Tá ETB Dhún na nGall ar Cheann den Dá Chomhlacht ó Dhún na nGall a bheidh le feiceáil sa chlár Creative Company de chuid TG4

Tá ETB Dhún na nGall ar cheann de na deich bhfoirne ó Chontae Dhún na nGall, atá ag glacadh páirte i sraith úr teilifíse ar TG4 dar teideal Creative Company. Mairfidh an seó siamsaíochta ealaínbhunaithe seo ar feadh sé seachtainte ón Déardaoin, 9 Eanáir agus beidh sé ag iarraidh an t-ionad oibre is cruthaithí in Éirinn a aimsiú.

Tá deich gcomhlacht agus eagraíocht ón tír go léir ag glacadh páirte sa chlár agus ceanglaíonn Creative Company gach ceann acu le healaíontóir cumasach Éireannach, ar fud an phróisis – beidh Bríd Higgins Ní Chinnéide, péintéir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus Liam de Frinse, ealaíontóir ildisciplíneach as Béal Feirste a bhfuil duaiseanna bainte aige, ag obair leis na comhlachtaí atá i gceist.

Beidh an tionscadal á mheas ag foireann léirmheastóirí ealaíne, ar saineolaithe iad, Evelyn O’Rourke, Craoltóir RTÉ; Caomhán Mac Con Iomaire, Dánlann Náisiúnta na hÉireann; agus Helen Carroll, Business to Arts.

Bainfidh cúig ionad oibre an babhta ceannais amach agus cuideoidh vóta poiblí le cinneadh a dhéanamh maidir le cén áit oibre a bhfuil an píosa ealaíne is iontaí cruthaithe aige agus a bhfuil an teideal mar an comhlacht is cruthaithí in Éirinn tuillte aige.

Tá foireann de sheisear ball foirne ó rannóga éagsúla san eagraíocht ag déanamh ionadaíochta d’ETB Dhún na nGall. Is iad na daoine atá san fhoireann ná: Jim McGlynn, Stiúrthóir Tacaíochta agus Forbartha na hEagraíochta (OSD), Oifigí Riaracháin; Derval Newman, Oifigeach Tacaíochta Gaeilge; Cróna Kerr, Múinteoir Ealaíne agus Deartha, Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET), Srath an Urláir; Marie Crossan, Múinteoir Ealaíne, Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn; Blaine Ó’Maolagáin, Múinteoir Teicneolaíochta agus Adhmadóireachta, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn agus Colm Mac Ristéard, Bainisteoir Cúnta Ionad Traenála Leitir Ceanainn agus Gaoth Dobhair, Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET).

Is iad na naoi gcomhlacht eile a bheidh ag glacadh páirte ná: Circle K, Energia, Óstán Ghleann an Iolair, Big O Taxi’s, The Dingle Hub, Standún, Donegal Yarns, Raidió na Life agus Maurice Ward Transport.

Ní hamháin go mbeidh an comhlacht a mbeidh an bua aige ábalta a rá gurb é an comhlacht is cruthaithí in Éirinn é, ach beidh a obair ealaíne ar taispeáint go poiblí in CHQ Bhaile Átha Cliath ag croílár cheantar gnó Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse trí mhí. Cé air a mbronnfar an teideal ‘An Comhlacht is Cruthaithí in Éirinn’? Tiúnáil isteach chuig TG4 Déardaoin, 9 Eanáir ag 9.30i.n. agus thar an chéad chúig Dhéardaoin ina dhiaidh sin le hamharc ar an tsraith.

Sonraí an Ghrianghrafadóra: Sandra Buchanan