Seolann an tAire Lawless an Chéad Chomhdháil ar Thodhchaí Dhigiteach an Iarthuaiscirt

Six people standing side by side.
Minister James Lawless speaking at a microphone.
Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD, an chéad chomhdháil riamh de chuid NW 2025: Comhdháil ar Ár dTodhchaí Dhigiteach a Mhúnlú.

Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless TD, an chéad chomhdháil riamh de chuid NW 2025: Ár dTodhchaí Dhigiteach a Mhúnlú, go hoifigiúil, ar champas Leitir Ceanainn Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) Déardaoin, an 23 Deireadh Fómhair 2025. Thug an ócáid le chéile príomhúdair ó réimsí an oideachais, an tionscail agus an rialtais chun amharc ar an dóigh a bhfuil an claochlú digiteach ag athrú réigiún trasteorann an Iarthuaiscirt.

Arna óstáil ag OTA thar ceann Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt (BOTI), pléadh na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le luas tapa an athraithe theicneolaíoch ag an chomhdháil. Is comhaontas straitéiseach é BOTI idir na ceithre sholáthraí oideachais tríú leibhéal atá maoinithe go poiblí i Réigiún Iarthuaisceart na Cathrach: Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA), Ollscoil Uladh (OU), Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt, agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB).

Ba chuid de thionscadal Mhol Oiliúna Conair Fostaíochta Digiteach an Iarthuaiscirt (NW DEPTH) an ócáid, arna tacú ag an Chlár PEACEPLUS atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE). Bhí eochairaithisc, díospóireachtaí painéil saineolaithe, agus cás-staidéir ann a léirigh an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir an t-oideachas agus an fhiontar chun lucht saothair atá oilte go digiteach a fhorbairt.

Sheol an tAire Lawless an chomhdháil “Tá tionchar fíor ag comhpháirtíocht BOTI ar fud an Iarthuaiscirt, ag tacú le hardú scileanna, athoiliúint, taighde agus nuálaíocht chun freastal ar riachtanais na bhfostaithe, na bhfostóirí, agus an gheilleagair i gcoitinne atá ag athrú i gcónaí. I ndomhan ina bhfuil an teicneolaíocht ag athrú go gasta, ní hamháin go bhfuil an cumas chun oideachas a oiriúnú agus a ailíniú le héilimh an tionscail luachmhar, is buntáiste straitéiseach é.

“B’ardán cumhachtach í an chéad Chomhdháil NW2025, Ár dTodhchaí Dhigiteach a Mhúnlú, chun dea-chleachtas a roinnt, nuálaíocht a thaispeáint, agus dul i ngleic go díreach leis na deiseanna agus na dúshláin atá romhainn, go háirithe i réimsí cosúil le hIntleacht Shaorga agus cibearshlándáil. Is aitheantas breise an ócáid ​​inniu do thábhacht an chomhoibrithe trasteorann a dhaingniú agus díriú ar threochtaí atá ag teacht chun cinn.”

Dúirt Aire Geilleagair Thuaisceart Éireann, an Dr Caoimhe Archibald: “Molaim na heagraithe as comhdháil dhinimiciúil, thrasteorann a thionól a thug comhpháirtithe le chéile ó gach cearn den Iarthuaisceart chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le dúshláin na hintleachta saorga. Tá comhoibriú mar seo ríthábhachtach chun leas iomlán a bhaint as todhchaí dhigiteach, todhchaí a chuireann na poist mhaithe agus an fás cuimsitheach ar fáil.”

D’oscail Uachtarán OTA, an Dr Orla Flynn, an chomhdháil, agus chuir sí fáilte roimh an Aire agus na toscairí agus leag sí béim ar ról na hollscoile i dtaca le tacaíocht a thabhairt do nuálaíocht ar fud an Iarthuaiscirt; “Ag OTA, amharcaimid ar chlaochlú digiteach mar riachtanas réigiúnach agus náisiúnta araon. Léiríonn imeachtaí ar nós NW2025 cé chomh láidir is atá an chomhpháirtíocht ar fud Iarthuaisceart na hÉireann maidir le dul i ngleic le dúshláin chomhroinnte agus lucht saothair oilte, oiriúnaitheach a fhorbairt. Trí oideachas, taighde agus fiontar a ailíniú, tá muid ag cuidiú leis an réigiún seo a chur ar thús cadhnaíochta i dtodhchaí dhigiteach na hÉireann.”

Person talking at a podium
NW 2025: Comhdháil ar Ár dTodhchaí Dhigiteach a Mhúnlú, cathaoirleacht déanta ag an chraoltóir Seán O’Rourke.

I measc imeachtaí an lae, a rinne an craoltóir Seán O’Rourke cathaoirleacht orthu, bhí ionchuir ó raon cainteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Thug Matt Cooper, Príomhfheidhmeannach Volta in Albain Nua, Ceanada, an príomhóráid ar maidin, Leas a Bhaint as Intleacht Shaorga chun Fiontair Nuálacha Nua a Thógáil, a scrúdaigh an dóigh a bhfuil an intleacht shaorga ag athrú tionscail agus ag cruthú deiseanna gnó nua, le fíorcheachtanna do réigiún an Iarthuaiscirt ó dhúshláin chomhchosúla a bhí roimh Albain Nua.

Clúdaíodh ábhair ar nós nuálaíocht dhigiteach, intleacht shaorga, forbairt scileanna, agus cibearshlándáil sna díospóireachtaí painéil. Ghlac saineolaithe ó ar fud na hÉireann, Thuaisceart Éireann, agus Cheanada páirt, ag roinnt léargas ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, creataí eiticiúla don intleacht shaorga, agus an gá le comhoibriú trasearnála, atá ag fás.

Agus é ag machnamh ar an ócáid, dúirt Paul Hannigan, Leas-Uachtarán um Rannpháirtíocht Trasteorann agus Ceannaire Choláiste OTA Dhún na nGall, “Léiríonn rath an imeachta inniu tiomantas domhain trasna institiúidí agus earnálacha chun oibriú le chéile ar bhealach praiticiúil agus inbhuanaithe. Tá deis uathúil ag an Iarthuaisceart leas a bhaint as a éiceachóras trasteorann chun nuálaíocht agus fostaíocht dhigiteach a spreagadh. Cinntíonn comhoibriú ag an leibhéal seo go bhfuil buntáistí an dul chun cinn dhigitigh le mothú ar fud ár bpobal agus ár ngeilleagair.”

Dúirt Leas-Seansailéir Ollscoil Uladh, an tOllamh Paul Seawright OBE: “Tá áthas ar Ollscoil Uladh a bheith ina comhpháirtí de Bhraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt, a d’óstáil an chéad chomhdháil seo ag OTA Leitir Ceanainn, a ghlac guthanna saineolaithe le chéile chun plé a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil an claochlú digiteach ag athmhúnlú réigiún trasteorann an Iarthuaiscirt. Mar ollscoil, tá muid tiomanta do nuálaíocht a spreagadh agus comhoibriú a chothú ar fud an oideachais, na tionsclaíochta agus an rialtais chun athrú bríoch, buan a chruthú inár sochaí. Cuideoidh an t-eolas a roinnfear ón chomhdháil seo le forbairt lucht saothair atá oilte go digiteach atá réidh le tionchar a imirt i ndomhan digiteach atá ag athrú go gasta agus chun cuidiú le todhchaí níos nasctha, níos inbhuanaithe a chur ar fáil do gach duine.”

Six people standing side by side.
Paul Hannigan,Leas-Uachtarán um Rannpháirtíocht Trasteorann agus Ceannaire Choláiste OTA Dhún na nGall; An Dr Catherine O’Mullan, Stiúrthóir Curaclaim agus Caighdeán Acadúil ag NWRC, An tAire James Lawless, TD; Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach ETB Dhún na nGall; An Dr Orla Flynn, Uachtarán OTA; An tOllamh Paul Seawright OBE, Leas-Seansailéir, Ollscoil Uladh.

Leag Leo Murphy, Príomhoide agus POF NWRC béim ar an mhéid seo a leanas: “Is í an Intleacht Shaorga inneall an fháis anois. Léirigh comhdháil an lae inniu an dóigh, trí BOTI agus an tionscnamh NW DEPTH atá á thacú ag PEACEPLUS, is féidir linn oideachas a ailíniú le gnó, comhpháirtíochtaí trasteorann a neartú, agus borradh a chur faoi ghlacadh freagrach le hintleacht shaorga do FBManna agus do Phobail, ag cur le píblíne tallainne athléimneach agus le poist ardchaighdeáin don Iarthuaisceart.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna (ETB) Dhún na nGall, Anne McHugh: “Cuireann ETB Dhún na nGall luach mór ar a chuid oibre lenár gcomhpháirtithe oideachais i mBraisle Oideachais Threasaigh an Iarthuaiscirt, toisc go ndéanann an comhoibriú seo tairbhe mhór dár gcontae agus dár réigiún ar réimse leathan bealaí. Beidh muid in ann ár gcomhoibrithe agus ár soláthar oideachais agus oiliúna amach anseo a mhapáil sna blianta amach romhainn a bhuíochas leis an ardán a ligeann dúinn inniu na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann le luas gasta an athraithe teicneolaíochta a phléigh.”

Mheall comhdháil NW 2025: Ár dTodhchaí Dhigiteach a Mhúnlú breis is 300 rannpháirtí, lena n-áirítear fostóirí digiteacha, lucht déanta beartas, oideoirí, agus páirtithe leasmhara forbartha réigiúnaí. Ba í seo an chéad cheann i sraith phleanáilte comhdhálacha bliantúla faoin tionscnamh NW DEPTH, atá deartha chun móiminteam a thógáil thart ar chomhoibriú digiteach agus forbairt scileanna i Réigiún Iarthuaisceart na Cathrach.