Litearthacht d’Aosaigh

Tá litearthacht níos tábhachtaí ná léamh agus scríobh. An rud atá i gceist ná a bheith in ann eolas a thuiscint a úsáid agus gníomhú dá réir. Baineann sí le héisteacht, labhairt, léamh, scríobh, uimhearthacht, agus úsáid teicneolaíochta laethúil chun cumarsáid a dhéanamh agus eolas a láimhseáil. Bíonn baint ag an litearthacht le gach gné dár saol agus bíonn tionchar mór aici ar ár bhfolláine. Athraíonn litearthacht saolta.

Cuirtear ranganna litearthachta do dhaoine fásta ar fáil ag an Clár um Fhoghlaim chun Maireachtála. Cuirtear foghlaim ar fáil do dhuine ar bith atá ag iarraidh a scileanna litearthachta a fheabhsú agus tá sé curtha in oiriúint do riachtanais gach dalta. Tá cúrsaí saor in aisce, páirtaimseartha agus seachadtar iad i dtimpeallacht thacúil chairdiúil

Creidiúnú    

Is féidir le cúrsaí a bheith creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe.

  • Is féidir creidiúnú a thairiscint trí Mhórdhámhachtainí agus trí Mhiondámhachtainí QQI ó Leibhéal 1 go Leibhéal 3.
  • Is gearrchúrsaí iad na cúrsaí neamhchreidiúnaithe atá deartha le freastal ar shainriachtanais oiliúna.

Táillí  

Tá gach cúrsa saor in aisce.

An dóigh le cur isteach ar chúrsa       

Tá Seirbhís Litearthachta d’Aosaigh Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar fáil tríd an ionad Breisoideachais agus Oiliúna is giorra duit agus i roinnt ionad pobail/acmhainní áitiúil.  Tig leat tús a chur le cúrsa ag am ar bith le linn na bliana. Comhoibríonn foghlaimeoirí agus teagascóirí le chéile agus díríonn ranganna ar riachtanais an fhoghlaimeora mar dhuine aonair.

Obair dheonach a dhéanamh

I gcásanna áirithe, ní mhothaíonn daoine réidh dul isteach i ngrúpa. Is féidir rang duine le duine a shocrú ar feadh tréimhse teoranta chun cuidiú le muinín a chothú agus mar ullmhúchán chun páirt a ghlacadh i ngrúpaí beaga. Tá oibrithe deonacha riachtanach chun an tseirbhís seo a thairiscint. De ghnáth ní dhéantar ranganna duine le duine ach 1-2 uair in aghaidh na seachtaine. Cuirtear oiliúint ar fáil do gach oibrí deonach. Má tá suim agat obair dheonach a dhéanamh chun cabhrú le duine éigin athrú a dhéanamh ina s(h)aol trí fheabhas a chur ar a scileanna litearthachta, cuir isteach foirm léirithe spéise le do thoil anseo

Litearthacht Aosach ar feadh an tSaoil (LAFS)

Is straitéis deich mbliana, uile-sochaí rialtais í Litearthacht Aosach ar feadh an tSaoil atá tiomanta le cinntiú go bhfuil na scileanna litearthachta riachtanacha ag gach duine in Éirinn le freastal ar a gcuid riachtanas, agus go gcuirtear luach ar an litearthacht agus go dtacaítear léi ag gach leibhéal den tsochaí. Sheol an tAire Simon Harris an straitéis seo in 2021 agus is féidir leat í a léamh anseo.

Bíonn tionchar ag litearthacht ar gach duine i ngach áit. Tá scileanna maithe litearthachta riachtanach más mian leat páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí. In Éirinn, tá riachtanais litearthachta neamhchomhlíonta ag níos mó ná 500,000 duine. Tá riachtanais uimhearthachta agus litearthachta dhigiteacha ag níos mó fós. Ciallaíonn sé seo go bhfuil seans ann ach mbeidh siad in ann foirm a líonadh, vótáil, treoracha ar chógais a léamh, bille a shuimiú, cabhrú le leanaí le hobair bhaile nó cuardach a dhéanamh ar an ngréasán le haghaidh faisnéise. Is féidir leis seo tionchar diúltach a imirt ar a muinín agus cosc a chur orthu páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí.

Is féidir linn go léir an bhearna litearthachta a líonadh. Tá páirt le himirt ag gach duine. Mar chuid den straitéis LAFS, cuireann Adele McElhinney, Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta BOO Dhún na nGall, oiliúint ar Fheasacht Litearthachta ar fáil. Más mian leat do pháirt a ghlacadh agus rochtain a fháil ar an oiliúint saor in aisce seo, téigh i dteagmháil le hAdele le tuilleadh eolais a fháil.

 

Tá Litearthacht d’Aosaigh comhmhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach.

Sonraí Teagmhála

Comhordaitheoir Contae 
Teresa Kealy
Guthán: 074 9153194 / 086 1364352
Ríomhphost: teresakealy@donegaletb.ie

Ionad FET Bhun Cranncha
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Claire McNicholl
Guthán: 074 9362466 / 086 1740684
Ríomhphost: clairemcnicholl@donegaletb.ie

Ionad FET Bhaile Dhún na nGall (Droim Chliabh)
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Tricia Walsh Gillespie
Guthán: 074 9740181 / 086 8207338
Ríomhphost: patriciawalshgillespie@donegaletb.ie

Ionad FET Ghort an Choirce         
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Mairead Somerville
Guthán: 074 9180871/ 086 1740677
Ríomhphost: maireadsomerville1961@donegaletb.ie

Ionad FET Leitir Ceanainn / Bhaile na nGallóglach
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Emilia Niewulska
Guthán: 074 9706097 / 086 1740683
Ríomhphost: emilianiewulska@donegaletb.ie

Ionad FET Srath an Urláir
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Georgina Thompson
Guthán: 074 9190610 / 087 7002294
Ríomhphost: georginathompson@donegaletb.ie

Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthacht
Adele McElhinney
Guthán: 074 9120521 / 086 0849284
Ríomhphost: adelemcelhinney@donegaletb.ie

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Theresa’s maidir le IT

Déan teagmháil le d’eagraí áitiúil le níos mó eolais a fháil. Beidh sé/sí sásta labhairt leat agus roghanna agus suíomhanna cuí a phlé.

Tacaíochtaí an Chláir Litearthachta d’Aosaigh

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ag glacadh páirte sa Chlár Litearthachta d’Aosaigh