Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú 2021

Tá gairm oscailte ar mhaoiniú seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, i gcomhar le SOLAS; tá sé mar aidhm ag an mhaoiniú tacaíocht a thabhairt do Sholáthraithe/Ghrúpaí áitiúla Oideachais Pobail.

Tógann Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú (MAEDF) 2021 ar rath an chiste roimhe sin (2020) agus tá sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i gcás foghlaimeoirí áirithe. Tá an ciste dírithe go háirithe ar thacú le spéis na ndaoine san fhoghlaim a mhúscailt nó a athmhúscailt. Tá sé mar aidhm ag an ghairm seo bacainní ar rannpháirtíocht i FET a laghdú, go háirithe trí rochtain níos mó ar theicneolaíochtaí digiteacha, ar threalamh agus ar acmhainní eile a éascú.

Reáchtálfar dhá sheisiún eolais ar líne do gach grúpa iarratasóirí féideartha ar na dátaí seo a leanas:

  • Déardaoin, 19 Lúnasa ag 11.00 r.n.
  • Dé Céadaoin, 25 Lúnasa ag 11.00 r.n.

Le clárú agus do spéis a léiriú sa scéim agus sa seisiún eolais, seol freagra chuig martinaneedham@donegaletb.ie ag lua go sonrach cé acu seisiún ar mhaith leat freastal air. 

Déardaoin, 16 Meán Fómhair, 2021 is ea an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach.