Acmhainn Mheabhairshláinte agus Folláine do Dhaltaí Forbartha ag Dalta ó Ghairmscoil na Mainistreach

Comhghairdeas le India Kennedy, dalta ó Ghairmscoil na Mainistreach, a d’fhorbair acmhainn mheabhairshláinte agus folláine do dhaltaí atá ag filleadh ar scoil i ré Covid-19; bhí India ag feidhmiú ina ról mar Ionadaí Réigiúnach an Iarthuaiscirt in Aontas Dhaltaí Dara Leibhéal na hÉireann (ISSU).

‘Cad é mar atá do Cheann?  Acmhainn le Tú a Choinneáil ag Dul i nDiaidh COVID-19, moltaí maidir le fanacht dearfach agus déileáil le strus, imní, an galar dubh agus bás i ré COVID.

India agus an ISSU a chuir an acmhainn le chéile ach fuair siad moltaí ón Sainfhoireann Altraí Cliniciúla ag Seirbhísí Meabhairshláinte Iarthar Chorcaí agus SpunOut, mar aon le tacaíocht ó Oifig an Ombudsman do Leanaí agus Cumann Náisiúnta Tuismitheoirí an ETB (ETBsNPA), an cumann ionadaíoch do Chumainn Tuismitheoirí i scoileanna ETB ar fud na hÉireann.

Dúirt Cathaoirleach ETB Dhún na nGall agus Leas-Uachtarán ETBsNPA, Geoffrey Browne, go raibh lúcháir air agus ar an Chumann tacaíocht a thabhairt don tionscnamh iontach seo atá ina shampla mhaith de chomhoibriú idir an ISSU agus an ETBsNPA ar mhaithe le daoine óga.

Is féidir an lámhleabhar a fháil anseo.

Príomhoide Ghairmscoil na Mainistreach, Geraldine Diver, Uasal, India Kennedy agus Cathaoirleach ETB Dhún na nGall agus Leas-Uachtarán ETBsNPA, an tUasal Geoffrey Browne.