Athsheoladh Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt i gcomhpháirtíocht suntasach oideachais trasteorann

Six people standing side by side beside a large screen.
Six people standing side by side beside a large screen.
Clé-deas: Anne McHugh, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall; An Dr Catherine O’Mullan, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt; Paul Hannigan, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh; Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr Ruairí McHugh; Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Paul Canning agus an tOllamh Malachy Ó Néill, Ollscoil Uladh.

.Ainmníocht UNESCO le leathnú chun go mbeidh Dún na nGall san áireamh agus ceannairí ag gealladh deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a leathnú ar fud an réigiúin

Bhailigh ceannairí pobail, oideoirí agus ionadaithe sibhialta ar champas Doire Ollscoil Uladh chun athsheoladh Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt a cheiliúradh, ócáid chinniúnach thábhachtach i gcomhoibriú trasteorann agus i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

Tógann seo ar ainmníocht Chathair Foghlama Dhoire agus an Srath Bán atá ann cheana féin, mar chuid de Líonra Domhanda Cathracha Foghlama UNESCO (GNLC), agus léiríonn sé na naisc láidre oideachais, cultúrtha agus eacnamaíocha ar fud an Iarthuaiscirt.

Tá an tionscnamh á threorú ag Braisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt – Ollscoil Uladh, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall – i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall.

Tríd an ainmniú leathnaithe, tá sé mar aidhm ag comhpháirtithe conairí trasteorann san oideachas agus i scileanna a neartú, rannpháirtíocht san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a leathnú, agus nuálaíocht agus tacú le cruthaitheacht i measc pobal.

Tharla an t-athsheoladh ag an am céanna le Féile Foghlama ar Feadh an tSaoil san Iarthuaisceart, a tionóladh ar an 4–5 Márta, ina raibh breis is 40 imeacht saor in aisce ar fud an réigiúin ag fiosrú topaicí, na healaíona agus an cultúr, scileanna digiteacha, nuálaíocht ghnó, inbhuanaitheacht agus folláine, ina measc.

Thug an tOllamh Declan Keeney, Comhbhunaitheoir agus POF Studio Ulster Ltd agus Ollamh le Teicneolaíochtaí Scáileáin agus Nuálaíocht in Ollscoil Uladh, príomhléacht, Unlocking Creativity in the North West.

Dúirt an tOllamh Malachy Ó Néill, Stiúrthóir Rannpháirtíochta Réigiúnaí in Ollscoil Uladh: “Tá Ollscoil Uladh tiomanta do bheith ina comhpháirtí lárnach i saol oideachais, cultúrtha agus sóisialta ár bpobal.

Is céim shuntasach chun tosaigh í an ócáid thábhachtach seo don chomhoibriú trasteorann agus léiríonn sí croíchuspóir Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt – conairí foghlama a fheabhsú agus deiseanna cuimsitheacha a chruthú do dhaoine aonair agus do phobail ar fud an Iarthuaiscirt.”

“Leagann Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt, atá leathnaithe ar na mallaibh, béim ar ár ndúthracht chomhroinnte chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do gach duine, ag tacú le forbairt phearsanta, ionchuimsiú sóisialta, deis eacnamaíoch agus folláine phobail ar fud an réigiúin.”

Seven people standing side by side beside a large screen, some holding signs.
Clé-deas: Dr Catherine O’Mullan, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt; Paul Hannigan, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh; Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning; An tOllamh Malachy Ó Néill, Ollscoil Uladh; Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr Ruairí McHugh; Gavin Killeen, Comhpháirtíocht Seachadta Oideachais agus Scileanna; Anne McHugh, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Clr Ruairí McHugh: “Tá áthas orm go bhfuil an ócáid thábhachtach shuntasach seo ann, a mharcálann an chéad chaibidil eile i dturas ár réigiúin, ag tógáil ar na bunchlocha láidre a leagadh síos le tionscnamh Chathair Foghlama Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, ár mballraíocht i Líonra Domhanda Cathracha Foghlama UNESCO, agus ár gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha trasteorann fadbhunaithe.

Athdhearbhaíonn an t-éacht seo ár dtiomantas comhroinnte chun cinntiú go bhfuil foghlaim ar feadh an tsaoil inrochtana do gach duine, beag beann ar aois, cúlra nó imthosca.

I ndomhan atá ag síorathrú, tá sé ríthábhachtach go mbeidh muid in ann foghlaim, scileanna nua a fhorbairt, scileanna nua a fháil agus oiriúnú do riachtanais athraitheacha an tionscail agus an oideachais i gcónaí. Tríd na deiseanna seo a thabhairt dár saoránaigh, ní amháin go bhfeabhsaímid cumas aonair ach neartaímid ár ngeilleagar réigiúnach fosta, rud a chuirfidh ar a chumas fás, nuálaíocht a dhéanamh agus a bheith rathúil.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don cheannaireacht agus don fhís a léirigh ár gcomhpháirtithe i mBraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt agus i gComhairle Contae Dhún na nGall. Le chéile, tá muid spreagtha, lán fuinnimh agus cumhachtaithe inár n-uaillmhian agus muid ag leanúint ar aghaidh ag tógáil Cathair Foghlama dhinimiciúil agus chuimsitheach don Iarthuaisceart.”

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning, go léiríonn an leathnú na dlúthnaisc ar fud an réigiúin: “Tá níos mó i gceist le Dún na nGall a bheith mar chuid de Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt, atá nua-ainmnithe, ná céim siombalach. Is ráiteas cumhachtach é faoi cé muid féin. Is réigiún é ár réigiún atá sainmhínithe chan ag teorainneacha, ach ag caidrimh — ag naisc oideachais, cultúrtha agus pobail chomhroinnte a cheangail Doire, an Srath Bán agus Dún na nGall le fada an lá.

Bhí an ócáid ​​thábhachtach seo indéanta a bhuíochas do cheannaireacht Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt agus a comhpháirtithe: Ollscoil Uladh, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, ag obair i gcomhpháirtíocht leis an dá chomhairle.

Le chéile, léiríonn siad an chuma atá ar chomhoibriú trasteorann — conairí foghlama a neartú, rannpháirtíocht a leathnú, agus a chinntiú go bhfuil deiseanna inrochtana ag gach duine.”

Dúirt Paul Hannigan, Leas-Uachtarán um Rannpháirtíocht Trasteorann in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh: “Is léiriú cumhachtach é athsheoladh Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt inniu ar cad é is féidir a bhaint amach trí fhíor‑chomhoibriú trasteorann. Trí chomhpháirtithe ó oideachas, rialtas áitiúil, tionscal agus pobal a thabhairt le chéile, tá muid ag cruthú réigiúin ina bhfuil an fhoghlaim inrochtana, cuimsitheach agus daingnithe i ngach céim den saol. Neartaíonn an chomhpháirtíocht seo fís chomhroinnte an Iarthuaiscirt maidir le nuálaíocht, cruthaitheacht agus deis, agus tá Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh bródúil as ról a bheith aici i múnlú na todhchaí sin.”

Dúirt Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt: “Is céim chumhachtach chun tosaigh é athsheoladh Réigiún Cathrach Foghlama an Iarthuaiscirt don fhoghlaim ar feadh an tsaoil ar fud ár réigiún cathrach. Trí oibriú le chéile trasna na teorann, is féidir linn conairí soiléire, solúbtha a chruthú a chuidíonn le daoine de gach aois foghlaim, scileanna nua a fhorbairt agus dul chun cinn a dhéanamh, bíodh siad i bhfostaíocht, i staidéar breise nó i ndeiseanna nua, ag cinntiú go bhfuil rochtain ag gach duine ar an fhoghlaim, ag gach céim dá saol”.Large group of people, some holding signs.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Anne McHugh: “Tá ETB Dhún na nGall bródúil as a bheith mar chuid den chomhpháirtíocht neartaithe trasteorann seo, rud a théann i ngleic ar bhealach an-réadúil lenár gcuspóirí straitéiseacha mar eagraíocht a bhfuil sé mar aidhm aici deiseanna saoil mhuintir Dhún na nGall a fheabhsú. Ligfidh leathnú ainmniúcháin na Cathrach Foghlama dúinn aghaidh a thabhairt ar na naisc dhomhain oideachais, chultúrtha agus phobail atá ceangailte le Dún na nGall agus Doire-An Srath Bán le fada an lá.

Athraíonn foghlaim ar feadh an tsaoil saolta, tacaíonn sé le pobail bhríomhara, agus cuireann sé borradh faoi rathúnas réigiúnach. Tríd an chomhoibriú feabhsaithe seo, is féidir linn conairí níos cuimsithí fós a chruthú a chuireann ar chumas daoine de gach aois foghlaim, scileanna nua a fhorbairt agus a bheith faoi bhláth.

Léiríonn athsheoladh an lae inniu uaillmhian chomhroinnte ar fud an Iarthuaiscirt — chun cinntiú go bhfuil an deis ag gach duine a lánacmhainneacht a bhaint amach, agus go leanfaidh ár réigiún ar aghaidh ag fás mar áit dhinimiciúil, chruthaitheach agus áit atá ag amharc chun cinn le maireachtáil, foghlaim agus obair inti.”

Preasráiteas arna sholáthar ag Ollscoil Uladh