Caint tugtha ag an Ollamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh mar pháirt de Sheimineár Oideachais Pobail

D’fhreastail díreach breis agus 80 rannpháirtí ar an tSeimineár bhliantúil Oideachais Pobail le gairid arna óstáil ar líne ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall.

Tugann an seimineár bliantúil sin deis dóibh siúd atá páirteach i soláthar an Oideachais Pobail, go háirithe iad siúd a úsáideann maoiniú deontais arna riaradh ag Clár Tacaíochta Oideachais Pobail an ETB faoina Sheirbhís FET, tugann sé deis dóibh a theacht le chéile agus plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann leo.

Chuir an tOifigeach Oideachais Aosaigh Martina Needham fáilte roimh na rannpháirtithe agus d’éist siad le haitheasc tosaigh ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.

Thug Áisitheoirí Oideachais Pobail Catherine Friel agus Orla Winters achoimre ar an dóigh ar chuir an Clár Tacaíochta Oideachais Pobail go mór le pobail ar fud an chontae in 2021 – tacaíodh le beagnach 200 cúrsa agus bhí thar 2,000 mac léinn páirteach iontu. Bhí formhór an tsoláthair neamhchreidiúnaithe, gearrthéarmach agus páirtaimseartha, lena n-áirítear ceardaíocht, teangacha agus garraíodóireacht ach bhí deiseanna ag rannpháirtithe fosta creidiúnú a bhaint amach i réimsí ar nós Stair Áitiúil, Léann Idirchultúrachais agus Forbairt Pobail.

Trí thacú le grúpaí oideachas pobail a sheachadadh ina gceantar féin, d’éirigh leis an Chlár cúrsaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil go háitiúil ar chostas íseal agus sa dóigh sin rinneadh freastal ar riachtanais aitheanta an phobail áitiúil.

Ba é an tOllamh Emeritus agus iarDhéan agus iarLeas-Uachtarán OÉ, Gaillimh Gearóid Ó Tuathaigh an t-eochairchainteoir; labhair sé faoin ról a imríonn soláthraithe Oideachais Pobail maidir le comhtháthú sóisialta a choinneáil agus an ról atá ag oidhreacht agus cultúr ó thaobh forbairt shóisialta de.

Mar pháirt den tseimineár fosta bhí ionchur ó mhic léinn agus ó sholáthraithe a ghlac páirt sa Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail le bliain anuas, mar aon le léirithe ceoil ó Mheitheal Ceoil Scioból na bhFear, a fuair maoiniú ó ETB Dhún na nGall.

D’éist na rannpháirtithe le Ciaran O Brien chomh maith agus é ag tabhairt achoimre ar na deiseanna oideachais allamuigh atá ar fáil ag Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh an ETB i nGartán.

Agus í ag cur deireadh leis an tseimineár, tharraing Stiúrthóir FET ETB Dhún na nGall, Cróna Gallagher, aird ar réimse tionscnamh atá ag tarlú laistigh den tSeirbhís FET, lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann le héisteacht le glór na mac léinn i dtaca le soláthar a threorú. Dúirt sí “go bhfuair ceithre Sholáthraí Oideachais Pobail is tríocha maoiniú faoin Chiste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú (MaEDF), le beagnach €300,000 dáilte don chontae.”

Le breis eolais a fháil ar an Chlár Tacaíochta Oideachais Pobail, déan teagmháil leis an Oifigeach Oideachais Pobail ar 074 9725522 nó tabhair cuairt ar https://www.donegaletb.ie/feature/programmes/community-education-2/.

An tOllamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh.