Ceiliúradh ar Rath na Mac Léinn ag Oíche na nDuaiseanna in Ionad Breisoideachais agus Oiliúna, Bun Cranncha

Group of people seated and standing, some holding certificates
Group of people seated and standing, some holding certificates
Céimithe san Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige

Fuair tríocha mac léinn Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i gceantar Bhun Cranncha teastais chúrsa ag Oíche Bronnta ar an 24 Márta, ag ceiliúradh éachtaí eisceachtúla na mac léinn a chríochnaigh cúrsaí CNC Leibhéal 5 in 2025.

Bhronn Cathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB), an Clr Terry Crossan, teastais ar fud raon cúrsaí a chuirtear ar fáil in ionad FET Bhun Cranncha, ceann d’ocht gcinn déag atá á mbainistiú ag an ETB ar fud an chontae.

Ina measc tá Foghlaim agus Cúram na Luath-Óige Céim 1, Ríomhghnó, Scileanna Seirbhíse Sláinte, Leabharchoimeád Láimhe agus Ríomhairithe, Cúntóireacht Riachtanas Speisialta, Cúram Leanaí le Riachtanais Bhreise, Scileanna Ríomhaireachta, Ceadúnas Tiomána Chumann Ríomhaireachta na hÉireann (ICDL) agus Párolla.

Thug an ócáid mic léinn, teaghlaigh, oideoirí agus aíonna le chéile chun aitheantas a thabhairt d’obair chrua, do dhíograis agus do shármhaitheas na mac léinn.

Group of people seated and standing, some holding certificates
Céimithe sa Chúntóireacht Riachtanas Speisialta agus i gCúram do Pháistí a bhfuil Riachtanais Bhreise acu

Labhair iarmhic léinn, a thug aghaidh ar athruithe saoil agus gairme, faoina dturas foghlama pearsanta. Rinne siad cur síos ar an dóigh ar thug a gcuid ama san Ionad an deis dóibh scileanna nua agus muinín a fhorbairt agus tacaíocht á fáil acu ó fhoireann teagaisc agus tacaíochta an Ionaid.

Sula ndearna sé a dteastas a bhronnadh, labhair Cathaoirleach ETB Dhún na nGall, an Clr Terry Crossan, faoi athléimneacht agus faoi dhiongbháilteacht na gcéimithe. Agus é ag machnamh ar a dturas oideachais, leag sé béim ar na dúshláin a bhí le sárú ag go leor mac léinn agus iad ag filleadh ar an oideachas mar dhaoine fásta agus mhol sé a gcumas constaicí a shárú, deiseanna nua a aimsiú don saol atá rompu agus a dtodhchaí a athrú.

Chomh maith leis sin, mhol an Clr Crossan tiomantas na foirne a threoraigh agus a spreag na mic léinn: “Tá níos mó ná cáilíochtaí sna teastais atá agaibh inniu – is siombail iad den athléimneacht, den chlaochlú agus den tús nua”, a dúirt sé.

Spreagadh céimithe chun na ceachtanna maidir le hobair foirne, féinmhuinín agus buanseasmhacht a úsáid agus iad ag tabhairt faoi chosáin nua ina ngairmeacha beatha agus ina bpobail.

Group of people seated and standing, some holding certificates
Céimithe sa Ríomhghnó

Rinne Oifigeach Oideachais d’Aosaigh, ETB Dhún na nGall, Charles Gorney, machnamh ar an oíche, ag rá, “Tá muid thar a bheith bródúil as ár mic léinn agus an tionchar atá ag ár nIonad agus ár bhfoireann ar a saol. Is imeachtaí spreagúla iad oícheanta bronnta gradam i gcónaí. Ní hamháin gur deis a bhí ann chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí suntasacha ár mac léinn agus ar dhíograis ár bhfoirne, ach b’imeacht é fosta a léirigh an tionchar sochaíoch níos leithne atá ag an Bhreisoideachas agus an Oiliúint ar phobail sa chontae.

“Caithfidh muid aitheantas a thabhairt do na céimithe seo as an díograis agus an tiomantas agus na cúrsaí á dtabhairt i gcrích acu agus as an chéim seo a ghlacadh i dturas foghlama, turas a mhairfidh ar feadh an tsaoil, le cuidiú Dé. Tá muid ag tnúth anois chun ár n-iarmhic léinn agus ár mic léinn reatha a fheiceáil ag bláthú,” a dúirt sé.

Leag an t-imeacht béim ar an raon cúrsaí atá ar fáil in Ionad FET i mBun Cranncha agus, níos leithne, ar fud an chontae ag Seirbhís FET an ETB. Is féidir tuilleadh eolais faoi chúrsaí a chuirtear ar fáil i mBun Cranncha a fháil ar a suíomh Gréasáin, aimsitheoir cúrsa (www.donegaletb.ie/fetcoursefinder), nó trí scairt a chur ar an ionad ar 074 9362466 nó ríomhphost a sheoladh chuig fetcentrebuncrana@donegaletb.ie.

Group of people seated and standing, some holding certificates
Céimithe i Scileanna Ríomhaireachta, ICDL agus Párolla
Group of people seated and standing, some holding certificates
Céimithe Scileanna Seirbhíse Sláinte
Group of people seated and standing, some holding certificates
Céimithe Scileanna Seirbhíse Sláinte