Leagan Úr d’Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) á Reáchtáil ón 6-7 Samhain

Sheol Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall a dara hAonach FET den bhliain an tseachtain seo.

Tá formáid úr agus fheabhsaithe i gceist an iarraidh seo. Beidh an tAonach seo ag díriú go huile is go hiomlán ar an soláthar Breisoideachais agus Oiliúna a chuireann ETB Dhún na nGall é féin ar fáil. Beidh an tAonach á reáchtáil ag am úr den bhliain fosta .i. ón 6-7 Samhain. Bhí an tAonach á reáchtáil i mí Eanáir le cúig bliana déag anuas agus is athrú mór atá ann é a bhogadh go dtí an dáta úr i mí na Samhna; beidh an socrú sin amhlaidh do na blianta atá le teacht fosta.

Tá Aonach FET ETB Dhún na nGall fós ar an phríomhócáid sa chontae le deiseanna oideachais agus oiliúna a fhiosrú, agus meallann sé thar mhíle duine fásta agus duine óg gach bliain. Beidh sé á reáchtáil in Óstán an Radisson Blu, Leitir Ceanainn, arís thar dhá sheisiún.

Dé Céadaoin, 6 Samhain ó 7.00-9.00i.n., beidh an tAonach FET dírithe go príomha ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí, ar threoirchomhairleoirí agus Príomhoidí scoileanna agus orthu siúd atá ag obair faoi láthair agus ar mian leo cur lena gcuid scileanna.

Tá líon na ndaoine atá ag fágáil scoile agus ag roghnú FET mar a gcéad rogha ag méadú an t-am ar fad. Cuirfidh foireann FET an ETB eolas ar fáil maidir le cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna), cúrsaí oiliúna i sainscileanna, cúrsaí oiliúna agus printíseachtaí agus míneoidh siad do gach duine cad iad na buntáistí a bhaineann le FET. Mar sin, más mian le daoine óga airgead a thuilleamh agus iad ag foghlaim, post a fháil go gasta, nó céim a ghlacadh i dtreo oideachas tríú leibhéal le cáilíochtaí atá aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, tá sé clúdaithe ag ETB Dhún na nGall.

Agus é ag caint faoin seisiún tráthnóna a bheas ar siúl ar an 6 Samhain, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá sé tábhachtach go smaoiníonn daltaí agus tuismitheoirí ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) mar rogha a d’fhéadfadh siad a ghlacadh le dul chun cinn a dhéanamh. Tá an-mheas ag fostóirí i réimsí ar nós obair foirne, feasacht tráchtála agus scileanna fiontraíochta ar chéimithe ó phrintíseachtaí, ó chúrsaí FET agus ó chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna). Dar le haiseolas ó fhostóirí go bhfuil siad an-sásta ar fad le céimithe FET i dtaca lena gcuid scileanna ríomhaireachta; a gcumas oibriú go héifeachtach le daoine eile; cumarsáid ó bhéal; uimhearthacht; agus scileanna scríofa.

Maidir le tréithe pearsanta, bíonn an-mheas ag fostóirí ar mhic léinn FET i dtéarmaí: eitic oibre; iontaofacht; dearcaí dearfacha agus feasacht eiticiúil agus shóisialta. Tá níos mó rannpháirtíochta i socrúcháin oibre agus saindeiseanna foghlama ag lear mór de na cúrsaí FET atá ar fáil anois. Is minic a mhéadaigh na modhanna measúnaithe a úsáidtear an fócas ar obair thionscadail na mac léinn agus ar scileanna réitithe fadhbanna, tréithe atá chomh tábhachtach sin i gcomhthéacs na fostaíochta.”

Cuirfidh an seisiún tráthnóna sin eolas ar fáil fosta ar thionscnamh úr spreagúil dóibh siúd atá ag obair i láthair na huaire. Is féidir le Scileanna le Dul Chun Cinn deiseanna oiliúna ó Leibhéil 4-6 a chur ar fáil ar bhonn páirtaimseartha, páirtmhaoinithe nó saor in aisce, dóibh siúd atá ag obair faoi láthair agus atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna. Tionscnamh oiliúna eile dóibh siúd atá ag obair is ea Scileanna don Obair. Tá an clár dírithe ar oibrithe a bhfuil leibhéal íseal scileanna acu nach mbeadh an muinín acu glacadh le hathruithe san ionad oibre dá mba rud é nach raibh an deis acu páirt a ghlacadh san oiliúint seo.

Déardaoin, 7 Samhain ó 10.00r.n.-2.00i.n, beidh an tAonach oscailte dóibh siúd atá dífhostaithe faoi láthair agus ar mian leo eolas a fháil faoin réimse leathan deiseanna lánaimseartha agus páirtaimseartha atá ar fáil ó Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall le cuidiú leo dul isteach sa mhargadh fostaíochta arís. Beidh teagascóirí agus comhairleoirí ETB Dhún na nGall ar fáil le labhairt faoi na deiseanna sin. Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é agus cuireann sé réimse cuimsitheach deiseanna ar fáil a bhfuil cáilíochtaí ag baint leo lena n-áirítear QQI, City & Guilds agus teastasú dírithe ar thionscal ar leith a ligeann do mhic léinn a gcéad chéim eile a roghnú.

Tig leo siúd a bheidh i láthair triail a bhaint as táthú réaltachta breisithe nó labhairt le mic léinn reatha le fáil amach dóibh féin cad leis a bhfuil sé cosúil tabhairt faoi chúrsa FET de chuid an ETB.

Dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Ba chóir do dhaoine an t-am a ghlacadh ar an 6 agus ar an 7 Samhain le fáil amach cén doigh ar féidir lenár Seirbhís FET cuidiú leo dul chun cinn a dhéanamh agus a gcuid scileanna a fhorbairt agus fáil amach faoin réimse leathan de roghanna oideachais agus oiliúna atá ar fáil ar fud an chontae.”

Tá roinnt mhaith de chláir ETB Dhún na nGall cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020. In 2018, chríochnaigh thar 11,000 mac léinn FET cúrsaí i níos mó ná 120 ionad, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é, ag tairiscint deiseanna le dul faoi athoiliúint, uas-sciliú a dhéanamh, taithí oibre ar an láthair oibre a fháil agus dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas.

Le níos mó eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall ar 0749178088 nó seol ríomhphost chuig adultguidance@donegaletb.ie nó tabhair cuairt orthu ar an 2ú hUrlár, Plás McKendrick, Bóthar an Phiarsaigh, Leitir Ceanainn.

Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le hAonach FET 2019 a fháil ar láithreán gréasáin ETB Dhún na nGall (www.donegaletb.ie/news) agus ar chuntais Instagram, Twitter agus Facebook (@DonegalETB) idir seo agus an tAonach.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Sandra Buchanan
Aonach FET 2019 seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.
Ina seasamh ó chlé go deas tá: Treasa McGinley (Comhordaitheoir TEL), Lorraine Murray (Comhairleoir Sinsearach Oiliúna Printíseachta), Guven Faracli (Bainisteoir Oiliúna ar Conradh), Aidan McCloskey (Comhordaitheoir Oideachais Bhunúsaigh), Mairead Carlin (Bainisteoir Oiliúna Cúnta), Vivienne Doherty (Comhordaitheoir Contae an Tionscnaimh um Fhilleadh ar an Oideachas) agus Catherine Friel (Áisitheoir Oideachais Pobail).
Ina suí ó chlé go deas tá: Colm Richardson (Bainisteoir Oiliúna Cúnta), Cróna Gallagher (Stiúrthóir FET), Martina Needham (Oifigeach Oideachais d’Aosaigh) agus Vinny McGroary (Bainisteoir Oiliúna Limistéir).