Faisnéis athbhreithnithe do scoileanna, réamhscoileanna & d’institiúidí tríú leibhéal ar an gCoróinvíreas

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis faisnéis do scoileanna, réamhscoileanna agus d’institiúidí tríú leibhéal ar Covid-19 a uasdátú; arna cur ar fáil ag an Roinn Sláinte agus Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte an FSS tar éis cruinniú de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.

Tá dochtúirí sláinte poiblí ar fáil chun dul i gcomhairle le scoileanna ar bhearta sábháilteachta a bheadh le déanamh dá mbeadh aon ábhar imní ag baill foirne nó ag daltaí.

Ba chóir d’aon duine a bhí sna réigiúin bhainteacha le 14 lá anuas agus ar a bhfuil casacht, gearranáil, deacrachtaí riospráide nó fiabhras iad féin a leithlisiú agus glao fóin a chur ar dhochtúir teaghlaigh láithreach.

Ba chóir d’aon duine atá tar éis taisteal ón na réigiúin bhainteacha agus nach bhfuil aon siomptóim orthu dul chuig http://www.hse.ie/ chun comhairle a fháil.

Is é an gníomh is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh chun muid féin a chosaint ar Covid-19 ár lámha a ní go rialta agus sláinteachas maith riospráide a bheith againn.

De réir mar a chuirfear tuilleadh comhairle nó faisnéise ar fáil, eiseofar chuig scoileanna í agus postálfar ar shuíomh gréasáin na Roinne í.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a chuireann comhairle taistil ar fáil do gach saoránach Éireannach.

Nóta – Is iad réigiúin bhainteacha Covid-19: Mórthír na Síne, an Chóiré Theas, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Iaráin agus na réigiúin seo a leanas i dtuaisceart na hIodáile – Lombardy, Veneto Emilia-Romagna agus Piedmont.

Ba chóir na PDFanna atá nasctha leis seo a léamh chun go gcuimseofar na réigiúin bhainteacha is déanaí i dtuaisceart na hIodáile (Lombardy, Veneto Emilia-Romagna agus Piedmont) agus in áiteanna eile mar atá sainithe thuas. Déanfar na PDFanna seo [scoileanna agus d’institiúidí triú leibhéal] a nuashonrú dá réir [ag an Roinn Oideachais agus Scileanna], a luaithe agus is féidir.

Tuilleadh eolais ar https://www.hpsc.ie/ .