Taispeántas Grianghrafadóireachta Chumasóige ar an Fhál Charrach

Person hanging pictures
Mic léinn Chumasóige Ghort an Choirce agus cuid de na grianghraif a thóg siad mar pháirt den tionscnamh Scoileanna Cruthaitheacha.

Óstálfaidh mic léinn Chumasóige Ghort an Choirce taispeántas grianghrafadóireachta sa tSean Bheairic ar an Fhál Charrach ón 9-13 Bealtaine.

Tá an taispeántas mar thoradh a gcuid iarrachtaí le dhá bhliain anuas, arna mhaoiniú fríd an tionscnamh Scoileanna Ildánacha ina raibh beirt áisitheoirí ó Artlink, Martha McCullough agus Rebecca Strain, ag obair leis na mic léinn lena gcuid scileanna grianghrafadóireachta a fhorbairt i dtaca leis an téama ‘An Duine Féin’.

Príomhthionscnamh de chuid Éire Ildánach is ea Scoileanna Ildánacha a bhfuil sé mar aidhm aige cumas gach páiste ildánach a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha á stiúradh ag an Chomhairle Ealaíon i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.

Agus í ag caint roimh an taispeántas, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall, Anne McHugh, “Tá mé ag súil go mór leis an taispeántas seo. Fuair mé réamhspléachadh ar an taispeántas agus ba chóir go mbeadh na mic léinn de chuid Chumasóige an-bhródúil as a bhfuil curtha le chéile acu. Tá an tacaíocht ón tionscnamh Scoileanna Ildánacha an-tábhachtach de thairbhe go ligeann sé do pháistí agus do dhaoine óga a gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta a fhorbairt agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Clár Éire Ildánach as a chuid tacaíochta.”

Tosóidh an taispeántas ag 7.00pm Dé Luain agus beidh sé á reáchtáil ag an am chéanna le seachtain náisiúnta na Scoileanna Ildánacha.

Agus í ag caint faoin imeacht iontach, dúirt Comhordaitheoir Chumasóige Ghort an Choirce Caitriona Cullen, “Tá grianghraif ar ardchaighdeán tógtha ag ár gcuid mac léinn de thairbhe go raibh siad páirteach sa tionscadal seo. Chuir an obair le Scoileanna Ildánacha go mór le pobal m’Ionaid – bhí ár gcuid mac léinn uilig, agus baill foirne fosta, páirteach agus spreagadh ardleibhéal cruthaitheachta.”

Tharraing duine de na mic léinn a bhí páirteach sa tionscadal, Vicki Ferry, aird ar na buntáistí dearfacha a bhaineann leis an tionscadal dóibh féin. “Roimh an tionscadal sin, ní dhearna mé rud ar bith eile maidir le grianghrafadóireacht seachas féiníní a thógáil! Tionscadal spraíúil a bhí ann agus bhí sé deas a bheith páirteach ann. Bhí sé thar a bheith taitneamhach agus spreagúil.”

Is é Cumasóige an clár oifigiúil oideachais, oiliúna agus taithí oibre de chuid na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais do dhaoine óga 16-20 bliain d’aois a d’fhág an scoil go luath. Tá sé cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach. Tá ionad Cumasóige Ghort an Choirce ar cheann de na sé ionad ar fud an chontae atá á mbainistiú ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall. Ba chóir do dhaoine óga a bhfuil spéis acu sa chlár scairt a chur ar Caitriona ar 074 9135218.

Is féidir níos mó eolais faoi chlár Cumasóige Dhún na nGall a fháil ar shuíomh gréasáin ETB Dhún na nGall (https://www.donegaletb.ie/feature/programmes/youthreach-programme/) nó is féidir Cumasóige Dhún na nGall a leanúint ar Facebook, Twitter nó ar YouTube.