Tosaíonn Clár Folláine Ionad Oibre an Fhómhair le Lá Náisiúnta Siúil.

Cuireann ETB Dhún na nGall tús lena chlár folláine foirne san Fhómhar le Lá Náisiúnta Siúil, Dé Domhnaigh 27 Meán Fómhair.

Tá baill foirne á spreagadh chun dul amach agus siúl ag am ar bith agus chomh fada agus a theastaíonn uathu ar an lá. D’fhonn na treoirlínte Covid-19 is déanaí a leanúint, spreagtar gach duine le #WalkYourTown, #WalkYourArea agus #HiddenGems a aimsiú.

Spreagtar baill foirne chun siúl i dteannta a dteaghlaigh, a gcairde, leo féin nó le grúpa siúil ach chun líon na ndaoine a choinneáil go 15 ar a mhéad.

Is féidir tuilleadh eolais faoin lá a fháil anseo: https://getirelandwalking.ie/nationalwalkingday2020/

Tá Lá Náisiúnta Siúil mar chuid de Sheachtain Spóirt na hEorpa ( Meán Fómhair 23-30) a bhfuil sé mar aidhm aige spórt agus gníomhaíocht choirp a chur chun cinn i dtíortha ar fud na hEorpa. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: https://www.sportireland.ie/participation/european-week-of-sport/national-walking-day

Coinnigh súil ar mheán shóisialta ETB Dhún na nGall (Twitter, Facebook agus Instagram) agus cuntas a scoileanna agus a hionad trí #DLETBWellbeing le haghaidh íomhánna den lá.