Meamram tuisceana ar chomhoibriú ríomhshínithe ag LYIT agus ag ETB Dhún na nGall

Tá meamram tuisceana (MT) athshínithe ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) agus ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB Dhún na nGall) inniu, rud a chiallaíonn go leanfaidh siad ar aghaidh lena gcuid iarrachtaí le feabhas a chur ar naisc oideachais idir an dá eagraíocht.

Síníodh an meamram tuisceana roimhe seo in 2016 agus tógann an MT foirmiúil seo ar an chomhoibriú a théann i bhfad siar agus ar chomhpháirtíocht sheanbhunaithe idir an dá eagraíocht a bhí tairbheach don dá cheann agus atá ag teacht leis an Straitéis Náisiúnta don Ard-oideachas go dtí 2030 agus le polasaí an rialtais.  Is é an príomhchuspóir a bhaineann leis an MT deiseanna agus conairí feabhsaithe  chun cinn a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí de réir na Straitéise Breisoideachais agus Oiliúna, 2020-2024.

Tá lúcháir ar Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, an MT le LYIT a athnuachan. Dúirt sí:

“Leagann ETB Dhún na nGall béim mhór ar a chuid oibre le LYIT mar go dtig leis an dá eagraíocht na buntáistí a bhaineann le comhoibriú a fheiceáil dár gcontae.  D’oibir an dá eagraíocht go han-mhaith lena chéile le próisis úra a chur i bhfeidhm le ligean dúinn aidhmeanna an MT a bhaint amach.  Tá ETB Dhún na nGall ag súil le tógáil ar a bhfuil bainte amach go dtí seo agus leis na naisc a láidriú níos mó sna blianta amach romhainn.”

D’fháiltigh Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, roimh athshíniú an MT le ETB Dhún na nGall ag rá:

“Bhí an caidreamh idir LYIT agus ETB Dhún na nGall an-láidir thar na blianta; tá roinnt beart suntasach déanta i réimsí éagsúla le cúig bliana anuas.  De réir mar a bhogann LYIT i dtreo stádas mar Ollscoil Teicneolaíochta tá sé thar a bheith tábhachtach go gcoinneofar ár gcaidreamh le ETB Dhún na nGall agus go dtógfar air sin ar mhaithe leis na daoine inár réigiún.”

Bunaíodh Grúpa Pleanála Straitéisí agus tagann sé le chéile uair sa ráithe anois le plé a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar fhorbairt straitéiseach na comhpháirtíochta. Mar gheall air sin, tá bealaí agus conairí úra chun cinn forbartha le cúig bliana anuas a chuireann deiseanna ar fáil dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa réigiún.

Chuidigh na conairí sin le níos mó mac léinn deiseanna oideachais a thapú i réigiún an Iarthair/Iarthuaiscirt agus cuireadh níos mó deiseanna ar fáil do mhic léinn le cláir foghlama sholúbtha a dhéanamh. Chuige sin, baineadh úsáid as Aitheantas Réamhfhoghlama agus Foghlaim Obairbhunaithe.

Mar gheall ar an chomhpháirtíocht tá mapáil déanta ar sholáthar clár breisoideachais agus ardoideachais sa réigiún le bealaí chun cinn níos fusa a éascú idir cláir atá á reáchtáil ag ETB Dhún na nGall agus ag LYIT. Chomh maith leis sin shainaithin an chomhpháirtíocht bearnaí maidir le soláthar agus deiseanna do chláir úra atá ceangailte le riachtanais scileanna aitheanta, go náisiúnta agus go réigiúnach. A bhuí leis an mhapáil atá déanta ar bhonneagar breisoideachais agus ardoideachais an dá eagraíocht beifear ábalta feabhas a chur ar dheiseanna foghlama agus ar eispéireas na mac léinn agus soláthar oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a chur ar fáil a thógfaidh ar láidreacht an dá chomhpháirtí agus a cheadóidh forbairt i réimsí gaolmhara.

Ina theannta sin, chuir an MT deiseanna forbartha, deiseanna scolártha, agus deiseanna taighde ar fáil do bhaill foirne agus bhí siad ábalta tairbhe a bhaint as réimsí comhlántacha saineolais agus chuidigh sé le riachtanais fostóirí maidir le scileanna a shainaithint go háitiúil agus go réigiúnach.

Le cúig bliana anuas, d’fhorbair an dá eagraíocht roinnt tionscnamh go comhoibríoch. Ina measc tá soláthar Printíseachtaí; Rochtain ar Rochtain; bunchlár staidéir a chuireann rochtain chothrom ar ardoideachas chun cinn i réigiún an Iarthuaiscirt; ‘Cumas Mata’, dianchúrsa do mhic léinn Ardteistiméireachta a éascaíonn dul chun cinn; tionscnamh ‘Mapaí agus Bearnaí’, conairí trasteorann a fhorbairt; Comhghníomhaíochtaí Rannpháirtíochta Scoileanna; athbhreithniú Dearbhaithe Cáilíochta; Forbairt na Braisle TFC/Teicneolaíochta Airgeadais; cláir oideachais Múinteoirí; comhoibriú ar an Chlár Oiliúna in Oibríochtaí Innealtóireachta agus clár frithbulaíochta Erasmus+.

Rachaidh athshíniú an MT go mór chun tairbhe do réigiún an Iarthuaiscirt. Leanfaidh an dá eagraíocht le tógáil ar an chomhoibriú san am atá le teacht.

Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, agus Uachtarán LYIT, Paul Hannigan, ag athshíniú an MT idir an dá eagraíocht.