Leagan Úr d’Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) á Reáchtáil an tSeachtain Seo Chugainn

Beidh Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall ar siúl an tseachtain seo chugainn ón 6-7 Samhain in Óstán an Radisson Blu, Leitir Ceanainn.

Tá formáid úr agus fheabhsaithe ag an Aonach seo sa mhéid is go ndíríonn sé go príomha ar na cúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna a chuireann ETB Dhún na nGall é féin ar fáil. Tá an tAonach ag tarlú ag am úr den bhliain fosta – i ndiaidh don ETB é a reáchtáil i mí Eanáir ar feadh na gcúig bliana déag seo caite, bogadh go dáta úr i mí na Samhna é agus tá sé i gceist ag an ETB cloí leis an socrú úr sin amach anseo.

Tá líon na ndaoine atá ag fágáil scoile agus ag roghnú FET mar a gcéad rogha ag méadú an t-am ar fad. Agus é sin curtha san áireamh againn, tá seisiún an Aonaigh a bheas ar siúl Dé Céadaoin, 6 Samhain, ón 7.00-9.00i.n., dírithe ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus a gcuid tuismitheoirí/caomhnóirí, treoirchomhairleoirí scoile agus Príomhoidí.

Cuirfidh foireann FET an ETB eolas ar fáil maidir le cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna), cúrsaí oiliúna i sainscileanna, cúrsaí oiliúna agus printíseachtaí agus míneoidh siad do gach duine cad iad na buntáistí a bhaineann le FET. Más mian le daoine óga cuidiú a fháil ar an tslí chuig oideachas tríú leibhéal, airgead a thuilleamh agus iad ag foghlaim, post a fháil go gasta, le cáilíochtaí atá aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, clúdaíonn ETB Dhún na nGall na roghanna sin uilig.

Agus é ag caint faoin seisiún tráthnóna a bheas ar siúl ar an 6 Samhain, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá sé tábhachtach go smaoiníonn daltaí agus tuismitheoirí ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) mar rogha a d’fhéadfadh siad a ghlacadh le dul chun cinn a dhéanamh. Tá an-mheas ag fostóirí i réimsí ar nós obair foirne, feasacht tráchtála agus scileanna fiontraíochta ar chéimithe ó phrintíseachtaí, ó chúrsaí FET agus ó chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna).

Ar seisean, “Tá níos mó rannpháirtíochta i socrúcháin oibre agus saindeiseanna foghlama ag lear mór de na cúrsaí FET atá ar fáil anois.  Is minic a mhéadaigh na modhanna measúnaithe a úsáidtear an fócas ar obair thionscadail na mac léinn agus ar scileanna réitithe fadhbanna, tréithe atá chomh tábhachtach sin i gcomhthéacs na fostaíochta.”

Mhínigh tuismitheoir áitiúil amháin an dóigh ar lean mac s’aici an bealach ‘tuill agus foghlaim’ trí phrintíseacht a dhéanamh agus bhain sé a cháilíocht amach le €20,000 i dtaisce i ndiaidh ceithre bliana, fad is go ndeachaigh a hiníon go tríú leibhéal lena cáilíocht a bhaint amach, rud a chosain €45,000.

Tá seisiún na Céadaoine seo dírithe orthu siúd atá ag obair faoi láthair agus ag iarraidh cur lena gcuid scileanna. Cuirfear eolas ar fáil maidir le tionscnamh úr spreagúil dóibh siúd atá ag obair i láthair na huaire, tionscnamh dar teideal Scileanna le Dul Chun Cinn.

Is féidir le Scileanna le Dul Chun Cinn deiseanna oiliúna ó Leibhéil 4-6 a chur ar fáil ar bhonn páirtaimseartha, páirtmhaoinithe nó saor in aisce, dóibh siúd atá ag obair faoi láthair agus atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna. Beidh eolas ar fáil fosta maidir le Scileanna don Obair, tionscnamh oiliúna eile dóibh siúd atá ag obair. Tá an clár sin dírithe go príomha ar oibrithe a bhfuil leibhéal íseal scileanna acu nach mbeadh an muinín acu glacadh le hathruithe san ionad oibre dá mba rud é nach raibh an deis acu páirt a ghlacadh san oiliúint seo.

Déardaoin, 7 Samhain ó 10.00r.n.-2.00i.n, beidh an tAonach oscailte dóibh siúd atá dífhostaithe nó ag staidéar ar chúrsa faoi láthair agus ar mian leo eolas a fháil faoin réimse leathan deiseanna oideachais agus oiliúna lánaimseartha agus páirtaimseartha atá ar fáil ó Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall le cuidiú leo dul isteach sa mhargadh fostaíochta arís nó le dul ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile. Beidh teagascóirí, comhairleoirí agus mic léinn reatha de chuid ETB Dhún na nGall ar fáil le labhairt faoi na deiseanna agus na heispéiris sin. Is é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é agus cuireann sé réimse cuimsitheach deiseanna ar fáil a bhfuil cáilíochtaí ag baint leo lena n-áirítear QQI, City & Guilds agus teastasú dírithe ar thionscal ar leith a ligeann do mhic léinn a gcéad chéim eile a roghnú.

Dúirt Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, “Ba chóir do dhaoine an t-am a ghlacadh ar an 6 agus ar an 7 Samhain le fáil amach cén doigh ar féidir lenár Seirbhís FET cuidiú leo dul chun cinn a dhéanamh agus a gcuid scileanna a fhorbairt agus fáil amach faoin réimse leathan de roghanna oideachais agus oiliúna atá ar fáil ar fud an chontae.”

Tá roinnt mhaith de chláir ETB Dhún na nGall cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag Ciste Sóisialta na hEorpa mar pháirt den chlár ESF um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020. In 2018, chríochnaigh thar 11,000 mac léinn FET cúrsaí i níos mó ná 120 ionad, rud a chiallaíonn gurb é ETB Dhún na nGall an soláthraí FET is mó sa chontae é, ag tairiscint deiseanna le dul faoi athoiliúint, uas-sciliú a dhéanamh, taithí oibre ar an láthair oibre a fháil agus dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas.

Le níos mó eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le Seirbhís Treorach agus Eolais d’Aosaigh ETB Dhún na nGall ar 0749178088 nó seol ríomhphost chuig adultguidance@donegaletb.ie nó tabhair cuairt orthu ar an 2ú hUrlár, Plás McKendrick, Bóthar an Phiarsaigh, Leitir Ceanainn.

Is féidir an t-eolas is déanaí maidir le hAonach FET 2019 a fháil ar láithréan gréasáin ETB Dhún na nGall ar Instagram, Twitter agus Facebook (@DonegalETB) idir seo agus an tAonach.