Óstálann Seirbhís FET an chéad sraith de sheimineáir ghréasáin maidir le Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT/TEL)

Óstálfaidh Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall seachtain iontach de sheimineáir ghréasáin maidir le Foghlaim le Cuidiú Teicneolaíochta (FCT/TEL) dá cuid ball foirne an tseachtain seo ón 25-29 Bealtaine.

Le bliain anuas tá Forbairt Ghairmiúil FCT/TEL lárnach do Straitéis FCT/TEL ETB Dhún na nGall dá bhaill foirne FET agus don phlean náisiúnta FCT/TEL a bhfuil SOLAS ag tacú leis. Cuireadh réimse leathan deiseanna forbartha gairmiúla ar fáil ar fud na seirbhíse FET le cur le muinín na foirne agus iad ag úsáid teicneolaíochta le tacú lena gcleachtas agus lena fheabhsú.

Tá tionchar na dtionscnamh Forbartha Gairmiúla FCT/TEL breá soiléir go háirithe le linn ghéarchéim COVID-19 sa dóigh is go bhfuil an chianfhoghlaim in úsáid ag baill foirne lena gcuid cúrsaí agus clár a sheachadadh.

Dar le Comhordaitheoir FCT/TEL Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall Treasa Mc Ginley, “Tá seimineáir ghréasáin na seachtaine seo lárnach maidir le FCT/TEL a chur chun cinn mar thaca dár mbaill foirne uilig. Is deis iontach atá ann le baill foirne a thabhairt le chéile as gach cearn den tseirbhís FET agus an ETB i gcoitinne le neart eolais agus saineolais a roinnt faoin réimse.  Cosúil le roinnt mhaith imeachtaí, bhí ar an Ghrúpa Oibre FCT/TEL plean na bliana seo don Seimineár FCT/TEL a athdhearadh mar gheall ar bhearta srianta COVID-19. Tá sé beartaithe againn go mbeidh an-éagsúlacht ábhair sna seimineáir ghréasáin le freastal ar riachtanais na rannpháirtithe uilig.  Cuirfidh saineolaithe agus ceannairí, inmheánacha agus seachtracha, ceardlanna idirghníomhacha ar fáil a chuirfidh i láthair cén doigh ar féidir le tionchar dearfach a bheith ag an teicneolaíocht.”

Dúirt an tOifigeach Oideachais Aosaigh, Charles Gorney, “Ní bhaineann FCT/TEL leo siúd atá muiníneach maidir lena gcumas TFC agus ríomhaireachta amháin; níl an difear sin soiléir do dhaoine in amanna. I ré seo na mórathruithe digiteacha tá sé tábhachtach go dtuigeann muid cén doigh ar féidir teicneolaíocht a úsáid mar thaca don tsochaí agus fosta don tseirbhís FET. Más píosa teicneolaíochta cúnta atá ann le tacú le dalta a nótaí ranga a léamh nó má tá mac léinn innealtóireachta á thumadh i réaltacht bhreisithe leis na próisis táthaithe a thuiscint, tá teicneolaíocht le foghlaim a fheabhsú amuigh ansin d’achan duine.”

Ina theannta sin, chuir an tSeirbhís FET tionscnamh meantóireachta i bhfeidhm ar bhonn céimneach ionas go dtig le baill foirne ‘dul i bpáirt’ le comhghleacaí oibre (ó chian faoi láthair) le cuidiú lena chéile teicneolaíocht a chomhtháthú lena gcuid teagaisc.

Áiríonn a sraith seimineár gréasáin an tseachtain seo réimse leathan cainteoirí ó thaobh istigh dá chohórt de bhaill foirne mar aon le cainteoirí agus áisitheoirí iontacha seachtracha. Cuirfear na seimineáir ghréasáin ar fáil trí Google Meet agus Zoom.

  1. Dé Luain, 25 Bealtaine: Seóthaispeántas Uirlisí FCT/TEL – taispeánfaidh teagascóirí FET an dóigh ar féidir le huirlisí simplí FCT/TEL cur le teagasc agus foghlaim lena n-áirítear Padlet, ThingLink, Microsoft Immersive Reader, Google Docs Plug in agus Google Classroom.
  2. Dé Máirt, 26 Bealtaine: Oideachas Uileghabhálach le AHEAD – Éagsúlacht i ngrúpaí daltaí a thuiscint agus léargas ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar institiúidí oideachais maidir le daltaí faoi mhíchumas agus Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim a thuiscint.
  3. Dé Céadaoin, 27 Bealtaine: Seimineár Gréasáin maidir le Prodigy Learning – Acmhainní Prodigy Learning a chur i láthair le tacú le soláthar FET.
  4. Déardaoin, 28 Bealtaine: D’fhón cliste a bharrfheabhsú le hÁbhar Físe a Chruthú le Poca Productions.
  5. Dé hAoine, 29 Bealtaine: Léargas Ginearálta ar Shaoránacht Dhigiteach agus Leideanna maidir le Teicneolaíocht FCT/TEL.
 Comhordaitheoir FCT(TEL) sa Seirbhís FET, ETB Dhún na nGall Treasa Mc Ginley.