Caighdeán Sholáthar Oideachais an Iarthuaiscirt le bheith Curtha Chun Cinn i SAM

Beidh sé mar phríomhaidhm ag an mhisean trádála trasteorann a bheidh ag taisteal go Bostún agus Philadelphia an tseachtain seo chugainn oibriú le naisc láidre oideachais idir réigiún an Iarthuaiscirt agus SAM a fheabhsú agus a fhorbairt níos mó.

Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin a bheidh ag treorú an mhisin trádála agus beidh réimse leathan grúpaí páirteach ann mar atá: soláthraithe breisoideachais agus oiliúna agus eagraíochtaí forbartha lena n-áirítear Ollscoil Uladh, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) agus Catalyst Inc.

Beidh an misean trádála agus infheistíochta ar siúl ón 11 go dtí an 15 Samhain. Tógfaidh sé ar na naisc láidre pholaitíochta, eacnamaíochta agus chultúrtha atá bunaithe cheana féin i mBostún agus in Philadelphia le réigiún an Iarthuaiscirt agus is deis a bheidh ann le teagmháil a dhéanamh le diaspóra na hÉireann.

Ní hamháin go mbeidh na hionadaithe oideachais a bheidh ag glacadh páirte sa mhisean trádála ag cur dhaonra léannta agus oilte an cheantair i láthair ach beidh siad ag oibriú le feabhas a chur ar na naisc atá déanta cheana le soláthraithe oideachais i SAM le cláir forbartha printíseachta agus fórsa oibre a fhorbairt.

Deir Paul Hannigan, Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) go bhfuil mic léinn ó Lasell College i mBostún ag freastal ar LYIT faoi láthair agus go bhfuil teagmháil á déanamh i gcónaí le Becker College agus go mbeidh beirt mhac léinn ó LYIT ag glacadh páirte sa chlár nuálaíochta samhraidh MassDiGI le foilseachán úr maidir le cluichí ríomhaire a fhorbairt. Tá conradh ag Scoil na hInnealtóireachta an choláiste le Olin College agus tá naisc láidre forbartha ag LYIT agus UU le Worcester State University.

Dar leis go bhfuil naisc le SAM iontach go deo tábhachtach maidir le réigiún an Iarthuaiscirt a chur chun cinn.

“Tá an chuairt seo fá dtaobh den réigiún ina iomláine a dhíol agus na tréithe dearfacha uilig atá againn maidir lenár suíomh, ár gcóras oideachais agus ár mbuíon cumasach de dhaoine óga oilte a chur chun cinn d’infheisteoirí féideartha. Tá soláthraithe oideachais uilig an Iarthuaiscirt ag obair as lámh a chéile le béim a leagan ar ár bhfeabhas acadúil agus ár dtimpeallacht foghlama den chéad ghrád a chuideoidh leis an réigiún a chur chun cinn mar thogra tarraingteach infheistíochta do chomhlachtaí domhanda.

“Tá LYIT páirteach i gcuid de na misin trádála sin le Comhairle Contae Dhún na nGall le tamall anuas agus tá muid ag feiceáil na mbuntáistí a bhaineann leis an teagmháil agus le bheith ag obair as lámh a chéile lenár gcomhpháirtithe ag Ollscoil Uladh, ETB Dhún na nGall agus Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt.”

Dúirt an Dr Malachy Ó Néill, Propast Champas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, go bhfuil an cur chuige comhoibríoch maidir leis an tairiscint oideachais a chur chun cinn an-tábhachtach maidir le naisc láidre a thógáil, naisc a rachaidh chun tairbhe do dhaoine áitiúla agus don gheilleagar. “Tugann an misean trádála i gcomhar le comhpháirtithe an Iarthuaiscirt, LYIT agus NWRC, deis ar dóigh dúinn leis an soláthar oideachais ar fud an réigiúin agus caighdeán na ndaoine a bhfuil na scileanna cuí acu a chur chun cinn, rud atá ina phríomhfhactóir a shocraíonn cúrsaí d’infheisteoirí féideartha. Láidreoidh sé naisc theagaisc agus thaighde Ollscoil Uladh níos mó i mBostún agus spreagfaidh sé níos mó deiseanna comhoibrithe agus soghluaiseachta amach anseo in Philadelphia dár gcuid mac léinn agus ball foirne.”

Luaigh Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, go bhfuil lúcháir ar ETB Dhún na nGall fosta, cosúil lena cuid comhghleacaithe, an deis a bheith acu le páirt a ghlacadh i misean trádála na Samhna le naisc a thógail a thacóidh le forbairt an chontae agus forbairt bhreise an réigiúin seo cois teorann.

“Is deis ar dóigh é seo le hobair as lámh a chéile lenár gcomhghleacaithe sa Chomhaontas Trasteorann um Breisoideachas agus Ardoideachas le forbairt eacnamaíochta an réigiúin a chur chun cinn trínár soláthar oideachais agus oiliúna den scoth a chur i láthair.

Mar cheann de na soláthraithe oideachais agus oiliúna is mó sa réigiún, agus an ceann is mó i gContae Dhún na nGall, tá muid ag iarraidh béim a leagan ar a bhfuil le tairiscint ag ETB Dhún na nGall maidir le soláthar breisoideachais agus oiliúna (FET) atá ábalta tacú le hinfheistíocht fhéideartha. Tá naisc láidre againn le roinnt comhlachtaí ilnáisiúnta Meiriceánacha i gContae Dhún na nGall agus tá taithí nach beag againn ar obair as lámh a chéile leo le hoiliúint shaincheaptha a fhorbairt a fhreastalóidh ar riachtanais a gcuid fórsaí oibre agus ar riachtanais an fhórsa oibre sa chontae agus sa réigiún amach anseo.

Dúirt sí go bhfuil ETB Dhún na nGall ar an phríomhsholáthraí in earnáil FET Phoblacht na hÉireann i roinnt réimsí scileanna, ag leagan béime ar tháthú agus ar oibríochtaí innealtóireachta mar shampla de réimse scile – tá baill foirne ag ETB Dhún na nGall, ar saineolaithe WorldSkills iad sa réimse sin, agus ba é an ETB an chéad cheann in earnáil FET na tíre le táthú réaltachta breisithe a thabhairt isteach ina sholáthar oiliúna, rud a léiríonn go bhfuil na dálaí foghlama is úire ar fáil.

Agus é ag caint roimh an chuairt, mhínigh Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach NWRC gur shínigh Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (NWRC) dhá Mheamram Tuisceana sna Stáit Aontaithe, rud a léiríonn a thiomantas do chomhoibriú idirnáisiúnta le comhpháirtithe oideachais eile.

Dúirt sé: Tá lúcháir orainn go mbeidh bainisteoir Ionad Dearthóireachta Táirgí NWRC, Philip Devlin, ag dul ar an mhisean trádála seo agus go mbeidh sé ag cur i láthair na seirbhísí atá á dtairiscint ag ár nIonad Tacaíochta Gnó agus ionaid nuálaíochta, mar aon le dea-chleachtas a roinnt.

“Tá Phillip ag súil go mór fosta le foghlaim faoi fhorbairtí úra in Philadelphia, áit a bhfuil an Pennovation Centre ar thús cadhnaíochta ó thaobh na nuálaíochta de. Ós rud é go mbeidh muid ábalta a fheiceáil agus a thuiscint an dóigh a n-oibríonn an t-ionad sin, cuirfidh sé go mór leis an eolas is féidir a úsáid in Ionad Deartha Táirgí NWRC (PDC).

“Buaicphointe den turas in 2018 a bhí ann nuair a síníodh na Meamraim Thuisceana le Pennsylvania Department of Community and Economic Development agus le Community College of Philadelphia.

“Tá an Coláiste ag súil go mór le deiseanna líonraithe a fhorbairt, go háirithe maidir le nuálaíocht sna ceantair timpeall Philadelphia agus Pennsylvania.”

Le linn na cuairte freastalóidh na comhpháirtithe oideachais ar shraith cruinnithe agus coinní oifigiúla lena n-áirítear seoladh oifigiúil an tionscadail de chuid Scoil Deartha Iarchéime Harvard, Atlas do Réigiún Cathrach.

Glacfaidh baill oideachais na toscaireachta páirt sa Chomhdháil Golden Bridges fosta.

Beidh an misean trádála chuig SAM ar siúl ón 11-15 Samhain agus tá sé á mhaoiniú ag Oifig an Fheidhmeannais agus ag Rialtas na hÉireann.

Le níos mó eolais ar an mhisean trádála a fháil, tabhair cuairt ar www.irelandNW.com agus lean an haischlib #IrelandNW19.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Ciaran Cunningham.

Oifigí Riaracháin ETB Dhún na nGall, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn.