Teachtaireacht Nollag ó Phríomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall

Image of Chief Executive Anne McHugh

Agus muid ag druidim le Nollaig 2021 ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an fhoireann agus leis na mic léinn inár Scoileanna, inár nIonaid agus inár nOifigí Riaracháin ar fud an chontae; chuir siad go mór leis an obair iontach a bhí ar bun ag ETB Dhún na nGall le linn 2021 in ainneoin na gcúinsí dúshlánacha a bhí ann. Níl dabht ar bith ach gur bliain an-deacair a bhí ann do gach duine.

Ag tús na bliana 2021 bhí na scoileanna agus na hionaid druidte agus bhí cianteagasc éigeandála in úsáid agus bhí baill foirne ag obair ón bhaile.  Gan amhras, chuir muid go mór lenár scileanna TFC le linn an ama sin, agus aithním an iliomad éachtaí iontacha eile a rinneadh ag gach leibhéal dár n-eagraíocht le linn 2021 a lig d’ETB Dhún na nGall leanúint le seirbhís ar an chaighdeán is airde a chur ar fáil do mhuintir Dhún na nGall.  Caithfear aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do dhúthracht ár mball foirne, arna dtreorú ag ár mbainisteoirí, as an dóigh ar lean siad ar aghaidh le seirbhís Teagaisc agus Foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil, arb é sin príomhghnó ETB Dhún na nGall, de réir mar a d’fhan srianta i bhfeidhm ar feadh cuid mhaith den chéad chuid den bhliain. Tá na trí chuid is tábhachtaí dár n-eagraíocht á dtreorú ag ár Stiúrthóirí: Cróna Gallagher (Breisoideachas agus Oiliúint (FET)), Andy McGovern, úrcheaptha i mí Eanáir (Tacaíocht agus Forbairt Eagraíochta (OSD)) agus an Dr Martin Gormley (Scoileanna) a dhéanann sárjab maidir le baill foirne a threorú laistigh dá réimsí.

Tá a ról féin le himirt ag gach uile bhall foirne agus ní fhéadfadh ár seirbhís do phobail Chontae Dhún na nGall tarlú agus ní tharlódh sí gan an tiomantas agus an paisean a léiríonn gach duine.

Rinne muid ár seacht ndícheall leanúint ar aghaidh le linn na paindéime agus chrom ETB Dhún na nGall ar an obair in 2021. Chuir muid Ráiteas Straitéise 2022-2026 le chéile le linn na bliana i ndiaidh dul i gcomhairle le réimse leathan páirtithe leasmhara agus tá muid ag súil go mór leis na cuspóirí atá sainaitheanta sa ráiteas sin a bhaint amach.  D’éirigh linn éachtaí suntasacha eile a bhaint amach fosta, mar atá: suíomh a chur in áirithe i mBun Cranncha do thrí scoil: Coláiste Cranncha, Coláiste Chineál Eoghain agus Gaelscoil Bhun Cranncha agus rinne QQI athbhreithniú seachtrach ar chaighdeán ár Seirbhíse FET. Tá ár gcuid oibre maidir le héiteas ár scoileanna agus ár n-ionad ag leanúint ar aghaidh faoi threoir ETBI agus rachaidh an ollscoil úr a fógraíodh le déanaí dár réigiún, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, go mór chun tairbhe don chontae.

Toghadh ár gCathaoirleach úr, an Clr Barry Sweeny, le déanaí agus ba mhaith liom gach rath a ghuí air agus ar ár Leaschathaoirleach úr, an Clr Martin Harley, agus iad ag tabhairt faoina róil úra.  Gabhann muid buíochas lenár gCathaoirleach agus lenár Leaschathaoirleach atá ag dul as oifig, an tUasal Albert Doherty agus an Clr Gary Doherty, agus molann muid iad as a sárobair, in ainneoin na srianta a bhí ag cur as dóibh.

Ag an am seo fosta, stopann muid le cuimhne a dhéanamh ar na daoine nach bhfuil linn níos mó agus le comhbhrón ó chroí a dhéanamh le gach duine ar bhásaigh duine muinteartha leo le linn 2021.

Caithfidh muid a bheith dóchasach agus a bheith ag súil go mór leis an Bhliain Úr de réir mar a thiocfaidh an saol chuige féin arís.  D’fhoghlaim muid lear mór rudaí úra le linn na paindéime ach níos mó ná rud ar bith eile creidim gur fhoghlaim muid an dóigh le bheith níos cineálta dúinn féin agus do dhaoine eile.  Níl rud ar bith níos tábhachtaí ná ár leas féin agus tá neart samplaí feicthe againn den dóigh ar chóir aire a thabhairt dúinn féin ó Mhárta 2020. Caithfear leanúint ar aghaidh leis an obair sin mar gur theagasc na hamanna sin dúinn a mhór a dhéanamh de gach lá ar bhealach beag éigin.

Tháinig Colmcille ar an tsaol an mhí seo 1500 bliain ó shin agus cuimhníonn muid cé chomh hiontach agus a bhí sé mar Chonallach agus an dóigh ar oibir sé gan stad gan staonadh ar mhaithe lena ghairm ar feadh a shaoil agus an dóigh nár chaill sé dóchas riamh.

Guím gach rath ar gach aon duine don bhliain amach romhainn ach thar aon rud eile guím sláinte mhaith oraibh agus ar bhur dteaghlaigh agus ar bhur ndaoine muinteartha.  Bíodh sos sábháilte agus síochánta agaibh i gcaitheamh na Nollag agus na Bliana Úire, le bhur dtoil. Leanann muid orainn ag impí oraibhse cloí le treoirlínte sláinte an Rialtais maidir le COVID-19. Tá muid ag súil go mór le 2022 agus le leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre thar ceann mhuintir Dhún na nGall.