Soláthraithe Sainoiliúna

Tacaíonn ETB Dhún na nGall le STPanna maidir le hoiliúint agus seirbhísí gaolmhara atá dírithe ar fhoghlaimeoirí a chur ar fáil, le cuidiú le daoine aonair dul isteach sa mhargadh fostaíochta den chéad uair nó le dul isteach arís ann. Díríonn STPanna ar riachtanais oiliúna sainaitheanta na ndaoine atá faoi mhíchumas atá á bhfágáil amach as an mhargadh fostaíochta agus atá faoi mhíbhuntáiste maidir le cláir ghairmoiliúna.    Cuirtear na cláir sin ar fáil ag Leibhéal 3 go dtí Leibhéal 5 QQI.

Tá cóimheas feabhsaithe idir foghlaimeoirí agus teagascóir ar fáil ar na cláir sin.

An rud a dhéanann Soláthraithe Sainoiliúna ná go mbaineann siad ar shiúl nó go sáraíonn siad bacainní a bhíonn os comhair foghlaimeoirí faoi mhíchumas go díréireach i dtimpeallachtaí foghlama eile. Tugtar aghaidh orthu agus téitear i ngleic orthu trí:

  • Riachtanais a bhaineann le rochtain                                                           
  • Riachtanais a bhaineann le hábhar oiliúna agus fad na hoiliúna
  • Riachtanais oiliúna neamhghairme

Sonraí Teagmhála

Seirbhís Eolais agus Treoir d’Aosaigh
Guthán: 074 9178088
Ríomhphost: adultguidance@donegaletb.ie

Tá conradh ag ETB Dhún na nGall le trí Sholáthraí Sainoiliúna le cúrsaí oiliúna a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil níos mó tacaíochta de dhíth orthu ná mar a bheadh ar fáil i soláthar oiliúna neamhspeisialaithe:

Líonra Náisiúnta Foghlama, Co. Dhún na nGall

Páirc Ghnó Rossview, Bóthar an Phoirt,  Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Guthán:  074 91 68288
Ríomhphost: letterkenny@nln.ie

láithreán gréasáin:National Learning Network 

TACA HSE Seirbhísí Oiliúna, Co. Dhún na nGall

Aonad 6, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Doire Beaga
Guthán: 074 95 32611
Ríomhphost: rosaleen.mcgarvey@hse.ie

Ascain

Inis Eoghain, An tIarthuaisceart, Iarthuaisceart Dhún na nGall
Guthán:  074 91 28872
Ríomhphost: rosaleen.gallagher@hse.ie nó gemma.mcloone@hse.ie

Tacaíochtaí STP

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ar an Chlár STP.