Tuarascáil Bhliantúil do 2019 Foilsithe ag ETB Dhún na nGall

D’fhoilsigh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Thuarascáil Bhliantúil do 2019 inniu, doiciméad a thugann achoimre ar an réimse leathan seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chuir an ETB ar fáil.

Bhí níos mó daltaí ná riamh ag an ETB in 2019; bhí thar 29,000 daltaí ag freastal ar a chuid scoileanna, ar a Sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET), ar Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin agus ar Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall.

Tá cúig déag as na seacht n-iar-bhunscoil is fiche i gCo. Dhún na nGall á mbainistiú go díreach ag ETB Dhún na nGall; bhí 5,432 dalta ag freastal orthu in 2019. Is comhpháirtí iontaobhaí é fosta an ETB d’ocht bPobalscoil agus scoil Chuimsitheacha eile sa chontae.

Thacaigh a réimse leathan de chúrsaí Breisoideachais agus Oiliúna (FET) le 11,986 dalta trasna réimse leathan roghanna oideachais agus oiliúna i rith na bliana. Fad is gur thapaigh 10,043 dalta an deis le cúrsaí a dhéanamh i nGartán agus d’fhreastail 1,880 ar ranganna ceoil lena sheirbhís ceoil.

Déanann an ETB a chuid seirbhísí a thomhas trasna trí réimse eochairthosaíochta – teagasc agus foghlaim; eagraíocht fhorásach, chuntasach agus ag oibriú le comhpháirtithe; tugtar achoimre ar na heochairthosaíochtaí sin ina Ráiteas Straitéise, ‘Lean ar Aghaidh’, agus ina Phlean Seirbhíse do 2019.  Thacaigh foireann de 1,600 ball foirne lánaimseartha agus páirtaimseartha agus buiséad de €76.8m le seachadadh a chuid seirbhísí; ciallaíonn sé sin go bhfuil an ETB ar cheann de na fostóirí is mó sa chontae.

An Clr Martin Harley a bhí mar Chathaoirleach ETB Dhún na nGall in 2019 agus dúirt sé gur “bliain thar a bheith tairbheach a bhí ann dó ina ról mar Chathaoirleach. Bliain thar a bheith bisiúil a bhí ann mar gheall ar an idirghníomhaíocht agus an obair lenár réimse leathan d’eagraíochtaí comhpháirtíochta, an Leaschathaoirleach, an Clr Niamh Kennedy, Comhaltaí Boird, an Príomhfheidhmeannach agus a foireann dhíograiseach. Léiriú ar an obair iontach atá á déanamh lenár gcomhpháirtithe ba ea an cuireadh a tugadh don POF agus don Bhainisteoir Oiliúna Limistéir le páirt a ghlacadh sa toscaireacht bhliantúil trasteorann de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall / Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chuig SAM i Samhain. Lig an turas d’ETB Dhún na nGall a chur os comhair an phobail cad a thig leis a thairiscint i dtéarmaí oideachais agus oiliúna d’earnáil na tionsclaíochta atá lonnaithe anseo i nDún na nGall nó iad siúd atá ag smaoineamh ar lonnú anseo.”

Agus í ag caint faoi fhoilsiú na tuarascála, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Tá lúcháir orainn cead a fháil ón Roinn Oideachais lenár dTuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú do 2019. Is mór againn an deis le sárobair ETB Dhún na nGall a roinnt lenár bpáirtithe leasmhara agus le pobail Chontae Dhún na nGall agus níos faide i gcéin.  Tá súil againn go mbeidh an tuarascáil spéisiúil agus faisnéiseach agus tá muid ag súil le leanúint ar aghaidh ag obair leis an tseirbhís oideachais agus oiliúna is fearr agus is féidir a chur ar fáil do mhuintir an chontae.”

Is éard atá i gceist le Bord ETB Dhún na nGall ná dhá ionadaí déag tofa, beirt bhall foirne, beirt tuismitheoirí, dhá ionadaí ó thionscail áitiúla agus trí ionadaí ó chomhlachtaí a bhfuil spéis faoi leith acu san oideachas agus   san oiliúint, nó a  bhfuil  eolas  faoi  leith  acu  maidir  leis sin.

Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.