Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall 2019 bainte ag Coláiste Ailigh

Is iad Coláiste Ailigh (Leitir Ceanainn) buaiteoirí na bliana seo de Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall do scoileanna agus d’ionaid Chumasóige. Bhí an ócáid ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair. Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall a bhí sa dara háit fad is go raibh Coláiste na Maoile Rua sa tríú háit.

Ghlac dhá chéad agus ceathracha dalta ó fhiche iar-bhunscoil agus ionad Cumasóige ón chontae go léir páirt san ócáid; bhí ar gach foireann táirge a fhorbairt agus rinneadh breithiúnas orthu ar bhealach cosúil leis an seó Dragon’s Den. Tugadh meantóir gnó agus mac léinn gnó de chuid LYIT d’fhoirne le hiad a threorú i rith an lae.

Labhair Seamus McDaid, fiontraí atá lonnaithe i Ráth Mealtain agus duine a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar McDaid’s Football Special, ar maidin faoina thuras fiontraíochta. Tháinig Seamus ar ais ó na Stáit Aontaithe le gairid, áit ar bhunaigh sé McDaids Beverages USA agus chaith sé ocht mbliana ansin mar Bhainisteoir Forbartha Gnó SAM an chomhlachta. D’oibrigh sé san Astráil roimhe sin ach d’fhill sé ar Éirinn le gnó an teaghlaigh a reáchtáil; tá sé ag obair mar Bhainisteoir Forbartha Gnó an chomhlachta óna cheanncheathrú i Ráth Mealtain. Bhí neart taithí fiontraíochta agus moltaí aige le roinnt leis an chúpla céad duine óg a ghlac páirt san ócáid.

I ndiaidh do na foirne uilig a gcuid smaointe a chur i láthair na moltóirí, chuir na trí fhoireann sa bhabhta ceannais a gcuid smaointe i láthair do na rannpháirtithe uilig. Bhí sé an-deacair do na moltóirí buaiteoir an chomórtais trí chéile a roghnú mar gheall ar ardchaighdeán na hoibre a cuireadh os a gcomhair.

Tháinig Coláiste Ailigh aníos le táirge nuálach darb ainm ‘Sea Wear’, píosa Tupperware in-bhithmhillte, infhillte, cruthaithe ó fheamainn, ar féidir é a fhilleadh amach mar phláta, agus tá sé dírithe ar mhargadh na mbialanna/mbialanna beir leat. Amy Harkin ó Lottie Dolls a thacaigh leis an fhoireann mar mheantóir.

Agus í ag caint faoin Lá Fiontraíochta, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, “Is í seo an séú bliain dúinn anois leis an ócáid iontach seo a óstáil. Tá lúcháir an domhain orainn a fheiceáil go bhfuil an oiread sin scoileanna agus ionad Cumasóige páirteach linn. Lá sultmhar atá ann do na daltaí agus le cuidiú Dé spreagfaidh sé a gcuid nuálaíochta agus cruthaitheachta. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn as úsáid a cuid áiseanna agus as an dóigh ar chuidigh a chuid mac léinn mar mheantóirí. Chuaigh an t-eochairaitheasc ó Seamus go mór i bhfeidhm ar na daltaí agus chuir na fostóirí uilig go mór leis an ócáid mar mheantóirí gnó.”

Ba iad na scoileanna agus na hionaid Chumasóige a bhí rannpháirteach ná Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall; Coláiste Cranncha, Bun Cranncha; Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth; Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn; Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir, Coláiste Pobail Bhun an Phobail; Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir; Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór; Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach; Meánscoil Loreto, Leitir Ceanainn; Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach; Coláiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin; Pobalscoil Charn Domhnach; Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn; Gairmscoil Chaitríona, Na Cealla Beaga; Scoil Chuimsitheach Ríoga agus Prior, Ráth Bhoth; Coláiste na Carraige, An Charraig; Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn; Coláiste Naomh Columba, Srath an Urláir; Scoil Mhuire, Bun Cranncha agus Cumasóige Ghort an Choirce.

Ba mhaith le ETB Dhún na nGall agus an coiste eagrúcháin buíochas mór a ghabháil le gach dalta, lena gcuid múinteoirí agus le LYIT as páirt a ghlacadh san ócáid, cuidiú agus tacú leis an ócáid. Gabhtar buíochas fosta le hIonad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin a choinnigh na daltaí gnóthach fad is go raibh an mholtóireacht ag dul ar aghaidh agus le Lee Gooch ó Highland Radio as an ócáid a óstáil ar maidin.

Gabhtar buíochas ar leith leis na meantóirí gnó agus na moltóirí a thug suas a lá le tacú leis an ócáid, lena n-áirítear: Leonard Watson, Watson’s Menswear; Jimmy Stafford, Banc na hÉireann; Lucia McCauley, Banc na hÉireann; Mary Crawford, The Right Angle; Richard Finney, The Counter Deli; Louise Hayden, Focus Fitness; Sarah-Marie McDevitt, Pinehill Studios; Florentine, Patrick Gildea Hairdressing; Paul Logue, McElhinneys; Clare Ryan, ITUS Secure Technologies; Kelda Kelly, Fusion; Ursula Donnelly, Fiontraíocht Éireann; Anthony Boyle, Tax Assist; Alexandra Manning, Occasions Event Management; Patricia Hill, Stateside; Geoffrey Browne, Rossmore Manor B&B; Toni Forrester, Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn; Ian Harkin, Lottie Dolls; Amy Harkin, Lottie Dolls; Stephen McGuire, Donegal Daily; Cuin Varughese, Aaron Rajan Paul agus Fiona Kelly, iad uilig ó LYIT;  Shauna Devenney, Ciaran O’Brien, Paddy Muldoon, Mairead McFadden, Marie Donnelly agus Deirdre Bonner, iad uilig ó ETB Dhún na nGall. Buíochas fosta le Valu Centre, Leitir Ceanainn as urraíocht a dhéanamh ar an uisce buidéil a cuireadh ar fáil ar an lá.

Bhí níos mó daoine sásta páirt a ghlacadh san ócáid i mbliana; tháinig méadú ar líon na n-iontrálacha i gcomparáid le 2018. Tá níos mó eolais agus grianghraif den lá ar fáil ar láithreán gréasáin ETB Dhún na nGall  (www.donegaletb.ie), ar chuntais Facebook, Twitter agus Instagram (@DonegalETB) trí #ETBEnterprise19.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Jmac Photography.
Buaiteoirí Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall 2019 – Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn.
2ú hÁit sa chomórtas Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall 2019 – Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall.
3ú hÁit sa chomórtas Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall 2019 – Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach.
Aoichainteoir Lá Fiontraíochta ETB Dhún na nGall 2019 Seamus McDaid, McDaid’s Football Special.