí, foireann agus teaghlaigh go hiomlán.

Agus í ag rá faoin phróiseas, luaigh Bean Uasal Anne McHugh, Príomh-Fheidhmeannach ETB Dhún na nGall: “Is mór an onóir do ETB Dhún na nGall a bheith ag obair leis an Roinn Oideachais agus Óige agus le Cumann na nAingeal Beag ar aistriú na pátrúnachta le haghaidh  Scoil na nAingeal Beag. Tá muid tiomanta do thacú le pobal na scoile agus d’aistriú gan uaim a chinntiú lena gcosnaítear agus lena bhfeabhsaítear na hardchaighdeáin chúraim agus oideachais atá i bhfeidhm cheana féin. Léiriú is ea an chéim seo ar thiomantas leanúnach ETB Dhún na nGall do chuimsiú, comhpháirtíocht, cúram, meas agus barr feabhais san oideachas. Is mian liom aitheantas a thabhairt do phátrúnacht dheonach Chumann na nAingeal Beag maidir le bunú agus forbairt na scoile de réir an chaighdeáin is airde le caitheamh na mblianta.”

Leanfaidh próiseas an aistrithe pátrúnachta ar aghaidh sna míonna amach romhainn i gcomhréir le nósanna imeachta na Roinne, agus coinneofar na páirtithe leasmhara ábhartha uilig ar an eolas de réir mar a rachaidh socruithe ar aghaidh.