Dúshlán Tiomsaithe Airgid Ar Leith Seolta ag Coláiste an Eargail Ar Mhaithe le Carthanas Fiúntach Áitiúil

Coláiste an Eargail ag tabhairt airgid d’achainí ciseán Nollag Chumann Naomh Uinseann de Pól le fiche bliain anuas. De ghnáth, ag an am seo den bhliain, bheadh an scoil gnóthach ag bailiú, ag sórtáil agus ag pacáil tabhartas bia a fuarthas ó dhaltaí agus ó bhaill foirne don fheachtas bhliantúil ciseán, feachtas a raibh na mílte ciseán mar thoradh air thar na blianta. Ar an drochuair, de bharr shrianta COVID-19 i mbliana ní féidir tabhartais bhia a bhailiú mar is gnách.

Mar gheall ar thioncar leanúnach COVD-19, tháinig an scoil aníos le cur chuige ar leith le daoine a choinneáil sláintiúil agus gníomhach agus iad ag bailiú airgid do Chumann Naomh Uinseann de Pól (SVP) agus muid ag druidim leis an am is gnóthaí den bhliain dóibh.

Tá Coláiste an Eargail ag tabhairt a ndúshlán do dhaltaí, do bhaill foirne, do ghnólachtaí agus d’ionaid oibre áitiúla agus go deimhin don phobal i gcoitinne, 100km a rith, a shiúl nó é a dhéanamh ar na ceithre boinn sna sé seachtaine amach romhainn, ag tosú Dé Luain, 16 Samhain. Is ionann é sin ag 16.7km in aghaidh na seachtaine nó tuairim is trí 5km.

Cé nach mbeidh dianghlasáil Leibhéal 5 ag críochnú go dtí an 01 Nollaig, tá daoine gnóthach cheana féin ag tabhairt aire dá bhfolláine fhisiceach agus mheabhrach trí na cosáin a bhualadh tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine. Mar sin, cad chuige nach bhfaighfeá do theaghlach le glacadh leis an dúshlán agus do chairde, do chomhghleacaithe nó d’fhoireann ionaid oibre a fháil le hurraíocht a dhéanamh ort ar mhaithe le cúis mhór mhaith agus leanúint ar aghaidh le do dhea-nósanna i rith mhí na Nollag?

Baileofar gach tabhartas trí shainleathanach tiomsaithe airgid ar shuíomh gréasáin SVP agus gheobhaidh an carthanas 100% de na tabhartais de thairbhe nach mbeidh aon táille sheirbhíse i gceist le hairgead a thabhairt. Roinnfear tabhartais go cothrom idir Brú Naomh Colm Cille i Leitir Ceanainn agus Brainse Leitir Ceanainn de SVP.

Le hairgead a thabhairt lean an nasc seo, le do thoil: https://www.svp.ie/errigalcollege100kmchallenge