PLCanna    

Is dianchúrsaí bliana lánaimseartha iad cúrsaí PLC a ullmhaíonn foghlaimeoirí le haghaidh fostaíocht ag leibhéal iontrála nó le dul ar aghaidh chuig tuilleadh staidéir.  Is dóigh iontach maith é an PLC ón Ardteistiméireacht dóibh siúd atá ag iarraidh bliain eile le staidéar a dhéanamh ar réimse gairme faoi leith agus do dhaoine fásta atá ag pilleadh ar oideachas.

Is féidir le mic léinn rathúla cur isteach ar chláir tríú leibhéal ag Institiúid Teicneolaíochta agus Ollscoileanna tríd an Scéim Um Naisc Ardoideachais.

Cuirtear cúrsaí ar fáil i dtrí iar-bhunscoil arna mbainistiú ag ETB Dhún na nGall.

Cuirtear réimse cúrsaí ar fáil sna réimsí foghlama seo a leanas: Cúram Ainmhithe, Ealaín, Gnó, Cúram Leanaí, Teicneolaíocht Tógála, Scileanna Seirbhíse Sláinte, Staidéar Altranais, Spórt agus Áineas. Cuirtear gach cúrsa ar fáil ag leibhéal 5 QQI agus áiríonn gach ceann acu eilimint de thaithí oibre.

Táillí

Tá cúrsaí faoi réir tobhach chlárúcháin de €100.00. Clúdóidh an táille chlárúcháin an costas a bhaineann le leabhair, scrúduithe agus fótachóipeáil.

Tá na catagóirí seo de rannpháirtithe saor ón tobhach Rialtais táille scrúdaithe QQI de €50.00 a íoc:

  • Daoine a bhfuil cárta leighis iomlán ina seilbh acu agus a leanaí cleithiúnacha  
  • Iad siúd atá i dteideal faoin scéim deontas mac léinn  
  • Iad siúd atá ag fáil an Liúntais chun Filleadh ar an Oideachas (BTEA)

An dóigh le cur isteach ar chúrsa

Cuirtear cúrsaí ar fáil i dtrí cinn dár gcoláistí faoi láthair: Coláiste an Eargail, Leitir Ceanainn; Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir agus Gairmscoil Caitríona, Na Cealla Beaga. Lean na naisc chuig láithreáin ghréasáin na gColáistí aonair le níos mó eolais a fháil ar chúrsaí agus ar an phróiseas iarratais.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar réimse na gCúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC) atá againn sa bhróisiúr eolais seo:

Roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) do Lucht Fágála Scoile

 

Sonraí Teagmhála

Coláiste an Earagail
Comhordaitheoir PLC
Michelle O’Reilly
Guthán: 074 91 21047
Ríomhphost: errigalcollege@donegaletb.ie
láithreán gréasáin: www.errigalcollege.ie

Coláiste Ghleann na Finne
Comhordaitheoir PLC
Kathleen Boland
Guthán: 074 91 31684
Ríomhphost: finnvalleycollege@donegaletb.ie
láithreán gréasáin: www.finnvalleycollege.ie

Gairmscoil Chaitríona
Comhordaitheoir PLC
Anne Marie Luby
Guthán: 074 97 31491
Ríomhphost: stcatherines@donegaletb.ie
láithreán gréasáin: www.stcatherinesvs.ie

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Dmytro maidir le Teicneolaíocht Foirgníochta.  

Léigh scéal Catherine maidir le Staidéar Altranais.

Léigh scéal Joel maidir le Spórt, Áineas agus Aclaíocht.

Léigh scéal Behishta maidir le Staidéar Gnó

Léigh scéal Louise maidir le hEalaín, Ceardaíocht agus Dearadh.

Léigh scéal Miranda maidir le Cúram Ainmhithe.

Léigh scéal Danielle maidir le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige.

Léigh scéal Jamie maidir le Riarachán Gnó

Léigh scéal Myles maidir le Spóirt, Áineas agus Aclaíocht

Ullmhaíonn cúrsaí PLC foghlaimeoirí le haghaidh fostaíocht bhunúsach nó le dul chun cinn le níos mó staidéir a dhéanamh.

Tacaíochtaí Clár PLC

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ag déanamh ár gcúrsaí PLC.