Corn Fhóram Díospóireachta Sóisearach ETB Dhún na nGall 2026 buaite ag Coláiste na Daoile

Group of studnts and teachers, two holding a cup and others holding medals.
Group of studnts and teachers, two holding a cup and others holding medals.
Buaiteoirí Chomórtas Chorn Fhóram Díospóireachta Sóisearaí ETB Dhún na nGall, Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth le hAnne McHugh, Príomhfheidhmeannach, an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna agus a gcuid múinteoirí Tara Connolly Uas. agus Donna O’Brien Uas.

Tá Corn Fhóram Díospóireachta Sóisearach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall 2026 buaite ag Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth.

B’iad Magh Éne i mBun Dobhráin a bhain an chraobh i gcomórtas an Phláta Shóisearaigh agus b’iad Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir a bhuaigh comórtas sóisearach an Róisbhabhla.

B’iad na foirne a tháinig sa dara háit in imeacht Fhóram na Díospóireachta Sóisearaí ná Gairmscoil Mhic Diarmada (oileán Árainn Mhór), i gcomórtas an Choirn, Coláiste na Carraige, i gcomórtas an Phláta, agus Gairmscoil Naomh Caitríona (Na Cealla Beaga), i gcomórtas an Róisbhabhla.

Bronnadh Corn an Phríomhfheidhmeannaigh ar an díospóir ab fhearr ar an lá ar Róise Nic Ruaidhrí ó Choláiste Ailigh, Leitir Ceanainn.

Three peopel, one studnets holding a cup and two adults.
Buaiteoir Chorn an Phríomhfheidhmeannaigh don duine is fearr i mbun díospóireachta ar an lá, Róise Nic Ruaidhrí ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn, le Comhordaitheoir Éitis ETB Dhún na nGall, Eamonn Ryan, agus an Phríomhfheidhmeannach Anne McHugh.

Bronnadh an gradam a bhí urraithe ag Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) ar mhúinteoir meantóra Fhóram na Díospóireachta Sóisearaí an Dochtúir Máire Benedict, múinteoir i nGairmscoil Mhic Diarmada (oileán Árainn Mhór). Ba í Joanne Irwin, Leas-Ard Rúnaí TUI, a bhronn an gradam seo.

Ag an imeacht díospóireachta do dhaltaí sóisearacha ETB Dhún na nGall Dé Máirt, 10 Samhain seo caite, bhí foirne ó dhá scoil déag i mbun iomaíochta sna babhtaí ceathrú ceannais tosaigh. B’iad sin Gairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall, Coláiste na Carraige, Coláiste Chranncha i mBun Cranncha, Coláiste Ailigh agus Coláiste an Earagail i Leitir Ceanainn, Coláiste na Daoile i Ráth Bhoth, Coláiste Ghleann na Finne i Srath an Urláir, Gairmscoil Mhic Diarmada ar Oileán Árainn Mhór, Coláiste Mhagh Éne i mBun Dobhráin, Pobalscoil Bhun an Phobail, Coláiste na Maoile Rua, i mBaile na nGallóglach agus Gairmscoil Naomh Chaitríona sna Cealla Beaga.

Chuaigh na daltaí i mbun díospóireachta ar son agus in éadan raon rún a léiríonn na cúig luach éitis a bhaineann le scoil ETB: sármhaitheas san oideachas, cúram, comhionannas, pobal, agus meas. I measc na rún bhí:

Group of students and staff with a plate and medals.
Buaiteoirí i gComórtas an Phláta, Coláiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin leis an Dr. Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna, Príomhfheidhmeannach Anne McHugh, agus a múinteoir Glyn Garvin.
  1. Sármhaitheas san Oideachas: Ba chóir uair an chloig de ghníomhaíocht coirp a bheith ag na daltaí le linn lá scoile.
  2. Cúram: Teastaíonn cosaint níos láidre ó thomhaltas iomarcach siúcra ó leanaí.
  3. Comhionannas: I sochaí na hÉireann, ba cheart go dtabharfaí an t-aitheantas agus an tacaíocht chéanna do na taibh-ealaíona agus a thugtar don spórt.
  4. Pobal: Leis an Intleacht Shaorga beidh ár bpobail níos cruthaithí mar thoradh uirthi. / Ba cheart do shiopaeirí gnólachtaí áitiúla a roghnú in ionad miondíoltóirí domhanda ar líne.
  5. Meas: Cuireann an tsochaí nua-aimseartha róluach ar an gcuma atá ar dhuine seachas ar an gcarachtar a bhaineann le duine.

ETBanna Dhún na nGall Comhordaitheoir maidir le hÉiteas, Eamonn Ryan thug sé dá aire, “Le Fóram Díospóireachta Sóisearach ETB Dhún na nGall tugtar deis uathúil do scoláirí ETB ar fud an chontae teacht le chéile agus díospóireacht mheasúil a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hábhar imní náisiúnta agus áitiúil trí lionsa ár gCroíluachanna. Bhí caighdeán na ndíospóireachtaí a bhí ag na daltaí dara bliana seo thar barr.”

“Ardú croí é ár ndéagóirí a fheiceáil ag smaoineamh go criticiúil agus á gcur féin in iúl go muiníneach agus go measúil ar shaincheisteanna atá tábhachtach dóibh,” ar seisean.

Group of studnets and staff with a bowl and medals.
Buaiteoirí i gComórtas an Bhabhla Róis, Coláiste Ghleann na Finne, Srath an Urláir leis an Dr Martin Gormley, Stiúrthóir Scoileanna, Príomhfheidhmeannach Anne McHugh agus an múinteoir Ciara Gillespie Uas.

Dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, ar seisean, “Is eispéireas iontach é ár n-imeacht, an Fóram Díospóireachta Sóisearaí dár ndaltaí go léir agus bhí na daoine a ghlac páirt in imeacht an lae inniu cóitseáilte agus ullmhaithe go maith do na díospóireachtaí ag a gcuid múinteoirí. Bhí lúchair orainn fáilte a chur ar ais roimh bhaill dár bhfoireann atá ar scor, mar aon le baill foirne eile ETB, a chuidigh chun bheith ina gCathaoirligh agus chun Breithniúnas a dhéanamh i rith an lae. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a dtacaíocht inniu agus chomh maith leis sin ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis nadaltaí breise ar gach ceann de na panéil mholtóireachta a chinntigh rannpháirtíocht ghuth na ndaltaí.”

Leis an imeacht seo do dhaltaí sóisearacha ETB Dhún na nGall comhlánaítear Fóram Díospóireachta Sinsearaí ETB, a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta gach bliain.

Bainistíonn Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall cúig cinn déag de na seacht n-iar-bhunscoil is fiche sa chontae agus is páirtí iontaobhaí é fosta ar ocht bPobalscoil agus Scoil Chuimsitheach eile sa chontae. D’fhreastail breis agus 6,000 dalta ar scoileanna ETB Dhún na nGall sa bhliain acadúil seo caite.

Four women
Faigheann Gairmscoil Mhic Diarmada (oileán Árainn Mhór) an múinteoir, an Dr. Máire Benedict an duais a bhí urraithe ag Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) don mhúinteoir meantóra de chuid an Fhóraim Díospóireachta Sóisearaí, Joanne Irwin. San áireamh anseo freisin tá an múinteoir faoi oiliúint Katie Carron Uas. agus Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall Anne McHugh.