Tús Curtha le Séasúr Gailf 2020/2021 do Chumann Gailf ETB Dhún na nGall

Tá séasúr úr do Chumann Gailf ETB Dhún na nGall ar tí tosú. Bunaíodh Cumann Gailf ETB Dhún na nGall in 1993. Bhí 73 ball ann ar dtús; tá a 28ú bliain bainte amach aige anois. Jim McGlynn a bheidh ina Chaptaen do shéasúr 2020/2021 agus beidh Kathleen Gallagher ina Leaschaptaen.

Tugann an Cumann an deis dá chuid ball galf a imirt ar réimse iontach cúrsaí agus tugann sé an seans dóibh bualadh le daoine nua, a scíth a ligean i gcomhluadar cairdiúil agus sult a bhaint as an chraic agus an spraoi a théann leis sin.

Nuair a rachaidh siad isteach sa Chumann, tabharfar cis dóibh siúd nach bhfuil cis acu ionas go dtig leo tosú.

Is iomaí ball de Chumann Gailf ETB Dhún na nGall nach raibh ina bhall de Chumann Gailf sula ndeachaigh siad isteach ann. Mar sin, tá an Cumann ina bhealach iontach maith chun daoine a thosú ar an chluiche. Freastalaíonn an Cumann ar gach Catagóir de ghalfóir – an seanghalfóir gairmiúil, an t-éilitheoir óg agus daoine a bhfuil ciseanna arda agus ísle acu!  De bharr nach bhfuil ach íocaíocht bhallraíochta de €30 ar a mhéad i gceist le dul isteach sa Chumann agus na gnáth-Tháillí Imeartha, ciallaíonn sé go bhfuil sé i bhfad níos réasúnta i gcomparáid le níos mó ná táille de €600 nó níos mó a bhíonn i gceist de ghnáth le dul isteach i gCumann Gailf.

Cuirtear fáilte roimh bhaill úra i gcónaí – más ball foirne, ball den Bhord, den Choiste nó den Bhord Bainistíochta thú, le do thoil, dean teagmháil le Rúnaí an Chumainn, Jim McGlynn (jimmcglynn@donegaletb.ie nó 086 227 1435) le dul isteach sa Chumann.

Seo a leanas an sceideal imeachtaí/turas don bhliain amach romhainn; Sathairn atá i gceist den chuid is mó:

  1. 03 Deireadh Fómhair 2020 – Cumann Gailf Bhun Cranncha
  2. 24 Deireadh Fómhair 2020 – Cumannn Gailf Dhún Fionnachaidh
  3. 21 Samhain 2020 – Cumann Gailf Phort an tSalainn
  4. 02 Eanáir 2021- Cumann Gailf Dhún na nGall, Míobhaigh
  5. 06 Feabhra 2021 – Cumann Gailf Mhachaire Loiscthe (Cnoic an Ghainimh)
  6. 06 Márta 2021 – Cumann Gailf an Chaisleáin Nua
  7. 17 Aibreán 2021 – Cumann Gailf Bhealach Féich & Shrath an Urláir do “Corn Cuimhneacháin Chumann Gailf ETB Dhún na nGall” i gcuimhne ar Michael McGrath agus ar gach Ball den Chumann atá ar shlí na fírinne.
  8. 22 Bealtaine 2021 – Cúrsa/Ionad le deimhniú más rud é go gcuirfear aon cheann de na turais roimhe sin ar ceal de bharr drochaimsire nó Cumann Gailf Leitir Ceanainn (Gradam an Chaptaein)
  9. 23 Iúil 2021 (Dé hAoine) Cumann Gailf Leitir Ceanainn; Gradam an Chaptaein (mura bhfuil an 22 Bealtaine ar fáil)

Mar aon leis na gradaim a bhronntar ag gach ócáid, tugtar cuireadh do gach rannpháirtí páirt a ghlacadh sna Comórtais Foirne: Galfóir ETB Dhún na nGall na Bliana, Corn Cuimhneacháin Magnificent 7 Mary Anne Kane agus Corn Sheáin Uí Longáin.

Le coinneáil cothrom le dáta leis an Chumann Gailf, íoslódáil an TeamApp saor in aisce agus cuardaigh le haghaidh Cumann Gailf ETB Dhún na nGall le fanacht i dteagmháil le gach imeacht, eolas, scór agus sceideal. Is féidir eolas faoi gach imeacht/turas a fháil ar leathanach Facebook ETB Dhún na nGall fosta.