Seirbhísí ETB Dhún na nGall ag Leanúint ar Aghaidh le linn Leibhéal 5 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19

Fanfaidh gach iar-bhunscoil de chuid ETB Dhún na nGall oscailte agus beidh bearta cosanta i bhfeidhm iontu faoi mar atá leagtha síos i Leibhéal 5 den Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, an leibhéal a mbeidh Co. Dhún na nGall ag bogadh chuige ó mheán oíche, Dé Céadaoin, 21 Deireadh Fómhair. Tá an ráiteas ón Aire Oideachais Norma Foley maidir le feidhmiú sábháilte na scoileanna a choinneáil ag gabháil le linn bhearta Leibhéal 5 i bhfeidhm.

Fanfaidh Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall oscailte le seirbhísí riachtanacha a chaomhnú agus le haghaidh an tsoláthair teagaisc seo a leanas: Printíseachtaí agus cúrsaí oiliúna atá praiticiúil den chuid is mó, Foghlaim don Saol, Cumasóige agus Sainchláir Oiliúna.

Bogfar cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna), an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI), Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) agus soláthar teagaisc in ionaid ar líne, mar a bhogfaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le Treoir d’Aosaigh agus Seirbhís Eolais.

Beidh daoine de dhíth ar an láthair le haghaidh gníomhaíochtaí ar leith m.sh. cleachtaí saotharlainne, ranganna praiticiúla agus scrúduithe nach féidir a reáchtáil go cianda; beidh siad ar siúl in ionaid mar sin.

Tá an ráiteas ón Aire Breisoideachais agus Ardoideachais Simon Harris i bhfeidhm.

Fanfaidh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm ar feadh tréimhse sé seachtaine go dtí Dé Máirt, 01 Nollaig, i ndiaidh fógra ón Taoiseach Micheál Martin inné, Dé Luain, 19 Deireadh Fómhair.

Fanfaidh Oifigí Riaracháin ETB Dhún na nGall i Leitir Ceanainn druidte don phobal i gcoitinne. Mar sin féin, leanfaidh na socruithe maidir le leanúnachas gnó ar aghaidh i dtaca le seirbhísí riachtanacha riaracháin, lena n-áirítear mic léinn, baill foirne agus soláthraithe a íoc. Amharc ar an nasc COVID-19 ar ár láithreán gréasáin fosta, le do thoil, le breis eolais agus sonraí teagmhála na foirne a fháil.

Impíonn ETB Dhún na nGall ar gach mac léinn, baill foirne, teaghlaigh agus cairde cloí le treoirlínte sláinte poiblí maidir le déileáil le COVID-19.

Scoileanna ETB Dhún na nGall:

  1. Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall
  2. Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
  3. Coláiste Chineál Eoghain, Bun Cranncha
  4. Coláiste na Carraige, An Charraig
  5. Coláiste Pobail Cholmcille, Toraigh
  6. Coláiste Cranncha, Bun Cranncha
  7. Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth
  8. Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn
  9. Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir
  10. Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir
  11. Gairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór
  12. Coláiste Mhaigh Éne, Bun Dobhráin
  13. Coláiste Pobail Bhun an Phobail
  14. Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach
  15. Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga

Ionaid Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall:

  1. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Béal Átha Seanaidh
  2. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Bun Cranncha
  3. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall
  4. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile Dhún na nGall (Ardscoil na gCeithre Máistrí)
  5. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Gort an Choirce
  6. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Leitir Ceanainn
  7. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Baile na nGallóglach
  8. Ionad Breisoideachais & Oiliúna, Srath an Urláir (Gleann na Finne)
  9. Ionad Oiliúna ETB, Leitir Ceanainn (Baile Raithin)
  10. Ionad Oiliúna ETB, Gaoth Dobhair
  11. Ionad Cumasóige, Bun Cranncha
  12. Ionad Cumasóige, Gleann Gad
  13. Ionad Cumasóige, Leitir Ceanainn
  14. Ionad Cumasóige, Leifear
  15. Seirbhís Treorach d’Aosaigh (Leitir Ceanainn agus Baile Dhún na nGall)

Le breis eolais a fháil, le do thoil, déan teagmháil le ETB Dhún na nGall ar info@donegaletb.ie.

Tá breis eolais faoi ETB Dhún na nGall ar fáil ar an láithreán gréasáin seo (www.donegaletb.ie) agus ar ár gcuntais mheán sóisialta  – Facebook, Twitter, Instagram, YouTube and LinkedIn.