Glór na Mac Léinn, Seó Bóthair na Seirbhíse Breisoideachais agus Oiliúna, Reáchtáilte Ar Líne

Bhí deis ag mic léinn Bhreisoideachais agus Oiliúna (FET) atá ag tabhairt faoi chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha le Seirbhís FET ETB Dhún na nGall aiseolas a thabhairt maidir leis an tSeirbhís an tseachtain seo caite ag Seó Bóthair FET dar teideal Glór na Mac Léinn.

Ba é sin an dara huair a reáchtáladh an t-imeacht bliantúil FET Glór na Mac Léinn; d’éirigh go geal leis an chéad imeacht i mí Feabhra 2020 nuair a tháinig níos mó ná céad mac léinn le céile ó gach cearn den chontae le haiseolas a thabhairt. De bharr shrianta COVID-19, shocraigh foireann teagaisc agus Dearbhaithe Cáilíochta FET an ETB gurbh fhearr an t-imeacht a reáchtáil ar líne i mbliana seachas an deis a chailleadh. Bhí beagnach 150 mac léinn ábalta a bheith páirteach trí fhreastal ar sheisiúin ar líne i gcaitheamh na seachtaine.

Is é aidhm an imeachta bhliantúil sin aiseolas a bhailiú ó mhic léinn maidir le héifeachtacht sholáthar ETB Dhún na nGall lena chinntiú go bhfuil sé freagrúil do riachtanais na mac léinn. Tá sé riachtanach fosta i dtaca le polasaí agus pleanáil a fhorbairt agus le caighdeán na Seirbhíse a fheabhsú.

Joanne Whitelock, Comhordaitheoir Dearbhaithe Cáilíochta FET, ETB Dhún na nGall.

Agus í ag caint faoin imeacht dúirt Comhordaitheoir Dearbhaithe Cáilíochta FET ETB Dhún na nGall Joanne Whitelock, “Bhí lúcháir orainn an deis seo a fháil le teacht le chéile ar líne agus leis an oiread sin mac léinn ó gach cuid den tSeirbhís FET, lena dtuairimí agus lena mbarúlacha a fháil maidir lena dturas foghlama linn. Beidh muid ag déanamh anailíse ar a raibh le rá acu ina gcuid cainteanna bríomhara sna seachtainí atá le teacht le cuidiú le deiseanna foghlama amach anseo a mhúnlú laistigh dár Seirbhís.”

Iarradh ar mhic léinn machnamh a dhéanamh agus aiseolas a thabhairt ar réimse saincheisteanna ar nós an dóigh is fearr ar féidir leis an ETB Glór na Mac Léinn a chur san áireamh laistigh dá struchtúr rialachais agus bainistíochta, an dóigh ar féidir leis tacú lena sláinte agus lena leas agus iad ag filleadh ar an fhoghlaim agus  an cleachtas reatha a mheas maidir leis an dóigh a roinneann ETB Dhún na nGall eolas agus an dóigh a ndéanann sé cumarsáid le mic léinn.

Bhí siad an-dearfach agus thug siad aiseolas a bhí cuiditheach agus ábhartha; thug siad le fios go raibh lúcháir orthu a bheith páirteach san imeacht agus an deis a fháil lena gcuid tuairimí a chur in iúl.

Rinne an Fóram plé ar leas na mac léinn agus ar fhilleadh ar an oideachas, ag díriú ar na tacaíochtaí atá de dhíth ar mhic léinn ionas gur féidir leo filleadh go rathúil ar an fhoghlaim aghaidh ar aghaidh i ndiaidh thréimhse na  ríomhfhoghlama éigeandála anuraidh. Mar pháirt de ghníomhaíochtaí an imeachta iarradh ar na mic léinn suirbhéanna aiseolais a líonadh isteach agus plé a dhéanamh i ngrúpaí.

Charles Gorney, Oifigeach Oideachais Aosaigh, ETB Dhún na nGall.

Reáchtáladh an t-aiseolas fríd shuirbhé Mentimeter, rud a chiallaigh go raibh mic léinn ábalta a gcuid aiseolais a roinnt gan ainm, agus dúirt mac léinn amháin “Tá ETB Dhún na nGall cosúil le bheith sa bhaile”, fad is go ndúirt mac léinn eile, “San am i láthair, do dhaoine scothaosta cosúil linne, tá gach rud ag gabháil i gceart. Tá roinnt buntáistí breise ann dúinne mar dhaoine scothaosta sa mhéid is go bhfuil muid ag foghlaim an dóigh leis an idirlíon a úsáid agus fosta, tá muid ag bualadh le daoine eile/foghlaim agus cuidíonn sé sin uilig leis an uaigneas a shárú.”

Labhair Charles Gorney, Oifigeach Oideachais Aosaigh leis an ETB, faoin imeacht ag rá: “Glacann ETB Dhún na nGall cur chuige mac léinn-lárnach maidir le seachadadh a sholáthair oideachais agus oiliúna agus ligeann an Fóram bliantúil seo dúinn na mic léinn a chur ag croílár ár soláthar FET trína dtaithí agus a dtuairimí a lorg agus a chur san áireamh inár gcuid pleanála.”

Sna seachtainí atá le teacht, déanfar achoimre ar an aiseolas ó gach mac léinn agus cuirfear tuarascáil le chéile; déanfar tuilleadh plé ar an ábhar sin agus déanfar bearta cuí ansin. Ina theannta sin cuideoidh na torthaí le heolas a dhéanamh do phlean gníomhaíochta Dearbhaithe Cáilíochta Sheirbhís FET ETB Dhún na nGall.