Cúrsaí Oiliúna

Cad is Cúrsa Oiliúna ann?

Is éard is cúrsa oiliúna ann clár oiliúna struchtúrtha a mheascann foghlaim i suíomh oideachais agus oiliúna agus in ionad oibre agus é mar aidhm aige níos mó deiseanna fostaíochta a thabhairt do rannpháirtithe agus cur le coinneáil agus táirgiúlacht in earnáil na tionsclaíochta.

Cuireann cúrsaí oiliúna ar chumas foghlaimeoirí na scileanna agus an t-eolas is úire a fhoghlaim ar an láthair oibre, rud a chiallaíonn go mbíonn níos mó scileanna acu, go mbíonn siad níos infhostaithe agus go mbíonn níos mó roghanna gairme acu.

Forbraítear cúrsaí oiliúna nua ar bhonn leanúnach trasna réimse tionscal agus earnálacha le freagairt ar riachtanais scileanna atá sainaitheanta.

Táillí    

Tá cúrsaí oiliúna SAOR IN AISCE ach d’fhéadfadh roinnt táillí a bheith i gceist. Mar shampla, leis an Chúrsa Oiliúna Teiripe Scéimhe, tá foghlaimeoirí freagrach as a bhfearas smididh féin a cheannach, rud a chosnaíonn tuairim is €350 de ghnáth (is féidir plean íocaíochta a shocrú sa chás sin). D’fhéadfadh roinnt foghlaimeoirí a bheith i dteideal liúntas béilí agus taistil.

Cén dóigh a dtig liom cur isteach ar Chúrsa Oiliúna?


Tig leat cur isteach ar líne trí www.fetchcourses.ie (úsáid cúrsa oiliúna mar d’eochairfhocal) nó déan teagmháil lenár nIonad Oiliúna i Leitir Ceanainn le cur isteach ar áit.

Athraíonn na riachtanais iontrála ag brath ar leibhéal an chúrsa agus an mianach agus na scileanna atá de dhíth leis an chúrsa a chríochnú go sásúil. I gcásanna áirithe, baintear úsáid as trialacha mianaigh agus agallaimh chun rannpháirtithe a roghnú.

Is féidir amharc ar an rogha reatha de Chláir faoi Chlár na gCúrsaí Oiliúna.

Is féidir le lucht fágála scoile tuilleadh eolais a fháil ar ár gcúrsaí oiliúna sa bhróisiúr eolais seo: 

Roghanna Breisoideachais agus Oiliúna (FET) do Lucht Fágála Scoile   

 

Sonraí Teagmhála

ETB Dhún na nGall, Ionad Oiliúna Leitir Ceanainn
Guthán: 071 9120500
Ríomhphost: coursesdonegaltc@donegaletb.ie

Government of Ireland logo
Co-Funded by the European Union Logo

Tá Cúrsaí Oiliúna comhmhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. #EUinMyRegion

Scéalta ó Mhic Léinn

Leigh scéal Stephen maidir le cúrsa Gníomhaíochtaí Lasmuigh a Theagasc.

Leigh scéal James, Craig agus Stephen maidir le cúrsa oiliúna i Suiteáil Córas Cumarsáide.  

Léigh scéal Martina maidir le cúrsa oiliúna in Oibríochtaí agus Cothabháil Oibreacha Poiblí.

Léigh scéal Enya maidir le cúrsa oiliúna i dTeiripe Scéimhe.

Leigh scéal Ryan maidir le cúrsa oiliúna i Suiteáil Córas Cumarsáide.  

Léigh scéal Stuart maidir le cúrsa oiliúna in Oibríochtaí Innealtóireachta.

Léigh scéal Niall maidir le cúrsa oiliúna i dTacaíocht Cúraim Sláinte.

Léigh scéal Emma maidir le cúrsa oliiúna i Díolachán Digiteach agus Margaíocht.

An raibh a fhios agat, más rud é go bhfuil tú dífhostaithe, go dtig leat tosú ar Chúrsa Oiliúna agus do shochar dífhostaíochta a choinneáil?

Tacaíochtaí do Chláir Oiliúna

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ar ár gClár Oiliúna

GAIRMTHREOIR

Cuireann an tSeirbhís Gairmthreorach eolas, comhairle agus comhairleoireacht ar fáil atá neamhchlaonta agus rúnda maidir le roghanna gairme.