Oiliúint Tráthnóna

Cuirtear cúrsaí Oiliúna Tráthnóna ar fáil trínár nIonaid Oiliúna i Leitir Ceanainn agus i nGaoth Dobhair agus i gceantair agus in ionaid for-rochtana ar fud an chontae.  Tugtar deis d’fhoghlaimeoirí cur leis an mhéid atá foghlamtha acu cheana le cur lena gcuid scileanna nó le cáilíocht aitheanta a bhaint amach.

Tá roghanna oiliúna tráthnóna ar fáil ar bhonn páirtaimseartha, tráthnóna nó dhó in aghaidh na seachtaine ar feadh suas le cúig seachtaine déag.

Tá réimse leathan cúrsaí ar fáil idir réamhchúrsaí gairide go cúrsaí Leibhéal 3 QQI go cúrsaí forbartha gairmiúla atá aitheanta ag earnáil na tionsclaíochta agus cuirtear ar fáil iad uilig in áiseanna oiliúna nua-aimseartha.

Táillí 

D’fhéadfadh foghlaimeoirí atá ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh a bheith saor ón táille.  Sa chás sin, caithfidh foghlaimeoirí a bheith cláraithe go díreach ag a gcásoifigeach ag oifig áitiúil Intreo.

Má tá tú fostaithe, d’fhéadfá a bheith saor ón táille faoin tionscnamh úr de chuid an rialtais dar teideal Scileanna le Dul Chun Cinn a Dhéanamh.

Clár Tráthnóna Féinmhaoinithe: Cuireann ETB Dhún na nGall réimse leitheadach ranganna oíche ar fáil i scoileanna agus in ionaid ar fud an chontae, ag brath ar éileamh.

Sonraí Teagmhála

Teagmhálaí maidir le hOiliúint Tráthnóna
Tricia Fitzpatrick
Guthán: 074 9120527
Ríomhphost: eveningclassesltc@donegaletb.ie

Cén dóigh a dtig liom iarratas a chur isteach?

Tabhair cuairt ar ár gcúrsa-aimsitheoir le do thoil le fáil amach cad iad na cúrsaí tráthnóna atá ar fáil i do cheantar áitiúil nó cuir isteach ar líne trí www.fetchcourses.ie   

Scéalta ó Mhic Léinn

Léigh scéal Mary maidir le Riarachán Gnó

Léigh scéal Dylan maidir le PRINCE2 Foundation

Léigh scéal Martina maidir le Tacaíocht Cúraim Sláinte.

EU Funding logo

Maoiníonn an tAontas Eorpach oiliúint tráthnóna – NextGenerationEU.

Tacaíochtaí Oiliúna Tráthnóna

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fail agus tú ar an Chlár Oiliúna Tráthnóna