Baineann Coláiste an Eargail Fóram Sinsearach Díospóireachta Scoileanna ETB Dhún na nGall

Group of people seated and sanding, holding a cup.
Group of people seated and sanding, holding a cup.
Buaiteoirí Chomórtas Chorn Fhóram Díospóireachta Sinsearach ETB Dhún na nGall, Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn, leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh, Stiúrthóir na Scoileanna, an Dr. Martin Gormley, an Príomhoide Danny McFadden, na múinteoirí Rosie McHugh agus Jonathan Sellick, agus an Leas-Phríomhoide Deirdre Markham.

Bhain Coláiste an Eargail i Leitir Ceanainn, Corn Bliantúil Fhóram Sinsearach Díospóireachta Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall.

Bhí an bua ag Coláiste Cranncha i mBun Cranncha i gcomórtas an Phláta agus bhain Gairmscoil Chaitríona ar na Cealla Beaga comórtas an Bhabhla Róis.

Bhí an comórtas díospóireachta do scoileanna ETB Dhún na nGall ar siúl Dé Céadaoin, an 18 Márta i Leitir Ceanainn.

Group of people seated and sanding, holding an award.
Buaiteoirí i gComórtas an Phláta, Coláiste Cranncha, Bun Cranncha, leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh, Stiúrthóir na Scoileanna, an Dr. Martin Gormley, an múinteoir ar scor, Mary Galbraith, agus an múinteoir Laura Keogh.

Mar chuid den chomórtas ghlac foirne ó dhá scoil déag de chuid ETB páirt sna chéad bhabhtaí ceathrú ceannais. Ba iad Coláiste Cranncha i mBun Cranncha, Coláiste an Eargail agus Coláiste Ailigh i Leitir Ceanainn, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Pobail Bhun an Phobail, Coláiste Mhaigh Éne i mBun Dobhráin, Coláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach, Coláiste na Carraige, Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór, Gairmscoil Chaitríona ar na Cealla Beaga, agus Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall.

Bhronn Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, na duaiseanna ar na foirne a bhain, agus bronnadh Corn an Phríomhfheidhmeannaigh don díospóir aonair is fearr ar an lá ar mhac léinn Choláiste Pobail Bhun an Phobail, Peter O’Gorman.

Bronnadh gradam nua, Gradam an Mheantóra Díospóireachta, ar mhúinteoir na foirne a bhain. Bhí an duais seo urraithe ag Aontas Múinteoirí Éireann (AMÉ). Bhronn Ard-Rúnaí Cúnta AMÉ, Joanne Irwin, an gradam seo ar mhúinteoir Béarla Choláiste an Eargail, Rosie McHugh.

Chuaigh daltaí i mbun díospóireachta ar son agus in éadan raon rún a léiríonn na cúig luach éitis a bhaineann le scoil ETB: sármhaitheas san oideachas, cúram,

Group of people seated and standing, some holding a bowl and emdals
Buaiteoirí i gComórtas an Bhabhla Róis, Gairmscoil Chaitríona, na Cealla Beaga, leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh, Stiúrthóir na Scoileanna, an Dr. Martin Gormley, múinteoirí, agus ball ETB, Geoffrey Browne.

comhionannas, pobal, agus meas. I measc na rún bhí:

  • Sármhaitheas san Oideachas: Déanann Intleacht Shaorga (IS) níos mó dochair ná maitheas sa chóras oideachais.
  • Cúram: Ba chóir d’Éirinn sampla na hAstráile a leanúint agus cosc a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi 16 bliana d’aois
  • Comhionannas: Chuideodh Bunioncam Uilíoch (íocaíocht rialta, neamhchoinníollach a dhéantar le gach duine fásta beag beann ar stádas fostaíochta agus nach bhfuil tástáilte de réir acmhainní) le héagothroime eacnamaíoch na hÉireann a laghdú
  • Comhionannas: Caithfidh scoileanna athrú chun daonra na hÉireann, atá ag éirí níos éagsúla, a léiriú.
  • Pobal: Caillfidh scoil gan éide scoile a muintearas.
  • Meas: Ní léiríonn sochaí nua-aimseartha na hÉireann go leor measa ar na glúine níos sine.

Luaigh Comhordaitheoir Éitis ETB Dhún na nGall, Eamonn Ryan, “Tugann Fóram Sinsearach Díospóireachta ETB Dhún na nGall deis ar leith do mhic léinn ETB ar fud an chontae teacht le chéile agus dul i mbun díospóireachta le meas ar cheisteanna atá ina gcúis imní náisiúnta agus áitiúil trí lionsa ár bPríomhluachanna. Is ábhar misnigh é ár ndéagóirí a fheiceáil ag smaoineamh go criticiúil agus iad féin á gcur in iúl go muiníneach agus go measúil faoi cheisteanna atá tábhachtach dóibh.”

Four people, one presenting a trophy to anohter
Buaiteoir Chorn an Phríomhfheidhmeannaigh don díospóir aonair is fearr ar an lá, mac léinn Choláiste Pobail Bhun an Phobail, Peter O’Gorman, sa phictiúr leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh, Stiúrthóir na Scoileanna, an Dr. Martin Gormley, agus Comhordaitheoir Éiteas ETB Dhún na nGall, Eamonn Ryan.

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, gur “Eispéireas iontach a bhí ann dár gcuid daltaí uilig a bhí oilte agus ullmhaithe go maith ag a gcuid múinteoirí do na díospóireachtaí. Bhí lúcháir orainn fáilte ar ais a chur roimh chuid dár bhfoireann atá ar scor, a rinne, le baill foirne eile an ETB, Cathaoirleacht agus Moltóireacht i rith an lae. Bhí daltaí ar gach ceann de na painéil mholtóireachta fosta, rud a chuidigh le guth an dalta a chur chun cinn.”

Bainistíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cúig cinn déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae agus is páirtí iontaobhaí é fosta ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach eile sa chontae. D’fhreastail breis agus 6,000 dalta ar scoileanna ETB Dhún na nGall sa bhliain acadúil seo caite.

 

 

Four people, one receinving an award from another.
Bhronn Ard-Rúnaí Cúnta AMÉ, Joanne Irwin Gradam an Mheantóra Díospóireachta, atá urraithe ag Aontas Múinteoirí Éireann, ar mhúinteoir an fhoireann a bhain comórtas an Fhóraim Díospóireachta Shinsearaigh, múinteoir Béarla Choláiste an Eargail, Rosie McHugh. Tá siad beirt sa phictiúr leis an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh agus Stiúrthóir na Scoileanna, an Dr Martin Gormley.