Athbhreithniú Tionscnaimh ar Chóras Dearbhaithe Cáilíochta na Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna Tagtha Chun Críche

Chuir an tSeirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) deireadh le hathbhreithniú tionscnaimh seachtaine thar a bheith táirgiúil ar a córas dearbhaithe cáilíochta ar an 28 Bealtaine le foireann athbhreithnithe idirnáisiúnta arna ceapadh ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI). I mí an Mhárta sheol QQI an tAthbhreithniú Tionscnaimh ar Dhearbhú Cáilíochta ar fud na hearnála Breisoideachais agus Oiliúna (FET) de chuid na sé ETB déag in Éirinn. Ba í Seirbhís FET ETB Dhún na nGall an ceathrú ceann sa tír a chuaigh fríd an próiseas.

Thosaigh an tSeirbhís FET ag ullmhú a Tuarascála Féinmheastóireachta i mí Eanáir 2020; chuir sí Próifíl Soláthraí isteach i mí na Samhna 2020 agus chuir sí a príomhThuarascáil Féinmheastóireachta isteach i mí Feabhra na bliana seo. Reáchtáladh cruinniú pleanála tosaigh ag deireadh mhí an Mhárta leis an Chathaoirleach agus leis an Athbhreithneoir Comhordaithe den Fhoireann Athbhreithnithe. Thosaigh an phríomhchuairt athbhreithnithe leis an fhoireann iomlán ar líne ar an 24 Bealtaine le naoi gcruinniú is fiche sceidealaithe ar fud na seachtaine le 156 ball foirne, mac léinn agus roinnt mhaith páirtithe leasmhara as gach cearn den chontae.

Ag an chruinniú dheiridh Dé hAoine, 28 Bealtaine cuireadh aiseolas tosaigh an-dearfach i láthair. Thug an fhoireann athbhreithnithe dá haire go raibh sé soiléir go bhfuil misean foghlaimeoirlárnach ETB Dhún na nGall ag croílár gach gníomhaíocht FET agus thug an fhoireann dá haire, go háirithe, paisean agus tiomantas na mball foirne FET agus  sárleibhéal rannpháirtíochta na mball foirne, na mac léinn agus na bpáirtithe leasmhara seachtracha sa phróiseas athbhreithnithe é féin. Mhol an fhoireann an ról ceannaireachta a ghlac an tSeirbhís FET sna réimsí: Rochtain, Aistriú agus Dul Chun Cinn agus Aitheantas Réamhfhoghlama, freagairt ghasta na Seirbhíse ar phaindéim COVID-19, go háirithe i bhfianaise dhaonra ilchineálach agus leagan amach tíreolaíoch an chontae, agus forbairt úr clár trasna réimse forais cáiliúcháin.

Labhair Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, faoin scéal ag rá, “Féachann an próiseas dearbhaithe cáilíochta le forbairt bhreise cultúir cáilíochta laistigh d’ETBanna a spreagadh níos mó agus le cur le muinín an phobail maidir le cáilíocht an tsoláthair FET trí thrédhearcacht agus feasacht phoiblí a chur chun cinn. Tá lúcháir orainn go bhfuil an t-athbhreithniú tábhachtach seo críochnaithe againn; d’fhoghlaim muid a lán rudaí ón eispéireas agus ní féidir leis sin ach feabhas a chur ar an tseirbhís a chuireann muid ar fáil dár bpobal i nDún na nGall. Tá muid thar a bheith sásta gur mhol na torthaí tosaigh ón fhoireann athbhreithnithe ár gcur chuige foghlaimeoirlárnach agus paisean agus tiomantas ár gcuid foirne. Tá muid ag súil go mór le foilsiú na tuarascála deiridh.”

Cuirfear an tuarascáil ar fáil san Fhómhar.