An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)

Cuireann an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI) cúrsaí páirtaimseartha breisoideachais ar fáil dóibh siúd atá 18 mbliana d’aois nó thairis sin. Tugann BTEI an deis do dhaoine aonair foghlaim a cheangal le freagrachtaí teaghlaigh, oibre agus eile.

Tig le duine ar bith a d’fhág oideachas lánaimseartha páirt a ghlacadh i gcúrsa, ach tabharfar tús áite dóibh siúd a bhfuil níos lú ná oideachas dara leibhéal uachtarach acu. Cuireann BTEI réimse cúrsaí oideachais agus oiliúna ar fáil ag Leibhéil 4 agus 5 NFQ Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) a reáchtáiltear thar shé mhí go dtí dhá bhliain ag brath ar an chúrsa. Cuirtear gach cúrsa ar fáil sna hIonaid Bhreisoideachais agus Oiliúna agus i gcomhar leis an Chlár Oideachais Pobail sa phobal.

Táillí    

Tá cúrsaí SAOR in aisce dóibh siúd a bhfuil níos lú ná oideachas dara leibhéal uachtarach (ardteistiméireacht nó a comhionann) acu. Is iad na rannpháirtithe ata i dteideal teagasc saor in aisce ná:

  • Daoine a bhfuil níos lú na oideachas dara leibhéal uachtarach acu  
  • Daoine atá ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh     
  • Daoine a bhfuil cárta leighis iomlán acu
  • Daoine atá san fhórsa saothair agus a bhfuil leibhéil ísle scileanna acu agus daoine a bhfuil deiseanna de dhíth orthu le cur lena gcuid scileanna le dul chun cinn a dhéanamh ina ngairm  

Beidh táillí i gceist d’iarratasóirí eile.

Le heolas a fháil maidir le táillí agus cáilitheacht, déan teagmháil leis an tSeirbhís Treorach d’Aosaigh.

Sonraí Teagmhála

Comhordaitheoir Clár Páirtaimseartha FET (BTEI)

Siobhan Coughlan
Guthán:
0749120500/ 086 6023063
Ríomhphost:
siobhancoughlan@donegaletb.ie

Seirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh
Guthán: 074 9178088
Ríomhphost: adultguidance@donegaletb.ie

An dóigh le cur isteach ar chúrsa

Le níos mó eolais ar roghanna BTEI i do cheantar a fháil, le do thoil, déan teagmháil leis an tSeirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh nó cuir iarratas isteach ar líne trí www.fetchcourses.ie

EU Funding logo

Tá an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas maoinithe ag an Aontas Eorpach – NextGenerationEU.

 

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Debbie maidir le Ealaín agus Dearadh.

Léigh scéal Marie maidir le Scileanna Seirbhíse Sláinte.

Léigh scéal Kathleen maidir le Cúram Sláinte, ECDL agus Cuntais Lámhleabhar agus Ríomhairithe.

Tacaíochtaí a bhaineann leis an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ar an Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)