Foirgneamh Scoile Little Angels Ainmnithe do Ghradam Náisiúnta Rogha an Phobail 2026

Part of the outside of a school.

Part of the outside of a school.

Tá Scoil Little Angels i Leitir Ceanainn ainmnithe do Ghradam Rogha an Phobail Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) 2026. Tá sí ar cheann de cheithre ainmniúchán is daichead agus an t-aon scoil amháin atá san áireamh sa chuardach seo in 2026 don fhoirgneamh nó don spás poiblí is fearr le muintir na hÉireann.

Deartha ag gnólacht ailtireachta Éireannach, McGarry Ní Éanaigh Architects, a bhfuil duaiseanna bainte acu, freastalaíonn an foirgneamh scoile nua seo “ar phobal seanbhunaithe de dhaltaí a bhfuil riachtanais oideachais éagsúla acu. Tá sé mar aidhm aige an méid a ba chóir a bheith i scoil den chineál sin, chan amháin a feidhm ach a mothú, a hatmaisféar agus a carachtar, a léiriú. Tá seomra is fiche suite i dtrí sciathán amach ón phríomhbhealach. Déanann siad seomraí tionóil, riaracháin, oideachais, caitheamh aimsire agus teiripeacha, a roinnt. Tá an scoil suite i dtírdhreach de ghairdíní céadfacha, cosáin agus limistéir thaitneamhacha.”*

Tá an vótáil oscailte anois, agus de réir mar a leanann ETB Dhún na nGall ag obair i dtreo glacadh le pátrúnacht scoil Little Angels an Fómhar seo**, tá sé ag iarraidh ar phobal Dhún na nGall vótáil anseo: https://www.riai.ie/public-choice-award-poll/. Tá na hainmnithe liostaithe in ord aibítre, mar sin ba chóir dóibh siúd atá ag vótáil scrolláil go dtí ‘Scoil Riachtanas Oideachais Speisialta Nua, Leitir Ceanainn’.

Sonraí na híomhá: Grianghrafadóireacht Richard Hatch do mgné architects.

* https://www.riai.ie/public-choice-award-poll/#gallery-25

** https://www.donegaletb.ie/2025/12/18/donegal-education-and-training-board-to-assume-patronage-of-the-little-angels-school/