Cumhacht bhunathraitheach an oideachais allamuigh d’fhoghlaimeoirí agus don timpeallacht molta go hard ag imeacht náisiúnta a reáchtáladh

Dr Martin Gormley, Donegal ETB Director of Schools and Co-Chairperson of the National Steering Group of Centre Directors with Minister of State for Skills and Further Education Niall Collins T.D. and representatives from Education and Training Boards Ireland (ETBI), SOLAS, Limerick and Clare ETB and Mayo Sligo and Leitrim ETB.

Thug an tAire Stáit do Scileanna agus Breisoideachas, Niall Collins T.D. ardmholadh do na hIonaid Oideachais agus Oiliúna Allamuigh (OETC) atá á reáchtáil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus é ag seoladh Creat Straitéiseach úr don earnáil ar Acaill Dé Luain seo caite. Bhí an méid seo a leanas le rá aige, “d’fhéadfadh go mbeadh éifeacht bhunathraitheach ag Oideachas agus oiliúint Allamuigh ar shaol foghlaimeoirí agus ar inbhuanaitheacht a chur chun cinn”. “Is ionann seoladh na straitéise seo agus ré nua i bhforbairt an oideachais agus na hoiliúna allamuigh, tá tús áite á thabhairt do shláinte agus d’fholláine, feabhsú na foghlama, ionchuismiú a chothú agus inbhuanaitheacht a threorú, agus tá sé thar a bheith oiriúnach é a dhéanamh anseo in Acaill, áit ar bunaíodh céad Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh BOO ó tharla an t-ionad a bheith 50 bliain ar an bhfód i mbliana.”

 

Bhailigh pearsana ó ionaid oideachais allamuigh BOO le chéile don imeacht dhá lá, lena n-áirítear cruinniú de Stiúrthóirí BOO agus OETC a  tionóladh go speisialta agus seisiúin oiliúna inar leagadh béim ar leith ar inbhuanaitheacht agus ar an gclár oibre glas. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Fiona Maloney, Stiúrthóir Breisoideachais agus Oiliúna ETBI: “D’fhéadfadh eispéireas bunathraitheach allamuigh cabhrú le cumas ceannaireachta comhshaoil ár bhfoghlaimeoirí a fhorbairt agus iad a chumhachtú chun barr a gcumais a bhaint amach agus cur leis an tsochaí ag gach céim dá saol, na scileanna pearsanta agus sóisialta riachtanacha a fhorbairt ionas gur féidir leo feidhmiú mar shaoránaigh ghníomhacha, fostaithe éifeachtacha agus tionscnóirí athraithe ar mhaithe le timpeallacht níos fearr a chruthú agus todhchaí níos inbhuanaithe.”

Soláthraíonn Ionaid Oideachais agus Oiliúna Allamuigh BOO timpeallacht foghlama ina bhfuil deiseanna le haghaidh foghlaim ghníomhach, eispéireasach agus shóisialta trí ghníomhaíochtaí san uisce, ar an talamh agus san ionad. Soláthraíonn an creat straitéiseach treochlár don earnáil agus tá sé dírithe ar cheithre phríomhcholún:

  • Oideachas chun críche Inbhuanaitheachta a Threorú
  • Sláinte agus Folláine a Chur Chun Cinn
  • Scileanna Tógála Ionchuimsitheachta a Chothú,
  • Foghlaim a Fheabhsú

Tá Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh (OETC) ETB Dhún na nGall lonnaithe ar a eastát 87 acra ag Gartán.

Leag an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall agus Comhchathaoirleach Ghrúpa Stiúrtha Stiúrthóirí na nIonad béim ar an dóigh ar féidir le hoideachas agus oiliúint allamuigh cur le gach earnáil oideachais ón bhunscolaíocht go dtí an iar-bhunscolaíocht agus ar aghaidh go dtí an Breisoideachas agus an tArdoideachas. D’aithin sé go bhfuil an t-athrú sa tsamhail mhaoinithe ina dheis le hathmhachnamh a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint allamuigh le béim ar eochairscileanna, ar ionchuimsiú agus ar chonairí dul chun cinn. Dúirt an Dr Gormley “Tá an oiread sin le tairiscint ag oideachas agus oiliúint allamuigh taobh amuigh de na croíscileanna, trí fhorbairt phearsanta, trí dhúshláin timpeallachta, trí fholláine agus trí inbhuanaitheacht. Tá ETB Dhún na nGall ag súil go mór le glacadh leis an straitéis úr laistigh dár n-ionad féin ag Ionad Oideachais agus Oiliúna Allamuigh Ghartáin.”