Réamhbhabhta Comórtais Táthúcháin Worldskills Ireland 2022 Reáchtáilte i nDún na nGall

Reáchtáladh ceann de na réamhbhabhtaí comórtais táthúcháin do chomórtas WorldSkills Ireland 2022 i Leitir Ceanainn le gairid.

Ghlac seisear iarratasóirí páirt san imeacht: ó ETB Dhún na nGall (triúr ó Bhealach Féich, ó Charn Domhnach agus ó Bhaile Dhún na nGall) agus ó ETB Phort Láirge agus Loch Garman (triúr). Teagascóirí táthúcháin in Ionaid Oiliúna ETB ar fud na tíre a d’ainmnigh na hiarratasóirí agus tá siad uilig ag tabhairt faoi chúrsaí táthúcháin lena gcuid ETBanna nó díreach i ndiaidh na cúrsaí sin a chríochnú.

Óstáladh an t-imeacht in Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn ETB Dhún na nGall agus tá sé ar cheann de na réamhbhabhtaí comórtais atá á reáchtáil ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn le deis a thabhairt do na hiontrálaithe a bheith ina rannpháirtí i mBabhta Ceannais Náisiúnta Worldskills Ireland 2022 i mBaile Átha Cliath ón 22-24 Márta 2022.

Rachaidh buaiteoirí an chomórtais náisiúnta ar aghaidh le hionadaíocht a dhéanamh d’Éirinn ag Craobhchomórtas Worldskills 2022 a bheidh á reáchtáil níos moille i mbliana in Shanghai sa tSín ón 12-17 Deireadh Fómhair.

Is é seo an chéad uair a reáchtáladh ceann de na réamhbhabhtaí comórtais d’aon réimse scile i nDún na nGall. Tharla sé sin de thairbhe gur ceapadh teagascóir sinsearach táthúcháin ETB Dhún na nGall, Cathal McGee, mar Shaineolaí WorldSkills Ireland don réimse scile Táthúcháin sa bhliain 2019. Is é Cathal an chéad bhall foirne táthúcháin ó aon ETB sa tír le bheith ceaptha sa ról sin.

Is é WorldSkills an comhar-ghlór maidir le feabhas scileanna agus forbairt scileanna i slite beatha gairme, teicneolaíochta agus seirbhísbhunaithe ar fud na cruinne. Gach dara bliain óstálann WorldSkills Craobhchomórtas Scileanna an Domhain a mheallann níos mó ná 1,600 iomaitheoir ó níos mó ná 60 tír. Ag an imeacht sin, tagann daoine óga ó gach cearn den domhan le chéile le seans a fháil bonn a bhaint ina rogha scile, bonn a bhfuil ardmheas air. Bíonn comórtais ann i 56 scil trasna réimse leathan tionscal — ó shiúinéireacht go bláthadóireacht; gruagaireacht go leictreonaic; agus cabhailobair go bácáil. Is iad na hiomaitheoirí na daoine is oilte dá gcuid piaraí agus roghnaítear iad ó chomórtais scileanna a reáchtáiltear i mballtíortha agus i mballréigiúin WorldSkills. Reáchtálfar Babhta Ceannais Scileanna Náisiúnta na hÉireann ón 22-24 Márta.

Agus é ag caint faoin réamhbhabhta comórtais, dúirt Cathal, “Reáchtáladh an comórtas WorldsSkills deireanach in 2019 in Kazan sa Rúis. Ag an chomórtas sin d’éirigh le hiomaitheoir Táthúcháin WorldSkills Ireland, Christopher Kehoe, a chríochnaigh cuid dá ullmhúcháin liomsa anseo i Leitir Ceanainn, d’éirigh leis Bonn Sármhaitheasa a bhaint ina réimse scile as a chuid iarrachtaí. Cuireadh comórtas Shanghai ar athló ar feadh bliana mar gheall ar an phaindéim dhomhanda; mar sin, tá mé ag súil go mór le tús na n-ullmhúchán Éireannach sna míonna amach romhainn agus táthar ag cur go mór leis sin anois leis na réamhbhabhtaí comórtais a bheidh á reáchtáil ar fud na tíre sna seachtainí amach romhainn.”

Ón bhliain 1950, d’ardaigh WorldSkills feasacht i measc daoine óga, mar aon lena dtuismitheoirí, múinteoirí agus fostóirí go bhfuil a dtodhchaí ag brath ar chóras éifeachtach oiliúna maidir le scileanna. Tá an fiche geilleagar is mó ar domhan ina mBaill de WorldSkills, faoi mar atá cúig de na geilleagair is mó daonra. Tríd is tríd, is ionann an bhallraíocht agus dhá thrian de dhaonra an domhain.

Agus í ag caint faoi rannpháirtíocht ETB Dhún na nGall sa chomórtas WorldSkills, dúirt Cróna Gallagher, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, “Tagann táthúchán faoin chatagóir Teicneolaíocht Déantúsaíochta agus Innealtóireachta agus tugann an comórtas an deis do cheannairí in earnáil na tionsclaíochta, sa rialtas agus san earnáil oideachais eolas agus dea-chleachtas a mhalartú maidir le hearnáil na tionsclaíochta agus oideachas gairmiúil. Buíochas le scileanna agus eolas Chathail, tá ETB Dhún na nGall ar an soláthraí is fearr oiliúna táthúcháin san earnáil breisoideachais agus oiliúna. Is é an chéad ETB a thug isteach táthúchán réaltachta breisithe tamall de bhlianta ó shin agus le gairid thug muid táthúchán róbatach isteach inár gcuid oiliúna, mar aon lenár mbaill foirne a bheith mar eiseamláirí ar an ardán scileanna, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.”

Cuirfidh buaiteoir an chomórtais Scileanna Náisiúnta i mí an Mhárta tús lena c(h)uid ullmhúchán do Chomórtas WorldSkills i mí Dheireadh Fómhair. Beidh deich seachtaine de dhianoiliúint ullmhúcháin i gceist i Leitir Ceanainn le Cathal.

Beidh Craobhchomórtas WorldSkills ar siúl ón 12-17 Deireadh Fómhair in Shanghai sa tSín. Tá níos mó eolais ar fáil ar https://worldskills2022.com/en/index/. Tá an scéal is déanaí ar fáil ar láithreán gréasáin (www.donegaletb.ie) agus ar chuntais meán sóisialta ETB Dhún na nGall (Facebook, Instagram, Twitter agus LinkedIn).

Cathal McGee, Saineolaí WorldSkills Ireland (Táthúchán) agus rannpháirtithe Réamhbhabhta Comórtais Táthúcháin WorldSkills Ireland. San áireamh fosta tá Cróna Gallagher, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall agus Vinny McGroary, Bainisteoir Oiliúna Limistéir, Seirbhís FET ETB Dhún na nGall.