Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh

Image of Chief Executive Anne McHugh

Ní bheidh Nollaig 2020 cosúil le Nollaig ar bith eile a bhí againn roimhe seo agus ba mhaith liom an deis seo a thapú le haithint cé chomh deacair agus a bhí an bhliain seo do gach duine. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an fhoireann agus leis na daltaí inár gcuid Scoileanna agus Ionad ar fud an chontae; chuir siad go mór le hobair iontach ETB Dhún na nGall le linn 2020 in ainneoin na gcúinsí dúshlánacha.

Thosaigh 2020 mar is gnách le Seimineár an Bhainisteora i mí Eanáir ach bhí an-chuid cainte faoi víreas i mí Feabhra agus muid ag leanúint ar aghaidh lenár searmanais bhronnta dár mic léinn FET.  Beidh cuimhne againn uilig go deo ar an 12 Márta agus sna laethanta, seachtainí agus míonna ina dhiaidh sin tháinig athrú ollmhór ar ár ndialanna agus ar ár saol. Aithním na héachtaí iontacha a rinneadh ag gach leibhéal dár n-eagraíocht le linn 2020 a lig d’ETB Dhún na nGall leanúint air ag cur seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil do mhuintir Dhún na nGall.  Caithfear aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do dhúthracht ár mball foirne, arna dtreorú ag ár mbainisteoirí, as an dóigh ar lean siad orthu ag cur seirbhís Teagaisc agus Foghlama ar ardchaighdeán ar fáil, arb é sin príomhghnó ETB Dhún na nGall, de réir mar a bhí muid uilig ag streachailt le dul i dtaithí ar bhealach úr le gnó a dhéanamh.  Tá na trí chuid is tábhachtaí dár n-eagraíocht á dtreorú ag ár Stiúrthóirí: Cróna Gallagher (Breisoideachas agus Oiliúint (FET)), Jim McGlynn (Tacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD)) agus an Dr Martin Gormley (Scoileanna); déanann siad sárjab maidir le baill foirne a threorú laistigh dá réimsí. Dar ndóigh, tá ár bhfoireann tacaíochta mar pháirt riachtanach de rath ár mBoird Oideachais agus Oiliúna; ní thiocfadh linn ár réimse leathan seirbhísí a thairiscint don phobal ach ab é iad. Thug ár bhfoireann glantacháin agus airíochais faoi thasc ollmhór agus muid ag ullmhú lenár scoileanna agus ár n-ionaid a athoscailt san Fhómhar agus leanann siad orthu ag obair go dícheallach le ligean don teagasc agus don fhoghlaim leanúint ar aghaidh; bhí comhoibriú leanúnach ár gcuid daltaí, teaghlach agus pobal riachtanach dár gcuid iarrachtaí maidir leis sin.

Spreag an phaindéim muid go barr ár gcumais agus rinne gach duine in ETB Dhún na nGall a sheacht ndícheall le linn 2020. Thacaigh baill foirne le gnólachtaí, sheachaid siad beartáin bhia, phostáil siad bileoga oibre, d’eagraigh siad searmanais bhronnta céimeanna ar líne agus chuidigh siad le daltaí Ardteistiméireachta teacht as bliain a bhí thar a bheith deacair.

Toghadh ár gCathaoirleach úr, an Clr Albert Doherty, le déanaí agus ba mhaith liom gach rath a ghuí air agus ar ár Leaschathaoirleach, an Clr Gary Doherty, agus iad ag tabhairt faoina róil úra.   Gabhann muid buíochas lenár gCathaoirleach agus lenár Leaschathaoirleach atá ag dul as oifig, an tUasal Geoffrey Browne agus an Clr Rena Donaghey, agus molann muid iad as a sárobair, in ainneoin na srianta a bhí ag cur as dóibh.  Chuaigh ár gcomhghleacaí urramach, an tUasal Noel Rodden, ar shlí na fírinne i mí na Samhna agus chuimhnigh comhaltaí Boird air le haithisc ómóis ó chroí ag a chruinniú le gairid; comhalta Boird a bhí tiomanta agus comhbhách ba ea Noel, duine a d’oibrigh gan stad gan staonadh do mhuintir an chontae agus é ina bhall de Bhoird Bhainistíochta agus d’Aontas Múinteoirí Éireann (TUI). Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Tá ár Stiúrthóir OSD, an tUasal Jim McGlynn, ag feidhmiú sa ról sin le fada an lá; tá sé ag éirí as i ndiaidh beagnach 43 bliain de sheirbhís phoiblí.  Guíonn muid gach rath ar Jim agus é ag éirí as; tá saol úr tuillte go maith aige.

Luaigh mé bás brónach ár gComhalta Boird, Noel Rodden, agus is mian liom ag an staid seo fosta cuimhneamh a dhéanamh ar na daoine sin uilig nach bhfuil linn níos mó; déanann muid comhbhrón ó chroí le gach duine ar bhásaigh duine muinteartha leo le linn 2020.

Ní raibh muid ag súil le Bliain Úr riamh chomh mór agus atá muid anois; tá súil againn go dtabharfaidh sí léi deireadh thorthaí uafásacha na paindéime.  Beidh 2021 níos fearr mar bhliain agus beidh muidne níos láidre mar gheall ar thrialacha 2020 i roinnt mhaith bealaí. D’fhoghlaim muid bealaí úra le rudaí a dhéanamh le cuidiú na teicneolaíochta agus tá a fhios againn go dtiocfaidh ár spiorad nuálaíochta ina áit féin agus muid ag tabhairt faoi dhúshláin úra an bhliain seo chugainn.   Guím gach rath ar gach aon duine lena gcuid iarrachtaí don bhliain amach romhainn ach thar aon rud eile guím sláinte mhaith oraibh agus ar bhur dteaghlaigh agus daoine muinteartha. Bíodh sos sábháilte agus síochánta agaibh thar an Nollaig agus an Bhliain Úr, le bhur dtoil. Leanann muid orainn ag impí oraibhse cloí le treoirlínte sláinte an Rialtais maidir le COVID-19. Tá muid ag súil go mór le 2021 agus le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre thar ceann mhuintir Dhún na nGall.

“Éiríonn an ghrian in ainneoin achan uile rud agus tá na cathracha i bhfad uainn galánta agus geal.” – Derek Mahon, Beidh Achan Rud i gCeart.

Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.