Rinne Gairmscoil Mhic Diarmada ar Árainn Mhór a 35ú breithlá a cheiliúradh le hoscailt oifigiúil ghairdín nua agus seoladh suíomh gréasáin agus aip nua do thuismitheoirí ar Déardaoin, an 11 Meán Fómhair seo caite.
Ainmnithe i ndiaidh an Dr Eugene McDermott a bhí i gceannas ar an choiste gníomhaíochta a thug bunú na scoile orthu, d’oscail scoil Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall a doirse go hoifigiúil ar an 8 Deireadh Fómhair 1990, i ndiaidh blianta fada de stocaireacht dhian ón Athair McDermott agus ó thuismitheoirí an oileáin.
Roimhe sin, b’éigean do dhaoine óga an t-oileán a fhágáil ag 12 bhliain d’aois chun freastal ar scoileanna cónaithe nó ar institiúidí ar an tír mór.
Chuir tacaíocht an Phríomhfheidhmeannaigh Seán Ó Longáin agus an Choiste Gairmoideachais i gContae Dhún na nGall mar a thugtaí air ag an am (ETB Dhún na nGall anois) an scoil ar an fhód, rud a lig do dhaoine óga an oileáin a n-oideachas dara leibhéal a chríochnú agus iad ina gcónaí sa bhaile.
Tríocha cúig bliain ina dhiaidh sin, leanann Gairmscoil Mhic Diarmada d’oideachas ardchaighdeáin a chur ar fáil ar Árainn Mhór. Is athrú suntasach é go bhfuil an patrún fadtréimhseach de scoláirí ag fágáil an oileáin fá choinne oideachas dara leibhéal tiontaithe thart anois, le daoine óga ón tír mór ag teacht isteach go laethúil chun freastal ar an scoil dhátheangach seo a bhfuil acmhainní cearta aici.
Cinntíonn a sruthanna dátheangacha, Gaeilge agus Béarla, gur féidir le scoláirí foghlaim ina dteanga roghnaithe agus oidhreacht chultúrtha shaibhir an oileáin á caomhnú ag an am chéanna.
Chomh maith le naisc láidre farantóireachta agus cultúr áitiúil bríomhar, tá Árainn Mhór anois mar áit ina n-éiríonn go maith leis an oideachas, ag cothú an bhairr feabhais acadúil agus an mhothúcháin dhomhain de mhuintearas araon.
Sa lá atá inniu ann, freastalaíonn an scoil ar riachtanais an phobail áitiúil trí réimse clár a chur ar fáil, lena n-áirítear an tSraith Shóisearach nua, an Idirbhliain, an Ardteistiméireacht, agus an clár Comhionannas Deiseanna i Scoileanna a Sheachadadh (DEIS).
Dúirt Príomhoide Ghairmscoil Mhic Diarmada, an tUasal Derval Newman, “Is am fíor-speisialta é seo i saol Ghairmscoil Mhic Diarmada. Agus muid ag ceiliúradh 35 bliana de bharr feabhais san oideachas anseo ar Árainn Mhór, ní hamháin do dhaoine óga an oileáin, ach do scoláirí a thaistealaíonn ón tír mór fosta, amharcann muid siar le bród ar ár dturas go dtí seo agus amharcann muid chun tosaigh le fuinneamh agus le cuspóir athnuaite.”
“Is siombailí fáis, ceangail agus pobail iad oscailt ár nGairdín nua Bithéagsúlachta agus Inbhuanaithe, mar aon le seoladh ár suíomh gréasáin nua. Léiríonn na hócáidí tábhachtacha seo croíluachanna ár scoile ETB: cúram, meas, comhionannas, pobal, agus tiomantas do bharr feabhais san oideachas. Tá muid bródúil an lá seo a cheiliúradh leis na scoláirí, an fhoireann, na teaghlaigh, agus an pobal níos leithne atá ina gcuid dhílis dár scoil.”
Cuireadh tús le hobair ar an ghairdín nua i mí na Samhna 2024, mar chuid de thionscadal bithéagsúlachta le TG4 don tsraith faisnéise atá le teacht, Cúl an Tí. Bhí an gairdín deartha ag an gharraíodóir, an dearthóir tírdhreachaithe, agus an t-údar Éireannach Mary Reynolds, an t-iomaitheoir is óige a bhain bonn óir ag an Chelsea Flower Show.
Dearadh é ní hamháin fá choinne cúrsaí foghlama, folláine, bithéagsúlachta, agus inbhuanaitheachta, ach mar spás maireachtála fosta fá choinne rannpháirtíocht scoláirí, oideachas comhshaoil, agus gníomhaíocht. Léiríonn sé tiomantas méadaithe na scoile do ghníomhú ar son na haeráide agus do nascadh leis an dúlra.
Tá an scoil buíoch go háirithe do na daoine a rinne urraíocht ar an ghairdín nua, lena n-áirítear Pleanáil Teanga Árainn Mhóir agus Noreen Muldowney, Maire McGuinness, Edward Gallagher, Emma McGarvey (The Cope, An Clochán Liath), Dara McShane (Comhar Creidmheasa na Rosann), Brian agus Seamus O’Donnell (O Donnell’s DIY), Paddy McBride, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus Eamon McGill.
Ag labhairt di faoin cheiliúradh, dúirt Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh, “Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a dhéanamh le gach duine i nGairmscoil Mhic Diarmada ar an lá breithe iontach speisialta seo don scoil. Tá sé tábhachtach an lá stairiúil seo a cheiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn ollmhór atá déanta ó d’oscail ár scoil dara leibhéal i 1990. Is eiseamláir iad an suíomh gréasáin agus an aip nua ar an bhfás agus ar an bhforbairt atá tagtha ar an scoil thar na blianta.”
“Is cuid ríthábhachtach de phobal ar bith iad scoileanna, agus tá Gairmscoil Mhic Diarmada chun tosaigh i rannpháirtíocht an phobail, rud atá léirithe go hiontach inniu sa ghairdín bithéagsúlachta agus inbhuanaithe seo. Guím blianta fada taitneamhacha as an ghairdín agus, ar ndóigh, as na háiseanna iontacha atá againn anseo sa scoil, ar phobal na scoile ar fad. Go n-éirí go geal libh.”
Is féidir an suíomh gréasáin nua scoile a fheiceáil ag www.gsmd.ie/.