Boird Oideachais agus Oiliúna “ag cur go mór le hionchuimsiú gníomhach in Éirinn” dar le Suirbhé

Is léir ó shuirbhé ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) arna sholáthar ag na 16 Bord Oideachais agus Oiliúna in Éirinn (ETBanna) a foilsíodh inniu go n-áiríonn na buntáistí agus na torthaí FET do rannpháirtithe réimse leathan buntáistí sna catagóirí seo a leanas: buntáistí pearsanta, buntáistí oideachas, buntáistí sóisialta, buntáistí fostaíochta agus buntáistí pobail:

  • Dar leis an suirbhé gurb iad na foghlaimeoirí a bhaineann an tairbhe is mó as ionchuimsiú gníomhach ná daoine a bhfuil dúshláin litearthachta, dúshláin uimhearthachta agus dúshláin maidir le scileanna digiteacha acu (89%), luathfhágálaithe scoile (85%), daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu (83%), daoine atá dífhostaithe (82%) agus daoine atá thíos leis an bhochtaineacht agus le heisiamh sóisialta, nó i mbaol ó na fadhbanna sóisialta sin (79%).
  • Is iad na buntáistí agus na torthaí is coitianta a bhaineann le páirt a ghlacadh i gcúrsaí dar le freagróirí ná buntáistí agus torthaí pearsanta (76%), buntáistí agus torthaí oideachais (67%), buntáistí agus torthaí sóisialta (65%), buntáistí agus torthaí fostaíochta (33%) agus buntáistí agus torthaí pobail (30%).
  • D’aontaigh formhór na bhfreagróirí (go láidir) gur glacadh le daoine ó chúlraí éagsúla agus gur cuireadh fáilte rompu, d’aontaigh 88% d’fhreagróirí (go láidir) go bhfuil an timpeallacht ina reáchtáiltear cúrsaí ETB inrochtana agus ionchuimsitheach do dhaoine de gach cumas agus ó gach cúlra. Dúirt na freagróirí ar fad beagnach (97%) go molfadh siad do dhaoine eile páirt a ghlacadh i gcúrsa ETB.

Agus é ag cur fáilte roimh an Staidéar ar ról, ar ionchur agus ar thionchar Sheirbhísí FET ETB ar Ionchuimsiú Gníomhach in Éirinn, dúirt John Kearney, Príomhfheidhmeannach ETB an Chabháin agus Mhuineacháin agus Ionadaí d’Fhóram na bPríomhfheidhmeannach: “Feidhmíonn Boird Oideachais agus Oiliúna mar chrainn taca ina gcuid pobal agus cuireann siad foghlaim ar feadh an tsaoil ar fáil do gach duine. Is cuma cé thú féin nó cárb as duit, léiríonn an staidéar seo go gcuirfear fáilte romhat agus go mbainfidh tú tairbhe as na torthaí pearsanta, oideachais, sóisialta, fostaíochta agus pobail a chuireann ETBanna ar fáil.”

Agus é ag seoladh an tsuirbhé agus páipéar eile i gCeantar Dugaí Bhaile Átha Cliath mar pháirt dá spreagaitheasc, dhírigh Ted Fleming, Ollamh Taca Comhlach le hOideachas Aosach in Ollscoil Columbia, ar mheabhairshláinte agus ar an dóigh ar féidir oideachas “aitheantas” a thabhairt – go bhfuil sé toilteanach éisteacht leis an fhoghlaimeoir agus fírinne a s(h)aoil a aithint. Thug Catherine Pattinson, foghlaimeoir ó ETB Chorcaí, breac-chuntas ar an turas a bhí ag a teaghlach féin maidir le hionchuimsiú gníomhach.

Áiríonn an staidéar agus páipéar a ghabhann leis maidir le hOideachas Pobail a seoladh inniu fosta, cás-staidéir ar chuid de na cláir atá á seachadadh ag ETBanna. Agus í ag caint faoi na nithe thuasluaite, dúirt Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETBI Fiona Maloney: “Trí chláir chreidiúnaithe agus neamhchreidiúnaithe, cuireann ETBanna gach rud ar fáil ó chlár teicneolaíochta a thacaíonn le daoine breacaosta go cadhcáil do dhaideanna ar baill den lucht Taistil iad agus clár maidir le laochra cultúir do phobail úra na hÉireann. Téann cláir eile i ngleic le haonrú tuaithe agus le haonrú uirbeach, aireachas do dhaoine atá faoi mhíchumas agus obair adhmaid dóibh siúd atá ag teacht chucu féin ó andúil mar aon le cláir ceannaireachta pobail.” Chuir sí leis an mhéid sin ag rá: “Chomh maith leis sin, baineann Ionchuimsiú Gníomhach ETB leis na tacaíochtaí a chur ar fáil atá de dhíth le tacú le mic léinn ar an turas foghlama.”

Is iad na cineálacha tacaíochtaí foghlama is coitianta a fuair na freagróirí sa staidéar ná tacaíocht scileanna digiteacha (60%), trealamh/gléas a fháil ar iasacht, m.sh. ríomhaire (50%), treoir/comhairleoireacht (50%) agus tacaíocht litearthachta/uimhearthachta (43%).