Comhoibriú idir Coláistí in Iarthuaisceart na hÉireann maidir le Feithiclí Leictreacha

Tá na foirne léachtóireachta ó ETB Dhún na nGall, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (NWRC) agus Coláiste an Iardheiscirt (SWC) ag comhoibriú le speisialtóirí feithiclí leictreacha Hyundai le hullmhú don aistriú mhór atá ag teacht .i. chuig Feithiclí Leictreacha.

Cuireadh tús leis an chomhoibriú sin ag Ionad Náisiúnta Foghlama Hyundai i mBaile Átha Cliath leis an Bhainisteoir Náisiúnta Oiliúna Seirbhíse Denis McCrudden. Arsa Denis: “Tá Hyundai ag cur borradh faoina earcaíocht printíseach agus oiliúnaithe leis na róil ardoilte agus teicniúla a líonadh atá de dhíth inár gcuid gnólachtaí saincheadúnais, ach ní leor é sin.  Ag Hyundai cumasaíonn muid na teicneoirí laistigh dár líonra leis an eolas agus leis an tacar sainscileanna le coinneáil suas leis an Teicneolaíocht Feithiclí Leictreacha atá ag éabhlóidiú i gcónaí. Tá muid ag comhoibriú le LYIT agus lena coláistí gaolmhara san Iarthuaisceart fosta le cur le bonn scileanna na hÉireann i dtaca le hInnealtóireacht agus Teicneolaíocht Feithiclí Leictreacha ionas gur féidir le hearnálacha ó gach tionscal leas a bhaint as saineolas Hyundai sa réimse sin.”

Is deis iontach í seo don Iarthuaisceart ós rud é gur mhéadaigh díolacháin na gcarranna leictreacha ar fud an domhain faoi 140% sa chéad ráithe de 2021 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020, de réir na Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA).

Tá sé mar aidhm ag an chúrsa nuálach úr, a bheidh á thairiscint ag ETB Dhún na nGall agus LYIT ligean do chéimithe oibriú san earnáil seo atá ag aistriú go gasta chuig tiomáint leictrithe, mar atá Feithiclí Leictreacha. Tá sé mar sprioc ag an rialtas go mbeidh 936,000 de na carranna atá cláraithe in Éirinn leictrithe faoi 2030, rud a éilíonn tacar sainscileanna teicniúla agus innealtóireachta araon.

Arsa Charles Young, Léachtóir in LYIT: “Seo deis uathúil ar chóir dár nglúin glacadh léi agus teicneolaíocht úr ghlan a chur ar fáil. Mar gheall ar shimpliú meicniúil na feithicle leictrí agus nuacht na hinnealtóireachta úire beidh disciplín na mótarfheithiclí níos inrochtana do roinnt mhaith daoine.”

Tá Éire rud beag ar gcúl, áfach, maidir leis an oiliúint atá de dhíth a chur ar fáil d’innealtóirí agus do theicneoirí atá ag obair sa réimse sin agus déanfar dochar do chúrsaí gnó mura dtabharfar aghaidh air sin. Líonann na cláir seo an bhearna scileanna sin agus cuirfidh siad céimithe ar fáil a mbeidh an t-eolas agus na scileanna cuí acu le gaisce a dhéanamh agus leis an tionscal a láidriú.

Agus é ag caint faoin ábhar, dúirt Teagascóir Mótair ETB Dhún na nGall, Cornelius Sweeney, “Tá Roinn Mótarmheicneoirí ETB Dhún na nGall ag cur oiliúint ar theicneoirí mótarfheithiclí le níos mó ná tríocha bliain, agus anois, níos mó ná riamh, feiceann muid an deis le cuidiú le hoideachas a chur ar na hearcaigh is déanaí agus ar na teicneoirí mótair a bhfuil taithí acu maidir leis na teicneolaíochtaí is úire.”

Leag sé béim ar an dóigh a mbeidh na páirtithe oideachais agus oiliúna atá páirteach sa scéim ábalta scileanna úrnua a thabhairt do mhic léinn amach anseo de thairbhe go bhfuil deis iontach acu fríd an oiliúint sin le Hyundai rochtain a fháil ar oiliúint teicneolaíochta glaise den chineál is nua-aimseartha.

Dar le Thomas Jude, Úinéir Gnó i Leitir Ceanainn, atá ag glacadh páirte sa chlár BSc: “Oibrím dom féin agus níor cuireadh oiliúint ar bith orm riamh maidir leis an dóigh le bheith ina cheann foirne. Mar sin, tá sé an-spéisiúil a fháil amach faoin dóigh ar chóir é sin a dhéanamh agus ligeann sé dom oibriú amach na rudaí ar chóir dom díriú orthu. Tá mé ábalta fabhtanna feithiclí hibrideacha a dhiagnóisiú agus a dheisiú, custaiméirí úra a mhealladh agus comhairle a thabhairt do chustaiméirí ar mian leo EV a cheannach. Sílim go bhfuil an cúrsa seo an-úsáideach do dhaoine cosúil liomsa, fiú an dóigh a ndéantar plé ar bharraíocht spáis urláir gan a bheith in úsáid agus an costas a bhaineann le dramh a bheith agat ina luí sa choirnéal (ag cruinniú ábhair). Ní thiocfadh liom é a mholadh go leor.”

Luaigh Bainisteoir Cúnta Seirbhísí Oiliúna ETB Dhún na nGall, Colm Richardson an tábhacht a bhaineann leis an chomhoibriú idir na ceithre eagraíocht oideachais agus oiliúna agus Hyundai Ireland. “Cinntíonn ár gcomhoibriú le LYIT, NWRC, SWC agus Hyundai Ireland go bhfuil réigiún an Iarthuaiscirt réidh le hoiliúint agus oideachas a chur ar dhaoine agus muid ag ullmhú dár dtodhchaí leictrithe. Tá éiteas láidir comhoibrithe idir ETB Dhún na nGall agus páirtithe foghlama eile sa réigiún agus muid ag iarraidh oiliúint agus acmhainní ceannródaíocha a chur ar fáil do lucht saothair reatha, agus amach anseo, i nDún na nGall agus níos faide i gcéin.”

Dá mbeadh leath na bhfeithiclí a dhéantar iomlán leictreach, chuirfí 10 milliún post glan ar fud na cruinne agus ar fud an gheilleagair faoi 2030, dar leis na NA agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair. Caithfidh tionscail áitiúla dul i dtaithí ar chúrsaí fosta má táthar den tuairim go mbeidh athrú le déanamh ar an mhodh a sholáthraítear cumhacht do Threalamh Meilte Cairéil, do Threalamh Talmhaíochta agus do Threalamh Láimhsithe Ábhair, mar shampla.

Sa phictiúr ó chlé go deas: Charles Young (LYIT), Denis McCrudden (Hyundai Ireland), Alan Mitchell (NWRC), Timothy Lunn (LYIT), Brendan Corry (LYIT), Ciaran Gallagher (ETB Dhún na nGall), Niall McElchar (SWC), Cornelius Sweeney (ETB Dhún na nGall) and Colin Gibson (LYIT).